13 January 2005 Edition

Resize: A A A Print

Airgead Eorpach scaoilte le Lá

Tá deireadh leis an bhac ar airgeadú oifig Lá i nGaeltacht Dhún na nGall.

Thug údaráis an chláir Eorpaigh, INTERREG, le fios do bhainisteoireacht Lá go n-íocfaí siardheontais a bhí dlite don nuachtán ó osclaíodh an oifig I nGaoth Dobhair i mí Meithimh 2004.

Tá na cúig phost san oifig Ghaeltachta anois slán agus fillfidh an nuachtán ar fhoilsiú chúig lá na seachtaine láithreach.

Cuireadh moill ar íocaíocht deontais le Lá faoin chlár INTERREG i ndiaidh gur thóg an Feisire de chuid an UUP Sylvia Hermon gearán i bParlaimint na Breataine i mí Iúil 2004.

"Is bua iontach é seo do Lá agus téann ár mbuíochas chucu sin uilig a thacaigh lenár bhfeachtas le dhá mhí anuas," arsa Bainisteoir Stiúrtha Lá Máirtín Ó Muilleoir.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland