Top Issue 1-2024

6 February 2012

Resize: A A A Print

Acht Teanga Acht ar Strae (go dtí seo)

» LE CATHAL Ó MURCHÚ

ÓNAR CHUIR Teach Laighean an tAcht Teanga i bhfeidhm sa reachtaíocht i 2003, bhí an-dóchas ag Gaeilgeoirí na tíre seo go dtabharfaí tús áite don teanga náisiúnta mar is ceart faoi dheireadh. In ainneoin go ndeireann Bunreacht na 26 Chontae gurb í an Ghaeilge chéad teanga oifigiúil an stáit, go dtí reachtú an achta úd, tugadh droim láimhe nó déanadh neamhaird ar an nGaeilge agus ar na dualgaisí a bhí ar an stát an Ghaeilge a chur chun cinn. Go bunúsach, léiríodh go dtí seo nach raibh an stát úd tiomnaithe i ndáiríre an Ghaeilge a athbheochan mar ghnáth-theanga labhartha ag muintir na tíre seo. Agus ní raibh siad sásta cearta teanga a thabhairt mar is ceart do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht.

Is sa chomhthéacs seo a d’eascair an gá dá leithéid achta. Agus leis an acht a chur i bhfeidhm bheadh Coimisinéir Teanga agus Ombudsman Teanga ann leis seo a chinntiú. Bhí formhór na bpolaiteoirí agus lucht an phobail i gcoitinne bádhúil go leor le haidhmeanna an achta. Mar sin ba chosúil gurbh ar éigean go mbeadh fadhb ar bith an t-acht seo a chur i hbfeidhm os rud é gur thacaigh an pobal agus na polaiteoirí leis.

Tá teipeadh ag teacht ar oblagáidí an stáit

Tar éis reachtú an achta úd, bhí feachtas nua tosaithe go luath ina dhiaidh le go mbainfidh an Ghaeilge stádas amach mar theanga oifigiúil san Eoraip. ‘Stádas’  a tugadh ar an bhfeachtas seo. Baineadh an cuspóir amach sa bhliain 2004 tar éis an Rialtas a náiriú chuige sin. Iarmhairt eile a bhain leis an Acht Teanga ná gur thosaigh náisiúnuithe i gcoitinne agus poblachtánaigh ach go háirithe sna Sé Chontae ag éileamh na cearta céanna maidir leis an stát ó Thuaidh. Le linn na n-idirbheartaíochtaí idir na páirtithe agus an dá rialtas, glacadh le hacht teanga a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn (cé go raibh, agus go bhfuil fós, na haontachtóirí glan ina choinne). Tá gealltanas an Achta Teanga le comhlíonadh fós ag Rialtas na Breatainne.

Ó a thosaigh an géarchéim eacnamaíochta i 2008 agus teacht an Bhoird Snip Nua ar an saol, tá teipeadh ag teacht ar oblagáidí an stáit i dtaobh an Achta Teanga. Tá na ciorruithe ag cur as do réimse na Gaeilge níos mó ná réimse ar bith eile, in ainneoin nach bhfuil ach maoiniú beag ón stát ag dul isteach go réimse na Gaeilge. Mar shampla tá oifigí an Choimisinéara Teanga agus an Ombudsman Teanga le cur le chéile in aon oifig amháin ar mhaithe le hairgead a shábháil, le tuilleadh dá leithéid ciorruithe sa réimse seo ar an slí.

Cé nach bhfuil fadhb leis an Acht Teanga é féin, baineann an teipeadh nó an easpa comhlíonta ó thaobh an Rialtais de, le nádúr an stát é féin. Go bunúsach, tá meon an tsaorstáit an-tréan i measc na riaraitheoirí agus na státseirbhíseach - meon iarchóilíneach (nó nuachóilíneach) go smior. Mar an gcéanna, sna Sé Chontae, tá náimhdeas in aghaidh na Gaeilge trínsithe i measc na státseirbhíseach agus luchtanna cumhachtacha eile. Tá sé rí-thábhachtach go n-aithníonn lucht feachtasaíochta na Gaeilge an naimhdeas oifigiúil seo - ó Thuaidh nó ó Dheas - agus go rachaidh siad i ngleic leis.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland