Top Issue 1-2024

12 May 2005 Edition

Resize: A A A Print

Anocht FM nó 2FM na nGael

Is the new Irish language service on RTÉ RnaG enough to satisfy demand? asks AN DRAOI RUA.

Thosaigh seirbhís úrnua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain 2 Bealtaine agus 'stáisiún taobh istigh de stáisiún' cruthaithe nuair a thosaigh Anocht FM ag craoladh don chéad uair. Is cosúil go raibh admháil anois tugtha go hoifigiúil go mbíonn roinnt Gaeilgeoirí ag éisteacht le hamhráin i mBéarla uaireanta.

Ba mhór an peaca é a leithéid a admháil agus bhí sé ina ábhar conspóide ar feadh tamaill go mbeadh an seirbhís seo ag Anocht FM ag truailliú aerthonnta na nGael agus cead anois tugtha amhráin le liricí Béarla a chraoladh.

Creidtear go raibh se ina raic idir fhíor-Gaeil, saor-Gaeil, fíor-saor-Gaeil, saor-fíor Gaeil, seanfhondúirí agus Gaeil óga na cruinne. Caithfidh a admháil, áfach, gur tugadh fáilte Uí Cheallaigh roimh an tseirbhís nuair a thosaigh sé 2 Bealtaine.

Cé go raibh aird na tíre dírithe ar na toghcháin sna sé chontae agus sa Bhreatain, bhí toghchán dá chuid féin eagraithe ag fhoireann Anocht FM ina roghnaigh éisteoirí óga an t-amhrán 'Blister in the Sun' leis na 'Violent Femmes' le bheith mar an chéad amhrán Béarla ar stáisiún raidió náisiúnta na nGael.

Tá fás agus forbairt tagtha ar RTÉ RnaG le blianta anois ó bunaíodh é 1972. Creidtear go bhfuil dul chun le feiceáil ar líon na n-éisteoirí ó thosaigh siad ag craoladh 24 uair sa lá, 7 lá i aghaidh na seachtaine i rith na bliana. Tuigtear go mbaintear úsáid as athchraoltaí le freastal ar an tseirbhís oíche agus go mbíonn deis ag daoine éisteacht leis na cláracha seo chan amháin in Éirinn ach ar fud an domhain leis.

'RTÉ Raidió na Gaeltachta' an teideal atá ar an stáisiúin raidió seo agus níl amhras ar bith ann ach go ndéantar freastal iontach ar na pobail Gaeltachta. Uaireanta caithfidh an cheist a chur an bhfuil iarracht a dhéanamh acu forbairt ar an fhreastal lasmuigh den Ghaeltacht? Is mór an trua nar cuireadh 'Raidió na Gaeilge' ar an stáisiún an chéad lá riamh sa dóigh is go mbeadh sé intuigthe go raibh dualgas freastal ar Gaeil uile na cruinne. Tá cothú agus spreagadh ar leith de dhíth ag daoine sa Ghalltacht.

Bhí scigscéal ag 'Ar son na Cúise' i bhFoinse ag deireadh na seachtaine seo chaite go mbeadh 2FM ag cur seirbhís úrnua ar bun ina mbeadh amhráin le liricí Gaeilge curtha i láthair i mBéarla. I ndáiríre, ní olc an smaoineamh é go mbeadh clár dá leithéid ar fáil d'éisteoirí na tíre.

Ar ais chuig '2FM na nGael' mar sin. Bhí moltaí tugtha do Choimisiún Craolacháin go raibh éileamh ann stáisiún úrnua Gaeilge a bhunadh ar mhaithe le freastal ar an éileamh ó éisteoirí óga gaelacha. Éisteann an glún óg le réimse leathan ceoil agus ní dóigh liom gur féidir le Anocht FM freastal ar an éileamh ollmhór sin. Cuimhnítear nach maireann seirbhís Anocht FM ach ceithre uaire gach oíche idir 9.00 i.n. agus 1.00 r.n. Is cosúil gur seo an freagra a bhí tugtha ar an éileamh go raibh a leithéid de 2FM na nGael de dhíth ag éisteoirí óga.

Mar a dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí, dioscmharcach agus eagarthóir Foinse, caithfidh freastal ar an drochchaighdeán ceoil chomh maith ina mbeidh Britney Spears, Samantha Mumba, Westlife agus a leithéid craolta. Ach, ná bígí ag smaointiú go mbeidh an draoi rua ag tabhairt cluas éisteachta don seafóid sin.

Seanfhocal na Seachtaine

'Nuair a stadann an ceol, stadann an rince.'

A fhad is go gcoinnóidh muid an ceol ag gabháil beidh Gaeil na cruinne ag damhsa ar dhóigh éigin.

Gluais

Cruthaithe created

ábhar conspóide matter of dispute

seanfhondúirí old timers

athchraoltaí repeated broadcasts

scigscéal funny story

éileamh demand

seafóid rubbish


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland