Top Issue 1-2024

8 January 2004 Edition

Resize: A A A Print

Spásárthach eile ar Strae

The Spaceship 'Spirit Rover' landed on Mars last weekend and was greeted with great applause by NASA but, asks

AN DRAOI RUA, what's the big deal?

Bhí bualadh bos agus rí-rá ollmhór ann nuair a thuirling 'Rover Spirit' ar an phláinéad dhearg maidin Dé Domhnaigh seo chaite. Caithfidh mé a rá nach dtuigim cén fáth a bhfuil an méid sin airde tugtha don nuacht seo nó cad chuige a thugtar an oiread sin tacaíochta do dream beag daoine a bheith ag súgradh le bréagáin iontach costasach sa spás? Cur amú airgid is cur amú ama atá ann dar liom. Tá sé dochreidte an méid airgid atá caite suas san aer ag a leithéid thar na blianta.

Theip ar iarrachtaí eile spásárthach a thuirlingt ar Mhars. Le déanaí, cailleadh 'Beagle 2' Lá Nollag 2003 agus theip ar iarrachtaí NASA i 1999 chomh maith.

Creideann NASA go mbeidh siad ábalta spásárthach eile 'Opportunity' a thuirlingt ar an taobh eile den phláinéad dhearg 24 Eanáir seo chugainn. Ta sé i gceist ag NASA na spásárthaigh seo a chur ag taisteal ar dhromhchlár an pláinéid ar feadh nócha lá agus iad ag glacadh griangrafanna. Lena chois sin, déanfar dianscrúdaithe ar charraigeacha agus ar chré Mhars. Le fírinne, déanfaidh siad iarracht 'uisce' a aimsiú ar Mhars agus a chruthú go raibh beatha de shaghas éigin ann tráth den saol.

'Cad é atá cearr leis an mhéid sin?' a deir tú. Bhuel, is dócha gur chóir iarrachtaí NASA a chur i gcomhthéacs fadhbanna an domhain seo. Tuigimid go bhfuil an iomarca daoine ag fulaingt leis an ocras ar dhromhchlár na cruinne, go bhfuil géarghá le leigheasanna éagsúla sa tríú domhan, nach bhfuil córas uisce ceart i neart tíortha eile, go bhfuil a leithéid de mhuintir na hIaráice i gcruachás i ndiaidh buamáil SAM, go bhfuil muintir na Iaráine i ndiadh tubaiste ollmhór a fhulaingt de bharr chrith talúin thar fhéile na Nollag...

Cinnte, thiocfadh le gach duine againn cur leis an liosta sin agus a léiriú cásanna níos práinní ná taisteal sa spás ar mhaithe le 'comhartha beatha' a chuardach. Ar ndóigh, nach bhfuil neart beatha ar dhromhchlár na cruinne seo? Tuigtear fosta go bhfuil rudaí beo sa domhan seo nach bhfuil aimsithe ag eolaithe an Iarthair go fóill. Cad atá déanta ag lucht an rachmais leis an bheatha ar an domhan seo cibé? Sea... truailliú agus scrios.

Abair go n-éiríonn le 'Rover Spirit' nó le 'Rover Opportunity' braoinín uisce suarach salach amháin a fháil ón phláinéid dhearg. Tiocfaidh siad ar ais go dtí an domhan osréalach eile sin, NASA i SAM, agus beidh preasócáid ollmhór acu le meáin cumarsáide na cruinne agus taispeánfaidh siad buidéal beag bídeach ina bhfuil braoinín uisce ann. Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh an deoirín ach ní bheidh sé de mhisneach ag iriseoir ar bith ceist a chur faoi thruailliú uisce an domhain seo, nó an mbeidh?

Seanfhocal na Seachtaine

'Gach duine ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.'

B'fhéidir go bhfuil an méid seo fíor ach is cosúil go bhfuil an muileann is costasaí ag NASA.

Gluais

iarrachtaí attempts

spásárthach spaceship

dianscrúdaithe intensive examinations

comhthéacs context

géarghá dire need

crith talúin earthquake

truailliú agus scrios pollution and distruction

preasócáid press conference


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland