Top Issue 1-2024

6 April 2006 Edition

Resize: A A A Print

Na hÓráistigh caite ar leataobh

BY Cathal O Murchu

Le linn don chaint mhór a tháinig ó mheáin chumarsáide an Iarthair faoin'Réabhlóid Óraiste' a bhí tagtha chun cumhachta san Úcráin ar mhaithe le 'daonlathas' ar Steipeanna na hEoráise, is cosúil go bhfuil droim láimhe fíorfa tugtha ag muintir na tíre sin do 'laoch na réabhlóide'úd, Viktor Yushchenko. D'fhág torthaí an toghcháin páirtí Viktor Yanukovich ar 32%, páirtí Yuliya Tymoshenko ar 22%, páirtí Yushchenko ar 14%, na Sóisialaigh ar 6% agus na Cumannaigh ar 4% (níl ionadaíocht pairliminte ag na páirtithe a faigheann níos lú ná 3%). Fágann sé seo na Sóisialaigh le ceapadh cén bloc a bheidh an móramh sa phairlimint acu.

Níos tábhachtaí ná cé a thiocfaidh i gcomharbacht san Úcráin, Yanukovich nó Tymoshenko, is é an chaoi a bhfuil droim láimhe tugtha ag cumhachtaí an Iarthair - an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe - do rogha mhuintir na tíre sin agus na cumhachtaí céanna ag maíomh an daonlathas (ach amháin nuair a fhaightear an toradh mícheart!). Bhí cumhachtaí an Iarthair sáite isteach sa scéal go mór le linn an 'Réabhlóid Óráiste' sa chaoi gur thacaigh siad go tréan le Yushchenko agus an Réabhlóid Óráiste, díreach mar a tharla nuair a ghríosaigh na cumhachtaí céanna an 'Réabhlóid Rós' faoi Mikheil Saakashvili sa Seoirsia.

Is éard a bhí sna 'réabhlóidí seo ná uirlis chun cumhacht an Iarthair a leathnú, saibhreas tíre agus eacnamaíocht a sheilbhiú agus a phríobháidiú agus na Rúisigh a timpeallú agus a aonrú. Sean-chluichí impiriúlacha atá i gceist leis an leathnú amach, chomh maith le haon fhreasúracht i gcoinne an chórais chaipitligh sa domhan a scoir. Cé gur thit an córas cumannach as a chéile sna luath-naochadaí, is léir nach bhfuil an córas caipitleach agus an meon a ghabhann leis tar éis dul i bhfeidhm ar mhuintir an Oirthir, is mar a cheap tráchtairí ó mheáin an Iarthair go rachadh sé. Agus is é seo an rud a tharla sa Úcráin agus sa Bheilearúis an tseachtain seo caite.

Maidir leis an mBeilearúis, léirigh cumhachtaí an Iarthair fíorbheagán measa i dtoil an phobail nuair a thug 82% de mhuintir na tíre sin tacaíocht don chumannach sóivéideach Lyukashenko. Bhí tráchtairí an Iarthair ag gearán nach raibh na toghcháin daonlathach agus cóir, in ainneoin go ndúirt breathnadóirí ón Iarthar go raibh. Bhí lucht an Irish Times agus leithéidí Ryan Tubridy ag pointifeáil faoin 'gcaighdeán íseal daonlathais' sa Bheilearúis, cé go bhfuil fíorbheagán eolais acu faoi na tíortha seo. Mar shampla, d'fhulaing muintir na Beilearúise go daor sa Dara Chogadh Domhanda nuair a díothaíodh trian den phobal as ucht a gcur i gcoinne na Naitsíoch. Go dtí an lá inniu, d'fhan muintir na tíre sin dílis don chóras cumannach agus léiríodh é seo go daonlathach, cé go maíonn tráchtairí ó mheáin an Iarthair gur caighdeán íseal daonlathais é seo. Ciallaíonn sé sin gur 'caighdeán íseal daonlathais' é nuair nach vótáiltear de réir mar cheapann cumhachtaí an Iarthar atá de leas ag muintir na tíre - nó leas lucht gnó i ndáiríre!

Ag féachaint ar na Sé Chontae, ar Florida sa bhliain 2000, ar threascairt rialtas daonlathas Allende agus lán eile, níl gá le ceachtanna daonlathais ón Iarthar.

Gluais Focal

  • Steipeanna na hEoráise Eusasian Steppes
  • ionadaíocht pairliminte parliamentary representation
  • i gcomharbacht in power
  • droim láimhe reject
  • Seoirsia Georgia
  • a leathnú to expand
  • a sheilbhiú to own
  • a phríobháidiú to privatise
  • breathnadóirí observers
  • ag pointifeáil pontificating
  • díothaíodh were massaced
  • 'caighdeán íseal daonlathais' 'low democratic standards'
  • treascairt subversion

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland