30 September 2011
Ian Óg agus Diúltú don Dul Chun Cinn
LE DONNCHADH Mac AMHLAIDH
» LE DONNCHADH
Mac AMHLAIDH
IS LÉIR AMACH is amach nach bhfuil Ian Óg Paisley ag foghlaim agus nach bhfuil ‘an coileán mar bhí an cú mór’.
Agus é ag caint le gairid ar The Politics Show (18/09/11), ní raibh aige ach dímheas ar Mháirtín Mhac Aonghusa atá ag dul chun tosaigh le bheith ina Uachtarán orainn. Tá an méid sin féin le moladh — go bhfuil Sinn Féin ag rá leis an tír ar fad go bhfuil daoine inár measc a bhí, a bhíonn agus a bheidh ionchurtha le ceannairí stáit as tír ar bith eile.
D’athraigh an saol go mór ó bhí athair Ian Óig i lár an aonaigh agus ní mór don chéad ghlúin eile glacadh leis sin. Ach is mór an croí a fuair Ian Óg dul ar an teilfís agus a bheith ag caint ar ‘pholaiteoirí neamhshásúla’ — easpa aibíochta is léir dom ansin.
An ea é go bhfuil Ian ag rá linn nach bhfuil sé sásta le páirtí a d’oibir go dian dícheallach leis an tsíocháin a bhronnadh ar ár bpáistí agus ar a bpáistí siúd? An ea é go bhfuil Ian ag rá linn nach bhfuil sé sásta comhoibriú le polaiteoirí nach gcuireann a leas féin sa chéad áit?
B’fhéidir gur cheart le hIan a mhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag Sinn Féin agus féadann sé fiche rud a rá faoin pháirtí ar bith, ach níor imigh a oiread is MLA/TD as an pháirtí ariamh (agus é ina ábhar náire) mar bhí sé ag iarraidh uisce a tharraingt ar a mhuileann féin. Níl de dhíth ar Ian ach ceachtanna ceannasaíochta nó is léir go bhfuil sé sásta cúl a thabhairt don fhoghlaim a rinne muid uilig le tamall de bhlianta anuas.
Caithfear glacadh leis go mbeidh a dhearcadh féin ag daoine agus cuirtear fáilte roimhe sin ach ba léir ar an méid a bhí le rá ag Ian Óg nach ábhar ar bith uachtaráin/ceannaire (fiú ar a pháirtí féin) go fóill é. Ní thuigeann sé toradh an idirspleáchais - daoine neartmhara a aithníonn gur mó i bhfad an toradh a bheidh ann do chách má oibríonn daoine láidre i gcuideachta a chéile, ar shon a chéile. Sin an rud is mó atá neamhshásúil.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures