Top Issue 1-2024

13 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

Saoirse do Thír na mBascach

Le Peadar de Bluit

Faoi láthair i dTír na mBascach tá iarrachtaí úr á dhéanamh cos ar bholg a imirt ar an gluaiseacht saoirse ann agus éileamh na ndaoine a bheith i mbun ar a thír féin. Ag an noiméad seo tá teangmháil idir ceann stát na Spáinne agus na Fraince méadaithe go mór agus é mar rún acu deireadh iomlán a cur leis an ‘sceimhleitheoireacht’ atá ag dul ar aghaidh faoina cúram. Is scéal uafásach nuair a caithfidh rialtas ‘Sóisialach’ dul ag obair le rialtas coimeádach chun a aidhmeanna a cur i gcrích, rud beag cosúil leis an rialtas anseo dar liom féin. Lena chois sin caithfidh go bhfuil Príomh Aire Zapatero lán sásta le iompar Bush, a tugann lámh saor dó pé bac gur mian leis a cur i bhfeidhm i gcoinne na Bascaigh. Tá úsáid a bhaint as stad idirnáisiúnta ag rialtas na Spáinne chun an tír mar a fheictear dóibhsiúd a coimeád le chéile.
Is ar an dul seo agus na rudaí seo go léir ag titim amach gur eagraigh Ógra Shinn Féin agóid, i dteannta leis an gcumann dlúthphairtíocht Bascach, ar Sráid Uí Chonaill, BÁC, an deireadh seachtain seo chaite. Tar éis cruinniú de Chomhairle Náisiúnta Ógra Shinn Féin ar an Satharn, bhailigh slua mór daoine lasmuigh de Oifig an Phoist Ginearálta, chun tús a cur leis an agóid. Bhí thart ar fiche cúig daoine ag an agóid ag éiliú athosú ar an próiséis polaitiúla leis na Bascaigh. D’ardaigh an agóid go leor suim i measc an phobail, le duine nó dhó ag iarrraidh páirt a glacadh ann fiú. Ar an iomlán mhair an rud ar fad níos mó ná uair iomlán. Bhí iomlán an grúpa a bhailigh ann ar an Satharn lán-sásta leis an agóid. Is feachtas leanúnach é an feachtas seo tá 20 nó 30 des na agóidí seo tarlaithe timpeall na tíre go dtí seo.
Níos luath sa bhliain thug Ógra cuairt ar thír na mBascach chun féachaint conas a bhí cúrsaí ann agus chun tuairimí agus smaointí a roinnt leis an grúpa ógra ann, Segi. Bhain an uile duine ón dá thaobh sult agus tairbhe as an turas agus muintir Ógra ar ais go hÉireann le go leor smaointí úra mar gheall ar gníomhacht agus eagrúcháin. Cúpla mí roimhe sin d’fhreastal dhá ionadaí de chuid Segi ar an deireadh seachtain i gCill Choinnigh. Tá stair láidir comhoibriú idir an dhá streachailt againne agus acusan. Go fóillín beag tá Ógra Shinn Féin ag déanamh ár ndícheall an nasc sin a coimeád beo agus sláintiúil. Go dtí seo ta éirithe go maith linn ar é mar rúin againn sa todhchaí leanúint le seo.
Ag an nóiméad seo tá cinnsireach dochreidthe á cleachtadh ag rialtas na Spáinne ar streachailt na Bascaigh. Faoi láthair tá ceannaireacht Batasuna sa phriosún as a bheith ina bhaill de grúpa sceimhleitheoireachta, is pairtí polaitiúla ar an dul céanna le Sinn Féin iad Batasuna, cuimhnigh ar na fadhbanna a cruthóidh sé anseo dá mbeadh bac curtha ar eagrúcháin Sinn Féin, agus rudaí ag dul ar aghaidh mar atá faoi láthair. Lena chois sin de réir tuicint a Spáinne is grúpa mí-dleathach iad Segi, grúpa óige cosúil linn féin in Ógra Shinn Féin. Chomh maith le sin ar fad, tá deireadh curtha ar an bproiséis polaitiúl a bhí ag dul ar aghaidh idir an dá thaobh. Dá dtarlódh sin anseo in Éirinn bheadh rírá iomlán ann ní go deimhin ar an ábhar go bhfuil dúil ag daoine sa pholaitíocht againne, ach ar an ábhar go mbeadh féasrach curtha ar ideolaíocht ar bith. In ainneoin iarrachtaí iontacha an iar-Aire Dlí agus Cirt, ta an meoin seo fós ann. Mar sin gríosaím gach aoinne tabhairt ar na sráide agus muintir na hÉireann a cur ar an eolas faoin stad i dTír na mBascach. Saoirse dosna Bascaigh, Jo ta ke!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland