Top Issue 1-2024

4 January 2007 Edition

Resize: A A A Print

Logainmneacha: Cuid dár nOidhreacht

Athghabháil Éireann

LE LABHRÁS Ó DONNGHAILE

 

Tá sé soiléir ó na fógraí nuachtán le tithe ar díol in estáit  nua i nGaillimh, Corcaigh, Loch Garman agus i gceantair eile go bhfuil méadú ar  logainmneacha Gaeilge ar fud na tíre. Tá an claonadh seo ag teacht le polasaí an Rialtais agus fáiltimíd roimhe, ach ní leor é mar go bhfuil ceanntair eile ag déanamh neamh-aird ar an bpolasaí seo maidir  le logainmneacha Gaeilge. Bac eile isea an drogall atá ar oifigí pleanála Comhairlí Contae an polasaí seo a chur i bhfeidhm i gceart. Tá Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Átha Cliath olc go leor mar atá le feiceáil ins na fógraí nuachtáin – léiriú den dearcadh Seoiníneach gan teora.

Níl mórán cabhair ag teacht ó na  meáin a chuireann béim iomlán  ar an bhrabús mór atá le gnóthú ón bhfógraíocht, beag beann ar oidhreacht nó cultúr. Ag an am céanna tá Gael Taca Átha Cliath ag déanamh a ndíchill chun an scéal seo a cheartú agus iad ag snámh in aghaidh an easa mar atá Forbairt Feirsde ó thuaidh. Conas feachtas éifeachtach a chur ar siúl – sin í an cheist. Caithfear plean margaíochta a chur chun tosaigh don tír iomlán le ceannairí náisiúnta agus poilitíochta ag glacadh páirt ann  go feiceálach. Tá an deá-thoil ann imeasc an phobail ach caithfear an deis a thapú. Tá an tam ag sleamhnú in ar féidir seo a dhéanamh agus tá dualgas ar gach dream chun timpeallacht Gaelach a chruthú sa náisiún seo.

An Dr. Eoin Mac Thiarnáin, Gael-Mheiriceánach a fuair bás le déanaí, rinne sé mórán ar shon na Gaeilge ina shaol agus chuir sé béim mhór ar thimpeallacht Gaelach chun go mbeadh rath ar athbheochaint na Gaeilge. Ollamh Ollscoile a bhí ann ins na Stáit Aontaithe a chraobhscaoil an riachtanas a bhí leis an Ghaeilge do thodhcaí an Naisiúin seo.

 

“Seo í Athghabháil na hÉireann, an Réabhlóid, réabhlóid intinne agus réabhlóid anama, réabhlóid i gcúrsaí maoine, seilbhe agus maireachtála, maireachtáil mar Ghaeil leis na rudaí is dual dúinn mar Ghaeil. “

Ó Cadháin.

 

Tá ‘Name Your Place’, an dara eagrán, foilsithe ag Club na Sionna de Chonradh na Gaeilge, urraithe ag Foras na Gaeilge, le hathraithe ann, tugtha suas chun dáta le hainmneacha ann do shiopaí, óstáin, ionaid gnó agus árasáin. Rinne Oifig na logainmneacha comh-oibriú le Foras na Gaeilge chun an leabhar a ullmhú le haghaidh an fhoilsiúcháin, agus moladh tuillte acu ar a shon sin. Cuireann Foras fáilte roimh fhoilsiúcháin mar seo agus   tugann siad tacaíocht da réir.

Tháinig an smaoineamh chun cinn imeasc coiste logainmneacha a bhunaigh Cólucht Forbartha na Sionna ós cionn 30 bliain ó shin chun ainmneacha a roghnú d’eastáit tithe nua i mBaile na Sionna, bunaithe ar an gcultúr saibhir Gaelach i gCo. an Chláir. ‘Sé’n toradh a bhí ar sin ná go bhfuil breis is 50 ainm i nGaeilge amháin ar estáit i mBaile na Sionna. Tá an pobal bródúil as na hainmneacha rud a léiríonn meas ar a  gcultúr dúchais. Bhunaigh dream beag bríomhar Club na Sionna i 1965 chun freastal ar an mBaile nua agus chuir siad béim ar logainmneacha Gaeilge ón tús. Tugann an Club tacaíocht agus seirbhís deonach do lucht tógála sa cheantar agus tá ionadaithe acu ar Choiste Logainmneacha Chondae an Chláir. Tá baill an Chlub gníomhach i gcúrsaí cultúra eile comh maith.

An modh atá molta chun logainmneacha a roghnú, ná, liosta a chur le chéile d’ainmneacha “user - friendly” atá simplí le fuaim dheas acu, iad ag réiteach le hoidhreacht an cheantair agus an timpeallacht áitiúil.

Cuireadh tús leis an togra seo chun logainmneacha Gallda mar “Tuscany Downs” a sheachaint, nós a bhí coitianta ar fud na tíre. Rinne áisíneachtaí  UNO staidéar ar logainmneacha ar fud an domhain agus b’é an toradh a bhí air ná go bhfuarthas amach gurbh é an chéad rud a rinne náisiúin nua a fuair saoirse ó chóilíneacht, ná deire a chur le hainmneacha na cóilíneachta.

Níor thárla sin in Éirinn mar nach raibh plean ceart logainmneacha ann ó bunaíodh an Stáit, mar sin  tá logainmneacha na cóilíneachta fós againn, go háirithe i mbailte móra agus cathracha. Ba mhaith an rud gur bunaíodh an Coimisiún Logainmneacha ach tá ganntanas airgid agus pearsain orthu.

Léirigh staidéar a rinneadh nach fiú bheith ag aistriú logainmneacha ó Bhéarla go Gaeilge mar nach mbaintear usáid astu. Ach dá mbeadh na hainmneacha i nGaeilge amháin ní bheadh gá le haistriúcháin, mar tá siad iomlán iontu fhéin,  m.s.

 

Cluain Airne / meadow of the sloes

Fearnóg / place of alders

Lios Rua  / red fort

Cluain Tarbh / bulls pasture

Fásach / waste ground

 

Níltear ag maíomh go bhfuil “Name Your Place” ina threoir cinnte do staidéar ar logainmneacha. Deirtear sa Réamhrá gur cheart comhairle a fháil ó Bhrainse na Logainmneacha agus na leabhair atá foilsithe ar an ábhar seo. Thug Proinsias De Priondargast atá ina bhall de Choimisiúin na Logainmneacha    tacaíocht don leabhar seo agus tá an réamhrá   scríofa aige.

Bhí ionchur ag Gaillimh le Gaeilge agus Gael Taca Chorcaigh sa chéad eagrán. Sa dara eagrán tá  ionchur ag Inis Córthaidh, Loch Garman agus Béal Feirste, iadsan gníomhach in a gceantair féin. B’é an tAire Éamon Ó Cúiv  a lánseáil an chéad eagrán i Marta 2004 agus scaipeadh an 6,000 cóip ar fud na tíre taobh istigh de chúpla mí, mar thoradh ar sin bhí éileamh mór ann agus foilsíodh 20,000 cóip sa dara eagrán.

 

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland