Top Issue 1-2024

26 January 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint...le Seán ó Donaile - Ca bhfuil na Volunteers?

De réir suirbhe atá déanta ag Fianna Fáil le deanaí léiríonn sé go bhfuil laghdú an mhór ar obair dheonach a bhí traidisiúnta i measc na gcumainn áitiúla.

Ní h-iad Fianna Fáil an t-aon phairtí go bhfuil an fhadhb seo acu, is cosúil go bhfuil seo ag cur as do na páirtithe poilitíochta eile chomh maith.

Deirtear gur "chraobhacha páipéir" atá ins an chuid is mó de na chraobhacha , le liosta de na baill agus cruinniú bliaintúil, b'fheidir ag cuid acu.

Bíonn eagraíocht an phairtí ag brath go hiomlan ar na comhairleoirí tofa chun eagraíocht áitiúil a dhéanamh.

Tá sé do-chreidte, ach fíor go bhfuil craobhacha de phairtithe ann nach raibh cruinniú acu riamh!

Chuir baill de pairtí i dTír Chonaill mé ar an eolas tráth, nuair a mhínigh se nach raibh aon ga le polasaithe a phlé nó cruinniú a eagrú ach amháin ag an toghchán, nuair a tháinig na sluaite aníos ó na sleibhte.

Fágann seo nach bhfuil guth an gnáth duine le cloisteáil agus is olc an rud é seo don daonfhlaitheas

Tá an toradh ar seo le feiceáil cheana, nach bhfuil go leor daoine ag caitheamh vóta, mothaíonn siad nach bhfuil tionchar ar bith acu ar an saol poilitíochta agus nach fiú dóibh vótail.

Mar phoblachtanaigh thig linn bheith ciniciúil faoi na FF'ers agus na 'Léinte Gorma' agus an t-aon fáth go ndearna siad obair ar bith ar son a bpairtí ná go raibh siad ag súil le luachsaothair as- bhí se mar ghnáth chleachtadh sa Chlár agus me ag fás aníos post a fhail san aerfort nó cosán lasmuigh de do theach i ndiaidh stocaireacht ar shon Fianna Fáil le linn an toghchain.

Tá traidisiún láidir d'obair dheonach sa ghluiaseacht - measaim go raibh an-fhuinneamh ar na sráideanna i mBAC le linn an chogaidh ós rud é go raibh daoine I ngéibheann agus go raibh cursaí níos práinní. Bhí go leor eagraíochtaí mar an INC , feachtas frith-philéir plaistic & rl ag déanamh a gcuid.

Ach ó thainig proiséis Síochana tá go leor Poblachtannaigh tar éis suíochán chúil a ghlacadh agus an obair a fhágáil ag na polaiteoirí .

Níl aon dabht ach gurb iad Sinn Féin an pairtí is eagraithe agus is mó fuinnimh ag ám toghcháin - chuidigh seo go mór le vóta an phairtí sa Tuaisceart; ach

an mbeidh an fuinneamh agus díograis céanna ann i gceann fiche bliain eile no an éireoimid falsa cosúil leis na fat cats sa Saor Stat?

Cad a dhéanfaimíd feasta gan Kevin Myers?!

Tá mo shaith feicthe agam de Oprah agus Riki Lake agus na "cheating confessions" ar an droch staisiún sin TV 3 agus mé sínte ar an tolg le fliú le seachtain.

Léigh me na paipéir ó chlúdach go clúdach ach go h-adhuil tharraing mé amach cúpla sean ailt a bhí scríofa ag an tUasal Kevin Myers, an duine gur mhaith linn gráin a bheith againn air.

Bhí Kevin ina reabhlóidí sa cholaiste cosúil le gach dara duine ag an aois sin- "muna bhfuil tú i do shoisialach ag fiche níl croí ionat, má tá tú fós i do shoisialach ag triocha níl aon ciall agat"; agus ghlac se ról lárnach in aghaidh turas na Sprinboks ag an ám sin.

Mar is gnáth ag an chuid iriseoirí thaistil sé go tapaidh go dtí an taobh dheas agus is urlabhraí é anois in aghaidh gach rud a thugann tacaiocht don Ghaeilge, an lucht taistil, cearta na mban agus gan dabht Poblachtannaigh.

Tá sé chomh dall le tréan fuath dúinn nach féidir leis scríobh fúinn go reasúnta.

Ar an taobh eile níl rud níos meas do scríbhneoir ná easpa aisfhreagairt agus lena chuid ionsaí déanann Kevin cinnte go mbeidh an spotsholas air i gconaí.

Cé mhéad uair a léigh tú an Irishman's Diary nuair a scríobh iriseoir eile é.

Rinne me cinneadh anuraidh gan é a leamh arís taréis an ionsaí scannalch a rinne sé ar mhaithreacha singil agus a gcuid páistí ("bastards"- sic) anuraidh ach ghéill mé don chathú arís inniu.

Ar a laghad cuireann sé thú ag smaoineamh agus beidh an saol an leamh gan éagsúlacht tuairaimi.

Dean neamhiontas de, an fear bocht .


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland