24 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

Na ceithearna coille-gníomh an phobail?

Le Éamann Mac Mánais

Is dócha gur chuala sibh faoin ghrúpa nua darb ainm “na Ceithearna Coille” – grúpa rúnda atá i gceist, bunaithe anuraidh.  Deirtear go bhfuil siad ag obair go crua ar son na cúise!  Áfach, an grúpa dáiríre iad?  Cad a dhéanann siad aguscad é á gcuspóir?
Bhuel, ár dtús bhí an grúpa rúnda i mbun feachtais ghreamaitheoirí fud na Sé chontae. Cheangail siad na greamaitheoirí le sráidainmneacha i mBéarla amháin chun pointe a dhéanamh.  Cén fáth a bhfuil siad ag díriú isteach ar chomharthaí bóithre agus ar fhógraí comhchosúla?
Freagra –”is ón Ghaeilge a thagann 95% de logainmeacha na hÉireann.  Níl sna leaganacha Béarla ach leaganacha truaillithe den bhunteanga agus níorbh fhada a bhí na leaganacha cearta sin ar eolas go forleathan ar fud na tíre.
Go dearbh tá siad beo ar fad ach ní thugann na húdaráis an t-aitheantas cuí dóibh.”
Rud eile a deir siad ná, “go gcuireann na hainmneacha Gaelacha eolas ar fáil do chainteoirí Gaeilge, eolas nach bhfuil le fáil sna leaganacha truaillithe.  Ní ciallaíonn Londonderry nó Derry faic ach tuigeann gach Gael an focal Doire”.
Chomh maith leis sin glacann siad a n-inspioráid ó dhream eile ag dul siar go dtí na 60í –“Misneach”.  Bhi Misneach tábhachtach mar bhí siad den bharúil
go raibh eagraíochtaí Gaeilge a linne “ceannaithe ag an mheasarthacht”.
Creideann na Ceithearna Coille go bhfuil seans ann go dtarlóidh an rud ceanann céanna sa lá atá inniu ann.  Tá sé ráite iná suíomh gréasáin go bhfuil an chaint ar fad déanta, tá na hailt uile scríofa, níl crinniú ar bith eile de dhíth, ba mhaith leo gníomh díreach síochánta! Sin a gcúis.
Tá na Ceithearna Coille ar son Acht na Gaeilge fosta.  Tuigeann siad go bhfuil stádas ag muintir na 26 co le hAcht na dTeangacha Oifgiúla agus aitheantas ag muintír na hAlbain leis an Acht Gáidhlig fosta agus ní féidir le duine ar bith argóint a dhéanamh leis sin! (Seachas Jim Allister FPE ar ndóigh).
Mar focal scor creidim féin go bhfuil siad ag iarraidh Gaeil Óga na tíre a spreagadh agus a bheith muiníneach as a dteanga féin agus seans ann go gcuirfidh siad níos mó spraoi agus spiorad inár dteanga fosta.  An mbeidh tuilleadh “forbairtí suntasacha” ach amach anseo, beidh le feicéail-
www.ceithearnacoille.com

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland