
![]() |
Recent Editions
|
13 March, 2008 |
Other NewsAbair níl do LiospóinBa chóir d’Éirinn bheith san Eoraip. Tá comhoibriú lenár gcomhpháirtithe Eorpacha luachmhar agus is gá dó leanúint ar aghaidh. Is é an dúshlán atá romhainn ná Eoraip nua-aimseartha dhaonlathach a thógáil d’Éirinn nua-aimseartha dhaonlathach. Amhail cuid mhór de na conarthaí a chuaigh roimhe ní sholáthraíonn Conradh Liospóin leasú, éifeachtacht nó daonlathas. Tá níos fearr tuillte ag Éirinn.Is é atá i gceist le Conradh Liospóin aistriú ollmhór cumhachta chuig an AE. Luathaíonn sé go suntasach míleatú an AE, ina bhfuil moltaí a bheidh go holc dár ngeilleagar, dár seirbhísí poiblí agus do chearta ár n-oibrithe. Is é lomchnámh na fírinne go dtugann Conradh Liospóin barraíocht cumhachta don AE. Níl le déanamh agat ach amharc ar imeachtaí le roinnt blianta anuas le feiceáil cad é a chiallaíonn níos mó cumhachtaí a thabhairt don AE i bhfírinne: Muirir uisce le hiarmhairtí díobhálacha do scoileanna; Oibrithe Irish Ferries briste as post; Gan an rialtas a bheith in ann déileáil leis an fhadhb le mairteoil Bhrasaíleach nó le druidim síos tionscal biatas siúcra Éireannach a chosc; Eircom agus Aer Lingus príobháidithe – ag cur moille ar rolladh amach leathanbhanda agus tarraingt siar sheirbhís na Sionainne mar thoradh air. Is ionann an chinniúint do BSL(ESB) agus An Post; Tá saighdiúirí na hÉireann páirteach i ngrúpaí catha AE; Níl smacht ag Rialtas na hÉireann ar rátaí uis atá ag ardú; Níl cearta oibrithe chun téarmaí agus coinníollacha cothroma sa bhallstát ina mbíonn siad ag obair daingean níos mó mar thoradh ar rialuithe dlíthiúla na Cúirte Bhreithiúnais Eorpaí; coinneofar taifid de gach ríomhphost a chuirtear agus na hamanna a dhéanann tú logáil isteach nó amach ar an idirlíon go ceann trí bliana. Is é an rud atá soiléir le roinnt blianta anuas ná go bhfuil níos lú cumhachta ag Rialtas na hÉireann chun dlíthe nach bhfuil lenár leas a dhiúltiú. Má ligtear do Chonradh Liospóin dul ar aghaidh rachaidh an cás in olcas. Tá sé ríthábhachtach le cuimhneamh má ghlactar le Conradh Liospóin cuirfidh sé i mbaol ár gceart uathoibhríoch chun reifrinn agus ár gcumas amach anseo chun margadh den scoth a fháil d’Eirinn. Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact |
©Copyright 2008 An Phoblacht Privacy Policy |



Print this article
E-mail this article