Top Issue 1-2024

24 August 2006 Edition

Resize: A A A Print

Réabhlóid Chúba as Seo Amach

amhrais ann faoina chreidiúintí réabhlóideacha ach tá neart ann a cheistíonn an bhfuil an cur chuige ceart aige tabhairt faoin tréimhse iar-Fidel a bhéas le teacht agus nárb fhearr go dtiocfaidh ceannasaíocht úr aníos ó ghlúin níos óige.

Ceisteanna tábhachtacha is ea iad seo ar ndóigh. Ach mar a sheasann cúrsaí i láthair na huaire, níl mórán athruithe tagtha ar scéal an fhathaigh ollmhóir béal dorais leo ag déanamh gach iarracht tolladh faoin Réabhlóid ansin agus ag tabhairt faoi gach dúghníomh á imirt seachas ionnadh díreach. Níor ghlac na Stáit Aontaithe riamh le rialtais nó le tíortha neamhspleácha 'ina gcúlchlós féin' sa Heimisféar Thiar agus leis an dearcadh seo feictear ar Chúba agus ar mar bhagairt ar a gcuinsí ollchumhachta domhanda. I saol ollmhór nua-liobarálach ina dtugtar ómós do chearta lucht maoine amháin agus dóibh a bhaineann tairbhe as dúshaothrú a imirt ar fhormhór mhuintir na Cruinne, ní feidir glacadh le sochaí a mhaíonn cothramaíocht agus cearta daoine seachas cearta maoine. An toradh a bhéas ar an gcineál seo sochaí domhanda ná faisísteachas an ré nua i bhfeidhm ar mhuinitr na Cruinne, bíodh gur mór nó beag leo é. Ní amhlaidh daonlathas a mhaíonn lucht moaine agus daonlathas mar is ceart!

Maidir le Réabhlóid Chúba, an dúshlán is mó a thiocfaidh os a gcomhar ná cén áit a bhraitheann neart na Réabhlóide: an mbraitheann sé ar an gceannasaíocht nó an mbraitheann sé ar an bpobal. Le go ngabhfaidh rath le réabhlóid a mhaíonn cothromaíocht, sóisialachas, poblachtánachas, cumannachas, daonlathas, dlúthpháirtíocht pobail, agus aon tuairim eile a chuireann an cine daonna chun cinn, caithfidh sé a bheith fréamhaithe i measc an pobail chomh dlúth agus chomh daingean sa chaoi nach mbeidh ceannairí na réabhlóide in ann an réabhlóid a thréigean mar a tharla in Oirthear na hEorpa sa tréimhse fhrith-réabhlóideach 1989-1991.

B'inn an laigeacht ba mhó a bhain leis an gcóras cumannach in Oirthear na hEorpa ná gur bhraith sé go mór ar an gceannasaíocht agus ar uirlisí comhéigin an stáit, seachas ar thacaíocht agus ar dhílseacht an phobail. B'fhiú a chuimhniú gurb iad cuid mhór den cheannasaíocht san Aontas Sóivéide, ceannairí ar nós Gorbachev, ar theastaigh uathu fáil réidh leis an gcóras cumannach chun go mbeidh in ann tabhairt futhu féin a shaibhriú, agus sin díreach ar tharla. Nuair a fuair na caipitligh nua seo réidh leis na srianta a leag an córas cumannach síos, chuaigh i mbun an dúshaothraithe ar a bpobal féin.

Foclóir

  • tuairimíocht speculation
  • cur chuige pragmatach pragmatic approach
  • comharbacht succession
  • creidiúintí réabhlóideacha revolutionary credentials
  • dúghníomh sabotage
  • dlúthpháirtíocht pobail community solidarity
  • fréamhaithe rooted
  • laigeacht weakness
  • uirlisí comhéigin coercive tools
  • srianta restrictions

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland