Top Issue 1-2024

28 September 2006 Edition

Resize: A A A Print

Atosú an Chogaidh Ola san Iarthar

BY Cathal O Murchu

Le linn bliain iomlán gan mórán gníomhaíochta ar siúl le ceist Ola na Coiribe, is cosuil go bhfuil atosú ar an gcogadh úd seo. Go luath ar maidin ar an Máirt seo caite, bhí tuairim is cúpla céad agóidithe ó Shell chun Sáile i mBéal an Átha Bhuí, béal le Ros Dumhach in Iarthuaisceart Mhaigh Eo, a chur i gcoinne obair a bhí le bheith ar siúl ag an teirminéal gáis de chuid Enterprise Ireland, comhfhiontar idir Shell EP agus Statoil. Go dtí seo, ní raibh aon obair ar siúl ar an suíomh ar feadh bliana, toisc na hagóidí a bhí ar siúl anuraidh ina choinne.

Tá cuimhne ag an saol mór ar na hagóidí a bhí ar siúl anuraidh nuair a thug Shell cuid de na hagóidithe agus feirmeoirí áitiúla os comhair na cúirte mar gheall go ndearna siad bac ar an obair le píoblíne a thógáil. De dheasca sin, cuireadh cúigear i bpríosún toisc nár dhiúltaigh siad gealltanais a thabhairt nach ndéanfaidh siad bac ar an obair. Tar éis trí mhí a chaitheamh faoi ghlas, scaoileadh as príosún iad nuair a tháinig borradh mór leis an agóid úd. Bhí neart cliú caillte ag Shell agus Statoil mar gheall ar an bpoiblíocht a ghabh leis an scéal seo.

Ach anois is cosúil go bhfuil athiarracht ar siúl ag Shell agus Statoil tús a chur leis an obair. Go bunúsach, tá an agóid le Shell chun Saile ag díriú ar píoblíne atá le rith tríd ceantar cónaithe a mhaíonn siad nach bhfuil sábháilte. Tá siad ag iarraidh ar Shell agus Statoil a dteirminéal gáis a thógail ar sáile seachas ar talamh. Ach tá ceist eile ghabhann leis an agóid seo i gcoinne Shell agus Statoil, seachas tógáíl an phíoblíne agus an teirminéil gháis, ceist nach bhfuil á phlé go díreach ag Shell chun Sáile, an grúpa agóidíochta sa scéal seo. Baineann sé seo le conas ar tháinig Shell agus Statoil i seilbh ar an gconradh leis an ola agus gás a bhaint agus le conas a chaitheann Rialtas Bhaile Átha Cliath le comhlachtaí trasnáisiúnta ar mhian leo acmhainní nadúrtha a ghlacadh ó thíortha ar nós Éireann.

Tá scannal mór a ghabhann le cinntí áirithe a rinne rialtais áirithe maidir le hacmhainn nádúrtha a thabhairt do chomhlachtaí trasnáisiúnta ar nós Shell. Tá tuairim ann, agus í bunaithe ó shaineoluithe géolaíochta go bhfuil taisce mhór híodrócharbóine ar nós ola agus gás lonnaithe faoin mara ó Chríoch Thiar na hÉireann. Is léir go mbaineann an cheist seo níos mó ná le ceist eacnamaíochta amháin. Go bunúsach, baineann sé le cé leo acmhainní nádúrtha den chineál seo - le muintir na tíre seo nó le comhlachtaí trasnáisiúnta cumhachtacha - agus leis sin tá ceist le réiteach ar fhlaitheas acmhainní nádúrtha. Is léir go bhfuil amhras tarraingte ar lucht cumhachta na Sé Chontae is Fichead maidir leis an gceist seo.

Focloir

  • atosú resumption
  • gníomhaíocht .activity
  • comhfhiontar joint enterprise
  • faoi ghlas incarceration
  • cliú reputation
  • teirminéal gáis gas terminal
  • comhlachtaí trasnáisiúnta transnational companies
  • acmhainní nadúrtha natural resources
  • lonnaithe located
  • Críoch Thiar na hÉireann west coast of Ireland
  • flaitheas sovereignty

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland