Top Issue 1-2024

9 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Géarchéim Gabhála san Iaráic

LE

CATHAL Ó MURCHÚ

Níl amhras ann ach go bhfuil géarchéim gabhála i ndán don fhórsa ionraidh Angla-Meiriceánaigh san Iaráic. Gach seachtain tá an scéal ag dul in olcas do na Meiriceánaigh sa chaoi go bhfuil an t-éirí amach ina gcoinne ag éirí níos fíochmhaire, seachas ag dul i léig mar a bhí siad ag súil. Tá tuilleadh corpáin saighdiúirí ag filleadh abhaile an t-am ar fad agus ardú ag teacht ar an ráta maraithe leis. Tuigtear go maith go bhfuil beag-ghlacadh polaitiúil sna Stáit Aontaithe le líon ard taismeach acu siúd. Ní áiríonn sé seo na taismigh shibhialtacha san Iaráic í féin agus meastar go bhfuil ar a laghad 650,000 duine tar éis bás a fháil ó thús an ionraidh seo - an formhór acu taismigh shibhialtacha Iarácacha. Ar feadh ar a laghad bliain anois, tá formhór phobal Mheiriceá casta i gcoinne an chogaidh. Ní mheasann ach 20% acu gur féidir leo an bua a fháil sa choimhlint sin.

Tá na Briotanaigh ag éirí níos amhrasaí faoin eachtra seo agus tá sé ráite go poiblí ag an nginearál is airde acu siúd go mb'fhearr dóibh tarraingt amach go huile is go hiomlán agus a luaithe is féidir. Tá drogall ar na Briotanaigh é seo a dhéanamh, áfach, sa chaoi gur buille mór a bheas i ndán dá gclú míleata agus dá gclú polaitiúil, chomh maith do Tony Blair agus don cheannasaíocht pholaitiúil timpeall air. É sin ráite, tá sé soiléir anois go bhfuil cuid shuntasach den cheannasaíocht mhíleata agus pholaitiúil ar tóir straitéis fágála sa chaoi go ndéanfar an méid is lú dochair dá gcreidiúint.

Tá straitéiseoirí Meiriceánacha ag tosú ag smaoineamh ar straitéis faoi seach, mura n-éiríonn leo a gcuspóirí míleata a bhaint amach. Is léir nach bhfuil a gcumhacht siúd ag dul i bhfeidhm ar an tír mar ba mhaith leo. Is cosúil go bhfuil trí rogha os a gcomhair. D'fhéadfadh siad fanacht mar atá siad agus na corpáin mhíleata ag filleadh abhaile gan stad; d'fhéadfadh siad láithreáin mhóra mhíleata threisithe a thógáil timpeall na n-ionad táirgeadh ola; nó d'fhéadfadh siad tarraingt amach go hiomlán. Maidir leis an rogha tarraingt amach go hiomlán, nochtóidh sé sin laigeacht na Meiriceánach os comhair an domhain agus fulaingeoidh a gcumhacht pholaitiúil mar gheall air. Tabharfaidh sé seo deis mhór do na Iaránaigh a gcumhacht a chur i bhfeidhm sa cheantar nó tabharfaidh sé borradh mór don lucht Ba'athaigh cumhacht a athghlacadh. Maidir le fanacht mar atá siad, íocfar go daor leis na breis taismeach míleata dá bharr. Ach níos baolaí ná sin ná dochar dá clú míleata sa chaoi ar an teip acu na ceannaircigh Iarácacha a chloí. Go polaitiúil, d'íoc an Páirtí Poblachtach sna toghcháin mheántéarmacha.

Fágann sé seo rogha eile rompu sa chaoi go bhfanfaidh Míleatacht Mhéiriceá ansin. Ciallaíonn sé sin tarraingt siar go láithreáin threisithe, áiteanna ina bhfuil na toibreacha ola agus na píblínte leo. Tá deacracht leis an straitéis seo freisin sa chaoi go dtabharfaidh sé seo borradh mór do na ceannaircigh.

Cé go n-íocfaidh na Meiriceánaigh go daor as an eachtra seo, is iad muintir na hIaráice a íocfaidh níos mó as. Go dtí seo, meastar go bhfuil 2% den daonra ansin éagaithe de dheasca an ionraidh trí bliana ó shin. Tá tuairim ann go mairfidh an cogadh seo le haghaidh breis is fiche bliain agus gan amhras is olc an scéal é seo do mhuintir na tíre sin.

Focloir

géarchéim...crisis

corpáin...corpses

taismigh shibhialtacha...civilian casualties

buille mór...big blow

ceannasaíocht...leadership

creidiúint...credibility

straitéiseoirí...strategists

treisithe...fortified

lucht Ba'athaigh...Ba'athists

ceannaircigh...insurgents


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland