Top Issue 1-2024

1 September 2005 Edition

Resize: A A A Print

Bua ár gCultúir

Fleadh Ceoil i Leitir Ceanainn

Fleadh Ceoil i Leitir Ceanainn

LE

AN DRAOI RUA

"The greatest weapon in the hands of the oppressors is the minds of the oppressed"

Steve Biko

Bhí an t-ádh orm freastal ar Fhleá Cheoil na hÉireann i Leitir Ceanainn, Tír Chonaill ag deireadh na seachtaine. Rith sé liom go raibh na mílte i láthair ag an ócáid seo agus de réir tuairiscí éagsúla, thaisteal suas le leath-mhilliúin duine le bheith ann don phléisiúr.

Le fírinne, áfach, ní thiocfadh l'éinne a rá go raibh croíthe gach duine sáite i gcultúr na tíre. Cinnte, bhí imeachtaí den scoth eagraithe ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus bhí go leor seisiúin ceoil le cloisteáil ar na sráideanna. Dála an méid sin uilig, caithfidh mé a admháil go raibh i bhfad níos mó daoine tugtha don ragairne is don ól ná mar a bhí siad tugtha don Ghaeilge is don cheol.

Ar mo bhealach abhaile ón Fhleá, chuimhnigh mé go bhfuil slógadh agus cairnibheal eagraithe ar son aontacht na hÉireann don 24 Meán Fómhair '05. Ar ndóigh, bhí mé ag smaointiú cén cineál Éire Aontaithe a bheas i ndán dúinn?

Mothaím amanta go bhfuil muintir na hÉireann curtha ar strae ar fad sa lá atá inniu ann agus go n-aontaíonn cuid mhór acu le lucht an rachmais. Is mó an meas atá ag cuid acu ar Man. Utd. is ar Bhritney Spears ná mar atá acu ar ghnéithe a dtír dúchais. Blianta ó shin, is cuimhin liom cara de mo chuid ag ceistiú cad is fiú bás a fháil ar son na hÉireann nuair nach dtuigeann formhór na tíre cad is brí lena gcultúr féin fiú.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil go leor go leor West Brits lonnaithe in Éirinn inniu agus iad sásta go leor lena gcuid. Ní amháin go bhfuil muintir na tíre go mór faoi thionchar Shasana ach faoi thionchar ollmhór SAM chomh maith.

Is iomaí duine atá sásta a bheith mar uimhir agus mar cheannaitheoir sa chóras chaipitleach seo agus gur cuma sa tsioc leo fána chultúr dúchais. Ní thuigeann a leithéid go bhfuil siad go hiomlán faoi gheasa ag córas gallda. Is iontach an méid daoine atá tugtha go mór do shobalchláracha choimhthíocha agus nach dtuigeann go bhfuil a dtuairimí féin múnlaithe ag a leithéid.

Cén cinéal tír a bheas os ár gcomhair amach? Ní fiú a bheith saor amháin ach Gaelach chomh maith ba ea an tuairim a bhí ag an Phiarsach. Go minic, cuireadh cúrsaí cultúrtha ar an mhéar fhada agus níor tuigeadh gurbh é an troid i gcoinne impiriúlachas cultúir bunchloch na réabhlóide.

Má tá gluaiseacht cultúrtha le troid i gcoinne an impiriúlachas cultúrtha, caithfidh cúrsaí feidhmniú ar son riachtanais mhuintir na tíre seo. Cothaíonn fíor-thuiscint ar ár gcultúr féin-mhuinín is féin-mheas an phobail. Is gá mar sin go mbeadh gluaiseacht cultúrtha ag feidhmniú i ngach gné den tsochaí.

Is í an Ghaeilge bunchloch chultúr an phobail. Caithfidh forbairt a dhéanamh i gcúrsaí oideachais sa dóigh is go mbeadh tuiscint níos fearr orainn féin mar dhaoine agus fás iontach i gcúrsaí staire, oidhreachta, litríochta, spóirt, ceoil agus eile. Ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, bheadh monarcháin bunaithe ar mhaithe le riachtanais ár muintir féin in ionad a bheith curtha ar strae ag monarcháin ilnáisiúnta. Thiocfadh le grúpaí pobail fás de réir riachtanais a gceantracha féin agus comhlachtaí a bhunadh dóibh féin. I gcúrsaí talmhaíochta, thiocfadh le feirmeoirí na tíre a bheith ag soláthar glasraí agus eile dúinn féin in ionad a bheith faoi dhiansmacht an Chomhphobal Eorpach. Maidir le rialtas na tíre, ba cheart a bheith ag smaointiú fá dhílárnú na cumhachta agus cead a thabhairt do dhaoine iad féin a riarú in ionad ligint do Theach Laighean agus Westminister an cumhacht ar fad a bheith acu.

Ní hionann neamhspléachas agus muintir na hÉireann fágtha leo féin ag snámh i gcoinne an tsrutháin ach creidim gur chóir a bheith dílis do fhealsúnacht 'Céad míle fáilte' agus comhoibriú le gach cultúr eile sa domhain ilghnéitheach seo.

Faraor, tá dualgas orainn uilig a bheith ag comhoibriú lena gcéile lenár gcuspóirí a chur i gcrích.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní dhéanann teanga ina chónaí aigneas'

B'fhéidir gurbh fhearr le daoine áirithe saol breá ciúin a bheith acu ach cad is fiú teanga a bheith ag duine muna dtig argóint maith a dhéanamh ar son leasa an phobail.

Gluais

tuairiscí ...... reports

tionchar ...... influence

ceannaitheoir ...... consumer

córas gallda ...... foreign system

sobalchláracha ...... foreign soap dramas

coimhthíocha ...... programmes

riachtanais ...... needs

talmhaíocht ...... agriculture

diansmacht ...... strict control

fealsúnacht ...... philosophy

comhoibriú ...... co-operation


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland