Top Issue 1-2024

20 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

Nollaig Bán san Antartic

le Séarlas De Gaeilf

Tá sneachta ar an talamh ach tá mé i bhfad ó mo mhuintir agus tuaisceart Thír Chonaill, m’áit dúchais.
Ilchríoch nó mór-roinn timpeall ar an Mol Theas is í Antartaice, tá an mór roinn comh mór le Meiriceá agus Meisició le chéile!
Ba é Roald Amundsen as an Iorua an chéad duine a shroich an Mol Theas i 1912.
Thiocfadh liom dul ar réidh fa choinne seachtain ag tabhairt cuntas daoibh ar an áit seo agus na scéaltai a bhainn le na daoine a sheol an fhad seo.
shiúl cuid fhad len Mol Theas agus fuair an chuid eile bás ar a mbealaigh, agus bhí daoine eile a bhí taobh istigh de cúpla mile do ach siocar easpa bia agus aimsir olc bhí acu casadh ag dhul na bhaile.
Seo thíos liosta de na hÉirinnigh is cailiúla a tháinig fhad len áit uaigneach seo:

Ernest Shackleton – Cill Dara
Tom Crean – Ciarraí
Edward Bansfield – Corcaigh
Francis Crozier – An Dún
Robert McClure – Loch Garman
Francis McClintock – Co. Lú
Henry Kellett – Tiobraid Árann.

Ach creid é nó ná chreid, fuair mé féin fhad len áit seo, agus dfhág mé Antartica slán, le mo chuid meadhra agus ladhara uilig!
Is é an rud is measa faoi an turas seo nó ag fáil fhad leis an mór roinn, le seo a dhéanamh caithfidh tú bád a fháil thaire an Drake Passage – farraige garbh, thig an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin le chéile. char chor go mbeadh cead ag an bheirt casadh le chéile ar chor ar bith, cosúil le dhá mhadadh crosta, cha dtig iad a choinneál suaimhneach.
Thóg siad agus tharraing siad agus chraith siad an bhád fa choinne dhá lá, thit pictiúirí de na ballaí agus thit daoine idir óg agus aosta amach as leapacha! achan pláta agus cupán a shuí sa chistineach briseadh iad i ngiotaí ach ag amharc siar ar rudaí, cha raibh sin ró olc, ach nuair a thosaigh an ghaoth ag tógailt na tonnta agus ag briseadh iad síos thaire an bhad scaraigh seo mé féin, bhí daoine tinn thart fá dtaobh domh ach tá mé fhéin cleachtaithe len fharraige agus char chur seo amach nó isteach orm - dá mbeinn ag caitheamh amach iomlán mo ghoile, cha bheinn abalta dháth taobh amuigh a fheiceál ach tá an t-ádh liom go dtáinig mé amach as beo agus go bhfuil mé ábalta a rádh go raibh mé i lár leithéid de stoirm, 10-11 ar an scála Beaufort .
Nuair a shocair an fharraige, caidé do bharúil a bhí romham, ach rí na spéire – an albatras mhór. shil na mairnealaigh í riamh gur anamnacha na mairnéalaigh bhochta a bathadh a bhí iontu, agus bí cén bhád a lean siad go mbeadh ádh leo ar a dturas!
Chan mé an chéad fhear de bhunadh Éireannach a chonaic iad agus chan mé an duine durnach ach a oiread – ach tá mé ábalta na focail cluiteach a dúirt Robert Cushman Murphy ar bhord an Brig Daisy 1912 a rá go bródúil – ‘I now belong to a higher cult of mortals. for I have seen the albatross.’
Achan lá fa choinne 10 lá chaith mé thart fa 4 uaire ar Antartica, shiúl mé i measc ceithre chineál peingiuin, ach leag mé súil ar an King Peingiuin amuigh ag siúl maidin amháin, de gnáth char chor go mbeadh siad i dtír an tám seo den bhliain, ach cha raibh deifir ar bith ar an buidheán beag seo a sheasamh 90cm ar airde. ag amharc air shílfeadh gur fear beag déanta a bhí ann le culaith galanta dhubh, carbhat órga agus mufal cluasa den dháth chéanna ar a cheann. Sheasaigh sé ansin chomh brodúil. D’amharc sé orm agus d’amharc mise ar ais ar, cha raibh eagla air romham, agus i ndiaidh tamall thiompaigh sé agus shiúl sé leis i dtreo an fharraige fuar.
Dá bhfeiceadh nduine de mo chuid cairde mé cha chreidfeadh siad leath na rudaí a rinne mé, cosúil le dreapadóireacht i sliabhte Antartica, ag siúl mílte thaire na machairí loma bána agus gaoth poltach ag déanamh achan iarracht an craiceann a strocadh domh.
Mhuscail mé suas achan mhaidin ar bhord loinge agus míoltaí móra agus orcas ag snámh fa cúpla céad slat den bhád, chonaic mé achan chineál rón, cuid acu na gcodladh agus cuid eile ag ithe peinguin bhochta!!
Ar an bheallach go tír mór nar greamaíodh muid sa tsneachta, bhí an fharraige siocaithe thart ar an bhád! Glac sé 9 n-uaire leis an bád í fhéin a shaoradh.
Tá mo chroí briste go raibh orm an áit a fhágáil,ach le cuidiú Dé rachaidh mé ar ais, ach an rud is measa faoi seo uilig níl an deis labhartha nó na brithre binne agam le cur síos daoibh caidé atá an píosa beag de neamh seo cosúil leis!
Achan nduine a rinne a turas liom chaoin siad ag fágáilt an cheidh daofa ach mhol muid uilig casadh le chéile an bhliain seo chugainn i dteach tabhairne Tom Crean – an ‘South Pole Inn’ i gCiarrai!
Nollaig Shona daoibh uilig ón Antartaic!

Foclóir

m’áit dúchais...my native place
mór roinn...continent
An Mol Theas...the South Pole
easpa...lack of
suaimhneach...peaceful
giotaí...pieces
anamacha...souls
durnach...last
gaoth poltach...piercing wind
míol mór...whale


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland