New date for monthly paper – June 24
An Phoblacht
Ireland's Biggest Selling Political Weekly

Recent Editions

Donate to An Phoblacht Advert
Donate to An Phoblacht Advert

Sinn Féin
Sinn Féin bookshop
Friends of Sinn Féin
18 October, 2007

Other News

Cinneadh Edwin Poots frith-Ghaelach - Conradh na Gaeilge

Dáithí Mac Cárthaigh

Photo: Dáithí Mac Cárthaigh

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh an cinneadh a ghlac an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, an seachtain seo maidir le hAcht Teanga a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart frith-ghaelach agus go raibh deis curtha amú ag an Aire ón DUP, aitheantas a thabhairt don Ghaeilge, teanga ar le muintir uile an oileáin uile í.
Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is cinneadh náireach, frithghaelach agus frith-Ultach é an cinneadh seo a thóg an tAire Poots maidir le cur i bhfeidhm Achta Gaeilge sa Tuaisceart. Tógadh an cinneadh seo in ainneoin gur léirigh an mórphobal tacaíocht chuimsitheach don acht seo.
 “Táimid ag éileamh ar Gordon Brown agus ar rialtas Westminister anois seasamh lena dualgais faoin dlí idirnaisiúnta agus an tAcht seo a chur i bhfeidhm láithreach. Caitear an stádas agus na cearta céanna a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart agus atá ag an nGáidhlig san Albain agus ag an mBreatnais sa Bhreatain Bheag. Iarraim ar mhórphobal na Gaeilge agus orthu siúd a bhfuil bá acu don Ghaeilge brú a chur ar Rialtas Breataine agus ar Rialtas na hÉireann a ngealltanais a chomhlíonadh.”

Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact

Return to Top

    ©Copyright 2010 An Phoblacht    Privacy Policy