Top Issue 1-2024

5 March 2012

Resize: A A A Print

An Lucht Taistil faoi scrúdú

TV Review

LE EOGHAN Mac CORMAIC

IDIR Big Fat Gypsy Weddings, Blood of the Travellers, Knuckle agus eile, ní féidir a rá nach bhfuil an pobal siúil ag fáil an 15 nóiméad de cháil agus chlú a d’fhógair an t-ealaíontóir Andy Warhol dúinn go léir, tráth den saol ach an bhfuil siad thuas nó thíos dá bharr, sin í an cheist.

Ní bheadh fadhb agam leis na cláracha seo dá mbeadh sprioc leo eolas luachmhar a thabhairt dúinn ar shaol an lucht taistil ach dá mba é sin an sprioc, is i bhfad ón marc atá an tsaighead ag dul. Ní hé nach bhfuil na cláracha ina n-ábhar siamsaíochta. Tá, leoga, agus beidh lucht leanúna dílis acu is cinnte ach le bheith ionraic faoi seo is ar ábhar grinn saol na ndaoine sna cláracha: a n-éagsúlacht, a gcumas €20,000 a chaitheadh ar ghúna agus béile Chéad Chomaoineach nó geall de £60,000 a chur ar throid doirn noicht; nó aon dena téamaí eile a leanann agus a léiríonn na cláracha, is ar sin a bheidh spéis formhór na ndaoine a fhéachfaidh ar na cláracha.

Is minic i gcláracha mar seo, go mbíonn aghaidheanna daoine áirithe geamhaithe ionas nach n-aithnítear iad. Fir is mó a chosnaíonn a ‘bpríobháideacht’ sa bhealach seo, ach cé atá ann le príobháideacht na bpáistí a chosaint, nó príobháideacht daoine eile (nach bhfuil fiú ar na cláracha) a fhulaingeoidh de bharr íomháíocht na gcláracha féin?

 Tá caighdeán aithint dínit an duine ag titim fad a’s atá caighdeán ‘siamsaíochta’ na gcláracha seo ag fás

Agus tá na stáisiún ar fad ciontach as seónna mar seo. Ar an BBC faoi láthair tá The Estate - léargas, ní mór a admháil, a dhéanann uanacha soineanta as carachtair dhífheidhmiúla seónna ficsin cosúil le Shameless, mar shampla. An tseachtain seo caite (an chéad chlár a chonaic mé féin den tsraith) lean an criú ceamara alcólach truamhéalach ar feadh tamaill: ar a chuairteanna os comhair na gcuairteanna, isteach ina árasán fíorbhocht, ag féachaint ar mhaoin phearsanta (Pas.. nár úsáid sé riamh, cúpla cuimhneacháin de shaol nach raibh aige a thuilleadh...) agus é ag sleamhnú isteach áit níos dorcha.  Ansin, bhuail luach - nó eilimint - iontas an tseó orainn an lucht féachana, nuair a fuarthas a chorp marbh san abhainn maidin amháin agus an créatúr ag iarraidh an buidéal a sheachaint agus tús nua a chur lena shaol.

Tá caighdeáin mhorálta, caighdeán aithint dínit an duine, ag titim fad a’s atá caighdeán ‘siamsaíochta’ na gcláracha seo ag fás, faraor. Ach is seirbhís ghliúcaíochta atá ann anois ag brath ar dhaoine nach bhfuil in ann, b’fhéidir, an difir a aithint idir ‘réal’ nó ‘ceap magaidh’ a dhéanamh astu féin.

Tá ráite ag Christine Cawley, Éireannach den lucht siúl i Londan go bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil na cláracha “using who we are against us in a way that feels very hard to take”.

Níl amhras ach go mbíonn tionchar ag na cláracha féin i scaipeadh ‘cultúr’ nua an lucht siúil agus d’aithneodh aon duine a bhí ar Chéad Chomaoineach, abair, deich mbliana ó shin ina raibh páistí ón lucht siúil go dtí searmanas na bliana seo, an difir ollmhór atá tagtha ar gheáitsíocht an tsearmanais idir gúnaí, limo sínte, maisiú srl. Nuair atá easpa airgid ag cur srian ar go leor teaghlaigh, is deacair gan mothú go bhfuil teaghlaigh eile ag caitheamh fortúin bhig ar an lá, agus nach bhfuil rian na gcláracha Big Fat Gypsy Weddings ar an chaiteachas agus ar an ‘nuachultúr’ seo.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland