Top Issue 1-2024

9 September 2011

Resize: A A A Print

Imeacht mór san fhéilire . . .

BHÍ sceitimíní orm, an lá sin, nuair a tháinig mo chárta teachta chugam mar ionadaí thar cheann Chumann Sheán Dolan, Doire Trasna, chuig Ard Fheis Sinn Féin, imeacht mór san fhéilire poblachtach, i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath siar i Mí Dheireadh Fómhair 1975.
Bhí beirt againn ainmnithe ag an chumann, Tommy McGlinchey, iarchime ar scaoileadh saor ón Cheis Fhada níos luaithe an bhliain sin agus mé féin. Bhí bís orm nó sna laethanta sin bhí draíocht ar leith a bhain le turas go Baile Átha Cliath agus ós rud go raibh rún againn ar chlár na hArd Fheise, bheadh orainn an rún a mholadh agus labhairt ar an ábhar.
Rún conspóideach a bhí ann ag an am, cinnte. Bhí muid ag moladh go raibh an t-am ann do Shinn Féin a bheith páirteach sna toghcháin do chomhairlí áitiúla sna Sé Chontae, rud a rith in aghaidh polasaithe Shinn Féin na laethanta sin. Ach ar ndóigh, sin an tuige go mbíonn Ard Fheiseanna ann - le polasaithe a dhéanamh, a leasú, a chaitheamh amach. Ní raibh muid ag súil le mórán athraithe ag an Ard Fheis sin ach síol a chur agus díospóireacht a thosú b’fhéidir.
Ar mhaidin Aoine na hArd Fheise, cúpla uair a chloig sula raibh muid in ainm a bheith ag imeacht go dtí Baile Átha Cliath, phléasc dílseoirí buama faoi ghluaisteán Tommy. Gortaíodh é go dona agus go deimhin chaill sé a dhá chois agus beag nár maraíodh é. Chuaigh mé ar aghaidh go dtí an Ard Fheis. Stad Arm na Breataine mé ag Achadh na Cloiche ar feadh ceithre huaire a chloig, ach bhain mé Ostán an North Star amach mall an oíche sin, in am don Ard Fheis an mhaidin dar gcionn. Is dócha gur chuid den Ard Fheis a bhí ann ag an am, tréimhse a chaitheamh ar thaobh an bhóthair faoi scáil gunnadóirí na Breataine.
Chaith teachtaí na hArd Fheise ár rún amach i ndiaidh díospóireachta bríomhaire ach is cúis áthais i gcónaí é go raibh Tommy ar ais ar a sheanléim arís, ar chosa tacair, taobh istigh de bhliain. Maith é. Is iomaí iobairt phearsanta a rinne sé, agus a bhean ar son na cúise. Faoin am go dtáinig an chéad Ard Fheis eile thart, bhí mé faoi ghlas agus chaill mé amach ar go leor Ard Fheiseanna eile i ndiaidh sin.
36 bhliain i ndiaidh sin tá an Ard Fheis ag dul go Béal Feirste. Tá go leor athraithe ó shin sa saol: tháinig athraithe i straitéis toghchánaíochta an pháirtí le linn agus i ndiaidh na stailceanna ocrais i 1981 agus anois tá ionadaithe tofa againn i ngach institiúid pholaitiúil sa tír. Tá bagairt na dílseoirí maolaithe agus is dócha nach mbeidh mórán cur isteach ag Arm na Breataine ar ionadaithe agus teachtaí chuig an Ard Fheis i mbliana. Tá súil agam a bheith ann, tá súil agam díospóireachtaí bríomhaire a chluinstin agus tá súil agam polasaithe, straitéisí agus forbairt a fheiceáil a múnlú a thógfaidh muid ar aghaidh céim eile ar an turas seo.
Bíodh sceitimíní orainn go léir: is imeacht mór san fhéilire poblachtach í an Ard Fheis. Bhí i gcónaí, beidh go deo.

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland