Top Issue 1-2024

5 April 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Thelma agus Twink

Fíoraíodh mo bhrionglóidí ar fad an Satharn seo caite nuair a chas me le ‘Twink’!
Agus mé ag ithe brúiséite ar chuairt chuig bialann ‘Trentinos’ agus ag súil le bualadh le Antaine Mac Sopranó, ba bheag nár thácht mé ar mo Spaigití Mac Charrbunára nuair a leag mé mo shúile ar an spéirbhean álainn agus gan í lá thar seasca.
Leag sí smideadh le sluasaid uirthi féin agus bhí cuma bhréagach ar a gruaig agus ar a craiceann ach bhí mé fós faoi dhraíocht agus mé ag smaoineamh ar laethanta m’óige ag stánadh uirthi ar an Panto le Marty agus na leaids.
Ní raibh Eoghna Harris léi – chuala mé go bhfuil sé i bhfolach i bpluais éigin in iarthar Chorcaí, ó na Sealadaigh, mar a dúirt sé, agus bíonn an t-eolas cruinn i gcónaí aige, gur cur i gcéill ar fad an próiseas síochána seo agus tá seans go léifidh duine éigin, am éigin, a raiméis agus colún Éilís Ní Hanlúin san ‘Indo’, atá le fáil saor in aisce le hachan rolla páipéar leithris i Lidl.
Bhí Twink ag bladaráil léi agus léigh mé i VIP go bhfuil fear nua saibhir aici agus d’inis mé di go n-éistim léi achan oíche ar ‘You Tube’!
Fíoraíodh mo dhara brionglóíd maidin Dé Domhnaigh nuair a leag mé súil ar an spéirbhean eile ó Dhomhnach Broc,
Thelma Mansfield agus í ag díol ealaíne ar chearnóg Mhuirfean, agus tobac ar chúl.
Bhí sí féin agus Bunny Carr mar loinnir mhealltach in iarthar na tíre sna seachtaidí.
Ní raibh ach RTÉ 1 againn, agus bhí éad orainn ag éisteacht lenár gcolceathracha ag caint faoi Starsky agus Ó Hutch agus Séamas Mac an Saville, go dtí gur thainig Quicksilver agus  Thelma ar an saol.
Fuaireamar ár gcéad teilifíseán daite i 76, agus cheapamar go raibh achan duine air oráiste go dtí gur bhogamar an cnaipe de thimpiste agus Jimmy ag déanamh a ghnó ar Haváí Ó Cúig.
Thit mé i ngrá láithreach le Thelma agus a gruaig fhionn i dtonntaí agus í ag léamh na bhfógraí faoi ‘Wanderley mac Wagún’ agus na trí mhí de thuilte a tháinig gach bliain.
Tháinig an lá mór go raibh orm mo chroí a thabhairt di agus le tallann feirge thug me póg di ar an teilifís, agus m’athair ag féachaint orm tríd an fhuinneog!
Bhí me sona le mo bhean nua go dtí gur luaíodh mo phóg ag an dinnéar – bhí mo rún amuigh agus me i m’amadán os comhair mo dhearthár mhóir a bhí i ngrá le Máire Nic an Tí Bháin!
Chaill mé suim in Thelma go  dtí gur leag mé súile uirthi inné – tá sé ró- mhall di anois – tá mé i ngrá liom féin, mar mhol mo chomhairleoir dom.

B’fhéidir go mbeidh grianghraf Thelma agus Twink oiriúnach do phóstaerí toghcháin Shinn Féin – cad faoi Bertie agus na bomáin eile ag gach dara soilse tráchta.
Agus Enda leis an stíl ghruaige a fuair sé ó Capitol Hill agus cad é an scéal le  teachtaireacht Shinn Féin –
‘we deliver’? Cad é atá i gceist? Gual? Pizza? Ar a laghad gheobhaidh siad níos mó votaí ina chomhair sin.
Chuala mé nach bhfuil mórán suime ag muintir na cathrach teacht chun cainte leis na polaiteoirí ag na doirse mar tá scéal mór faoi Tracy ar ‘Corrie’!
Níór chóir go mbeadh vóta ag lucht féachana na sobalchlár agus lucht tacaíochta Man Utd agus Celtic.
Twink mar Thaoiseach agus Thelma mar Thánaiste!

Foclóir

brionglóíd...dream
thácht...choke
spéirbhean...dream woman
pluais...cave
loinnir mhealltach...a flame of glamour
tonntaí...waves
tuile í...floods
tallann feirge...a fit of passion
Maire Nic an Tí Bháin...Mary Whitehouse
Teachtaireacht...message


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland