Top Issue 1-2024

5 December 2011

Resize: A A A Print

Ní mór claontachas a ruaigeadh amach as gach chuid de RTÉ

Más maith is mithid go bhfuil an ceathrar is mó a bhfuil freagarthacht orthu as an ionsaí suarach leabhalach a rinne RTÉ ar an tAthair Kevin Reynolds ag “seasamh ar leataobh.”
Is díol trua í ag an am céanna gur go drogallach a tarraingíodh RTÉ go dtí an pointe seo, agus gach rud atá déanta ag RTÉ faoin scéal go dtí seo thabharfadh sé le fios nach bhfuil a leithscéal ró-ionraic is nach bhfuil sé i gceist acu aon ghníomh smachta a dhéanamh faoi más feidir leo.
Gan dabht seo é an suarachas is measa ag rannóg chúrsaí reatha RTÉ é faoi stiúir Ed Mulhall (atá anois ag “seasamh ar leataobh”).  An ceann is measa, sea, ach ní hé seo an chéad uair a lig Mulhall agus an rannóg seo go dtiocfadh a gcuid claontaí polaitiúla roimh riachtanaisí gairmiúla iriseóireachta.
Sa gcás áirithe seo ba shagart Caitliceach a bhí i gceist.  Ní Caitliceach mise agus níl aon fháilte agam roimh an lámh in uachtar a bheith ag an Eaglais sin, ach aon uair a bhíonn sagart i gceist i scéal nuachta ní féidir leis cothrom na Féinne a fháil ó RTÉ – nó ó aon cheann de mheáin na Bunaíochta.
Ach amháin ar ábhar amháin: tá droch-stair ag an Vatacáin i dtaobh saoirse na hÉireann, ach ní phléitear sin ar RTÉ nó san Irish Times nó eile.
Ní thaitníonn Fianna Fáil leis an mBunaíocht ach an oiread, ach ní mar gheall ar a gcuid polasaithe eacnamaíochta – mar tá na polasaithe céanna anois ag an rialtas reatha de chuid Fhine Gael agus an Lucht Oibre.
Ní thaitníonn Fianna Fáil leó toisc go gcreideann siad go bhfuil rian den náisiunachas fágtha sa bpáirtí sin.  Ní bheadh sé éasca an rian sin a aimsiú ach teastaíonn ón mBunaíocht an náisúnachas a dhíbirt as aon chómhrá measúil.
Sin é an fáth gur thug siad faoi Beverley Flynn sa gcaoi gur thug.  Ionsaí ar a hathair a bhí ann i ndairíre. Chuir RTÉ ina leith gur dhíol sí scéim infheistíochta le feirmeóir den ainm Howard ag rá leis go bhféadfadh sé cáin a sheachaint.
Mar a tharla sé ní raibh aon bhaint riamh ag Flynn le Howard, ach ghnúthaigh RTÉ an cás cúirte mar sin fhéin toisc go raibh siad in ann fianaise a aimsiú tré ordú cúirte – fianaise nach raibh ag RTÉ roimhe – a thug le fios go ndearna sí gníomh den chineál céanna fiú mura ndearna sí an gníomh a cuireadh ina leith.
Sé sin, rinne RTÉ líomhaíntí tromchúiseacha, agus lorgaigh siad an fhianaise ina dhiaidh, agus bhí sé sin indéanta mar bhí claonadh in aghaidh Fhianna Fáil go forleathan i measc na Bunaíochta.
Ach mura dtaitníonn Fianna Fáil leis an mBunaíocht, nach seacht n-uair níos measa é an scéal nuair atá Fíor-Phoblachtánaigh agus Sinn Féin i gceist.
Breathnaigh ar an gcaoi gur thug na meáin, agus RTÉ ach go háirithe, go fíochmhar faoi Martin McGuinness i gcaitheamh fheachtas na hUachtarántachta.
Go lom ar Prime Time, dúirt Miriam O’Callaghan gur dúnmharfóir a bhí i McGuinness.  Sin é an cineál cainte a thiocfaidh ó aintoisctheach frith-Phoblachtánach éicínt: ní cóir go mbeadh a leithéid á rá ag láithritheoir gairmiúil ar an seirbhís náisiúnta telefíse.
Ach ní hamháin nár cáineadh O’Callaghan mar gheall ar an maslú suarach sin, ach thug Mulhall moladh mor di mar gheall ar an “job well done”.
Ní fiú an t-iniuchadh atá le déanamh ar scéal Kevin Reynolds mura mbreathnófar isteach i riaradh an rannóg chúrsaí reatha ar fad, agus sa gcaoi go bhfuil cead acu a gclaontaí a chur chun cinn in ionad fíor-dhíospóireacht oscailte polaitiúil a spreagadh.
Bhéinn aimhreasach i gcónaí nach ag cur an phlána mhín ar an scéal a bhéas an t-iniuchadh –th’éis dóibh is dócha a laghad is féidir a ghéilleadh maidir le scéal Reynolds.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland