Top Issue 1-2024

5 May 2005 Edition

Resize: A A A Print

Córas Oideachais an Dá Stáit - Ag slánú aicmeachais agus cóilíneachais

BY Cathal O Murchu

Má fhéachtar ar an gcóras oideachais sa dá stát ar an oileán seo, tá sé soiléir go n-úsáidtear an córas oideachais chun tuairimí an lucht rialaithe a chur i bhfeidhm ar an bpobal mór i gcoitinne. Feictear é seo go háirithe sa chaoi a mhúintear an stair ón mbunscoil ar aghaidh go dtí an ollscoil agus ar an gcaoi a chaitear leis an nGaeilge sa chóras céanna. I ndáiríre tá trí chóras ag feidhmiú taobh lena chéile - córas an tSaorstáit, córas Caitliceach na Sé Chontae agus córas Protastúnach na Sé Chontae - ach an aidhm chéanna ag gach ceann acu go léir. Is é sin ná chun lucht rialaithe a choimeád i gcumhacht. Thuig an Conghaileach go maith cad a bhí i gceist leis an gcríochdheighilt nuair a mhaígh sé gur "cairnivéal na gcoimeádach" a thiocfaidh in uasal réim, is é sin le rá lucht rialaithe an tSaorstáit a mhaígh náisiúnachas meánaicmeach Caitliceach agus lucht rialaithe sna Sé Chontae a mhaígh aontachtas Protastúnach.

I leith na staire de, rinneadh na córais éagsúla gach iarracht neamhaird agus neamhshuim a tharraingt ar stair frithbhirt na Éireannach i gcoinne ionsaí cóilíneachta na Breataine. Rinneadh gach iarracht sa chóras oideachais agus sna meáin chumarsáide na tuairimí contúirteacha a ghlanadh ó mheon mhuintir na hÉireann. Cuireadh an béim ar stair bunreachtúla agus ar chuinsí na huasaicme den chuid is mó, ach é sin ráite, is ar éigean gur éirigh go hiomlán leo. I gcóras an tSaorstáit agus i gcóras Caitliceach na Sé Chontae, dhírigh an stair a múineadh ar riachtanais na meánaicme Caitlicí sa chaoi gurbh é Dónall Ó Conaill, John Redmond, Éamonn de Valera agus Mícheál Ó Coileáin na laocha móra le rá sa stair. Maidir le córas aontachtóireach na Sé Chontae, na laocha móra a bhí acu siúd ná Edward Carson, James Craig, srl.

Maidir leis an nGaeilge, ní hé aon chúis ionaidh é nár thug na haontachtóirí aird ar bith don Ghaeilge os rud é go raibh meon ciníochtúil acu ina coinne, ach tá sé níos deacra fós meon an tSaorstáit a thuiscint ar an gcaoi seo. Fiú i measc na náisiúntóirí meánaicmeacha, bhí sé mar aidhm acu an Ghaeilge a athbheochan mar theanga stáit agus mar teanga ollabhartha an phobail ag tús an Fhichiú hAois, agus rinne an Saorstát ar dtús cúpla bheart bheaga chuige seo. Ach de réir a chéile, fuair siad réidh lena ndualgas agus chas chuid mhór den mheánaicme i gcoinne an teanga go hiomlán sa chaoi gur tháinig an Language Freedom Movement ar an bhfód sna seascaidí agus theastaigh uathu fáil réidh le 'éigeandálacht theanga' (ní éigeandálacht Bhéarla a bhí siad ag caint faoi.

Mar sin ón tréimhse sin ar aghaidh tá náimhdeas oifigiúil ó chuid shuntasach an Saorstáit don Ghaeilge. In ainneoin seo, tháinig gluaiseacht na nGaelscoileanna aníos ón bpobal agus na luath seachtóidí go dtí an lá atá inniu ann, tá na céadta Gaelscoileanna bunaithe acu. Is sampla é seo ar ghluaiseacht dhaonlathach a féidir an cultúr, an teanga agus an oidhreacht dhúchasachna chur chun cinn in ainneoin an náimhdis oifigiúil.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland