Top Issue 1-2024

2 February 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint - le Seán ó Donaile

TÍR GAN ANAM!

Agus leath na tíre curtrha amach de dheasca treor-leabhar Lonely Planet, agus iad ag caitheamh anuas orainn.

Caide faoi na forty shades o' green agus ár seamróigí" agus "arrah Begorrah Séamas an bhfuil tú ag ithe prataí arís?"

Tá an tír agus an sochaí taréis dul tríd athrú do-chreidthe anseo ach taimíd fós ag caint faoi cloch Blarney agus ag díol scéaltaí do na Poncánaigh faoi Leipreracháin agus na tuair ceatha.

De réir an leabhar seo ta sé thar am dúinn dearmad a dhéanamh ar an sean íomha, níos mó muinín a bheith againn agus ár sochaí nua a chur ós comhair na turasóirí.

Bhí muintir Tír Chonaill ar buile arís!, nuair a chain siad go gear an sraidbhaile uafásach sin Bundoran agus é truaillaithe leis na slots agus muintir Celtic ag canadh droch bhailéid agus ag slogadh siar na mílte piontai.

N'fheadar cen fáth a cheap siad go raibh Gaillimh chomh "sleek" sin agus é loite le tithe agus arásáin in athann coirnéil den chathair.

Ní raibh siad ró-thógtha le Dún Dealgan, a bhí ró-ghruaimeach agus gan móran le rá faoi ach go bhfuil an droch-phionta Harp agus leath an INLA ansin.

Níl tada i gCnoc Mhuire ach fir ag rith thart ag díol rock ó Knock agus Rosary Beads le soilsí.

Tá an ceart acu nuair a deireann siad go bhfuil Iarthar Thír Chonaill scriosta le tithe bána in athann dara pháirc. Cén fath nar chloígh siad leis na sean sciobóil ar son na turasóirí. Tá feabhas mór a deir siad ar Luimneach, leis an timpeallán nua thart air agus moltar duit dul gan an iomarca ama a chur amú san Uaimh ach amhain má bhuaileann tú le 'Navan Man' nó fear mór rua le geansaí Kepak air !

Tá seo ar eolas againn leis na blianta, mar sin ní chóir d'éinne bheith ró-churtha amach.

Ba chóir dóibh Laois agus Longfort a chur le seo agus an bóthar ó Tulsk go Dromad.

Agus ní raibh fhios agam go raibh níos mó na 24 duine ina gconaí i Liatroim agus Larry Cunningham ina measc!

Níl ait níos deise sa domhan na an cósta Iarthar ach tá an aimsir lofa agus tá na ostáin & rl. ag tarraingt an tóin as leis na praghasanna ard- bhí se níos saoire domsa le deanaí deireadh seachtaine a chaitheamh i bParis nó i bPortlaoise, agus an eitleán san áireamh.

Ta leath na cathrach ag bogadh faoin tuath agus ag maíomh as an caighdéan maireachtala atá acu- ag tiomaint ar feadh ceathair uair a chloig gach lá agus dul ar siúlóid ar an bypass- "bóthair na dtóin mhóra " a ghlaotar orthu.

Níl fhios agam cén siombail a chuirfidh Bord Fáilte isteach in ionad an leipreachan agus an seamróg - an fón póca nó PSP, scuaine tracht nó an Tíogar Ceilteach agus a Cabernet Savignon!

Má tá tú i mBaile átha Cliath caith do dheireradh seachtaine ag seinnt ceoil san Cobblestones agus ag caint leis na geailt agus ag amharc ar cú óga Thír Eoghain i bPáirc Uí Chrócaigh agus ag caitheamh clocha ar an Union Jack agus mas i dTír Chonaill thú, teigh amach ar bhad go Toraigh ag bailiú feamainn, ach fan ar shiúl ó Bundoran agus muintir Celtic!

'NAME YOUR PLACE'

Tá an dara eagrán de 'Name Your Place' foilsithe ag Conradh na Gaeilge sa tSionnain.

Tá roinnt athraithe ann agus é tugtha suas chun data .

I measc na nathraithe ta liosta d'ainmneacha a bheadh oiriúnach do shiopaí, óstáin agus ionaid gnó éagsúla.

An príomh chúis gur foilsíodh an leabhran seo ná chun spreagadh (encouragement) a thabhairt do dhaoine le hainmneach Gaeilge a chur ar fhorbauirt tógála, ar ionaid gnó nó ar tithe aonair agus úsáid na logainmneacha (placenames) a chur chun cinn.

Tá sé oiriúnach do dhaoine ar bheagan Gaeilge chomh maith leis an pobal go ginearálta.

Tá se simplí , furast a úsáid agus an taistriúchan Bearla air.

Is féidir le cabhair ón leabhran le daoine ainmneacha a roghnú a bheadh ag dul le dreach fisiciúil (physical characteristics) an cheantair ina bhfuil siad- cnoc,

gleann, abhann mó sean ainmneacha na háite.

An córas a bhí i bhfeidhm chun sraid ainmneacha a roghnú i mBearla agus a aistriú go gaeilge , níl ins na haistriúcháin gaeilge ach leithsceal de rud agus ní bhaintear úsáid astu.

Mar sin bhí ga len a leithéid seo de leabhar chun nós na nainmneacha Gaeilge amhain a chur chun cinn.

Is feidir an leabhran nua aimsirthe seo a ordú ó Foras na gaeilge nó ó 086-8337757.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland