10 May 2007 Edition
Camchuairt ar ceantracha Gaeltachta
Ag labhairt léi agus í amuigh ag stocaireacht dúirt an feisire
Bairbre de Brún:
“Tá mé thar a bheith sásta camchuairt a dhéanamh thart ar na ceantrachta Gaeltachta thar ceann Sinn Féin. Thaispeáin Sinn Féin ceannasaíocht láidir sna ceantracha sin agus in Údarás na Gaeltachta chomh maith.
“Ag an bomante agus sna seachtainí atá romhainn beidh mé ag tabhairt cuairt ar ceantracha gaeltachta i gCo na Midhe, i nDún na nGall, i nGailleamh, i gCiarraí agus i bPort Lairge. Beimid ag cur béim ar riachtanais na gceantair sin agus ag obair ar son na n-iarrthóirí de ard chaighdeán atá againn.
“Tugann Sinn Féin tús áite don Ghaeilge i gcónaí agus leanfaidh muid le sin sa rialtas. Thacaigh Sinn Fein le stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san AE, agus le hAcht na dTeangacha Oifigiúla sa Dáil. Táimid ag tacú leis an fheachtas ar son Acht na Gaeilge sna sé Chondae faoi láthair fosta. Labhair Aengus ó Snodaigh níos mó Gaeilge sa Dáil ná aon TD eile i 2006.
“Beidh Sinn Féin ag láinseail forógra s’againn don Ghaeilge an tseachtain seo chugainn. Cuirfidh seo béim ar maoiniú don teanga agus ar an gá atá ann go ndéanfaidh an rialtas nua beart níos dáirire ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta araon.”