Top Issue 1-2024

5 January 2012

Resize: A A A Print

Cleas an fhaitís i lámha an Rialtais

Caithfidh reifreann a bheith ann

Tá an dá fhoireann ag lineáil amach anois le haghaidh an troid mhór i dtaobh phlean déine de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá an rialtas ag súil go mbeidh siad in ann plean tarrthála na mbainc a chur i bhféidhm gan reifreann, ach is léir go bhfuil cumhachtaí breise dhá dtabhairt ag institiúidí san Eoraip a mbeidh cead bunreachtuil ón bpobal riachtanach lena dhéanamh.
Air sin freisin tá brú mór polaitiúil ar an rialtas mar gheall ar an scéal, mar is léir gur gníomh ollmhór atá i gceist is cuma cen chomhairle a fhaigheann an rialtas ón Ard-Aighne.
Cheana fein tá Fianna Fáil fiú ag rá go bhfuil an scéal chómh tábhachtach agus an t-athrú chómh bunúsach go bhfuil reifreann riachtanach; agus cé nach féidir an páirtí sin a thrust maidir leis an Eoraip tá seans maith ann go gcuirfidís in aghaidh an chonradh nua Eorpaigh seo.
Agus níl gach aon duine sa rialtas sásta ach an oiread.  Cinnte tá Páirtí an Lucht Oibre ag fanacht ina dtost, mar is dual do dhream a bhfuil fís dhifriúil don Eoraip acu (!) – i bhfocal an Uachtaráin, Michael D. Higgins.
Ach tá guth eiginnte anseo is ansiúd i bhFine Gael go deimhin nach bhfuil cinnte, agus é á rá ag Brian Hayes mar shampla nach mbeidís in ann an reifreann a bhuachaint mura n-athraíonn an Eoraip téarmaí an mhargaidh a rinneadh leis an tír seo.
Céard tá le déanamh mar sin?
Sé an sean-chleas i gcónaí é faitíos a chur ar dhaoine, agus tá an tAire Airgeadais, Michael Noonan, amuigh ag rá go mbeidh muid ag bhótail ar bheith páirteach san Euro nó é a fhágáil.
‘Nois, tá argóintí láidre ann i gcoinne a bheith san Euro, ach ní feidir le dream ar bith – an Ghearmáin, an Fhrainc nó eile – muid a chur amach as mura socraíonn muid féin é sin.  Nó, ní féidir muid a chur amach as an Aontas Eorpach in aghaidh ár dtola ach an oiread.
Mar séard atá sa gconradh a haontaíodh ag an gcuid is mó de thíortha an Aontais – ach nach cuid de dhlí an Aontais é toisc nár aontaigh gach aon tír leis – ná plean i dtaobh riaradh an Euro sa todhchaí.  Mura n-aontaíonn muide leis ní féidir é a dhéanamh.
Ach ní féidir leis an rialtas an scéal a phlé go hionraic, agus sin é an fáth go bhfuil siad ag mangaireacht faitís arís, ag súil go mbeidh an pobal sásta géilleadh don Aontas Eorpach in ainneóin na feirge atá orthu.
Le cinntiú nach n-eireóidh leis an iarracht seo beidh sé riachtanach fíor-fhírinne an scéil a mhíniú go soiléir.
Sé sin, níor éirigh riamh le tír ar bith tíocht as titim eacnamaíochta tré dhéine; agus ní éireóidh leis an Eoraip nó le hÉirinn é ach an oiread.  Ní mór airgead a bhaint ó dhaoine a bhfuil airgead mór acu – agus bainc na Gearmáine a bhí taobh thiar de chuid mhaith den titim sa túsáit ag íoc as ealó ón titim.
Ní shin ar ndóigh atá i gceist ag Angela Merkel, ná ag Enda Kenny nó ag Éamon Gilmore ach an oiread.  B’fhearr leis an mbeirt sin leas na tíre a chur taobh thiar de leas na bhforsaí atá i gceannas san Aontas.
Ní le haghaidh sin a bhótáil an pobal san olltoghchán, agus tá aimhreas mór ann an mbeidh siad sásta bhótáil dó sa reifreann.
Ní nach níonadh go bhfuil imní ar an rialtas faoi.

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland