Top Issue 1-2024

3 November 2005 Edition

Resize: A A A Print

Athbhliain Cheilteach faoi mhaise!

Halloween is a very ancient agricultural festival celebrating the end of the harvest season and which to the Celts also ushered in their New Year.

Cé go gceiliúrtar Oíche Shamhna go dílis sa tír seo gach bliain, is cosúil go bhfuil bunús an fhéile seo caillte ag formhór de mhuintir na tíre seo. Mar a tharlaíonn sé, tús na hAthbhliana Ceiltigh is ea Oíche Shamhna. Am den bhliain a bhí ann fadó ina chuinnítí na barraí agus ina thiománaítí na beithí isteach sna liosanna fadó le slán a fhágáil le casadh roth talmhaíochta na bliana. Bhí Samhain ar cheithre de na féilte tábhachtacha ag na Ceiltigh - ba iad Imbolg, Bealtaine agus Lúghnasa na cinn eile - agus a chuir tús le gach séasúr talmhaíochta nó gach ceathrú den bhliain. Bhí an féilire bliantúil Ceilteach bunaithe ar na féiltí seo.

Is minic a chloistear Oíche Shamhna á cáineadh mar gheall gur 'nós tráchtála Meireacánaí' eile is ea í, chomh maith le cúiseanna eile ar nós tinte cnámha, pléascáinín, ól, troideanna agus a leithéid. Ach b'fhiú a chuimhniú gurb iad na Gaeil ar aon lena gcol ceathracha Ceilteacha eile a thug an fhéile seo sall go dtí an Domhan Úr (úr do na hEorpaigh!), féile a mhair i bhfad roimh a tháinig na hEorpaigh ar an gcuid seo den domhan.

Maidir le gléasadh suas, sean-nós Págánach is ea seo, nuair ba ghnách samhluithe de na déithe Ceilteacha (nó cibé cultúr a bhí i gceist), na síthe, cathurraí agus laochra comhraic sa mhiotaseolaíocht, chomh maith le gnéithe eile den dúlra a chur in iúl dá bpobal féin. Níl aon amhras ach gur thuig siad conas spaoi agus craic a bheith acu chomh maith!

Sa seanchas Ceilteach, ón am a thit an ghrian ar an lá deireanach den Fómhar go dtí gur éirí sí arís ar an gcéad lá den Gheimhreadh, Am na Marbh a bhí ann. Níor bhain an tréimhse ghearr seo leis an mbliain le teacht nó le himeacht. Am draíochtúil a bhí ann agus bhí na Marbh ar aon dul leis na Beo. Is mar gheall ar sin a lastaí na tinte cnámha chun go ruaigfidh an solas ó na tinte na Marbh ó na Beo, agus uaidh seo a lastar na tinte fós. Níor thaitin solas leis na Marbh, mar dhea! Chreid na Ceiltigh go raibh dá domhan ann - an Domhan Beo agus an Domhan Eile, maraon le la agus oíche, Samhradh agus Geimhreadh, tuairim ar aon leis an ying-yang. Is leis an Domhan Eile a bhain na Marbh. Níor chreid na Ceiltigh go raibh a leithéid de bhás ann, ní raibh ann ach athrú ón Domhan Beo go dtí an Domhan Eile agus a mhalairt nuair a rugadh duine. Bhí na Ceiltigh den tuairim freisin gur thosaigh an lá ag titim na gréine seachas ag éirí na gréine mar a mheas cultúracha eile san Eoraip.

Chun go mbeadh aithne níos fearr againn orainn féin tá sé tábhachtach cultúr, scéalta, seanchas, nósanna, creidiúintí, tuairimí agus dúchas ár sinsear a thuiscint. Is uaidh sin a eascraíonn tábhacht Oíche Shamhna.

Stór Focal

Athbhliain Cheilteach Celtic New Year

féilire bliantúil Ceilteach annual Celtic calendar

liosanna enclosures

nós tráchtála Meireacánaí American commercial custom

sean-nós Págánach old Pagan custom

samhluithe representations

cathurraí agus laochra comhraic protagonists and contentious warriors

miotaseolaíocht mythology

an Domhan Beo the Living World

an Domhan Eile the Otherworld


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland