Mhúscail mé le mo chlog nua aimsire I ndiaidh a sé agus bhí mé sáite I mo
chéad scuaine tráchta ag deich i ndiaidh a seacht ar maidin, le droichead
coincréideach thar mo cheann agus BMW XS ós mo chomhair; mo fhuinneoga a
bhogann le cnap agus mo stereo ag éisteacht le mo MP3 agus ag cailliúint
foighde leis an trácht.
Tá Ionad Siopadóireachta 'Bhlanch'ar mo thaobh chlé, túr ollmhór gloine agus
spáslong gránna plaistic agus coincréideach agus tá sé ag stealladh baistí
go fóill agus tá beirt thiomanaí ag eascainí ar a chéile.
Tá bean taobh thiar liom ag piocadh a srón agus ag cur an iomarca Polyfilla
ar a aghaidh agus lipstick ar a fiacla agus é measctha le Silk Cut Purple
agus bunnóg.
Tá sí buartha faoi a cuid fiacha- cheannaigh siad teilifís Plasma I
gcomhair trí mhíle Euro mar tá an Ryder Cup ag teacht agus beidh na
comharsain ag caint; agus chosnaigh an Lexus triocha mhíle.
Tá na cartaí creidmheasa thar teorainn agus tá an banc ag gearán arís. Tá
fear le aghaidh corcra ag iarraidh bogadh isteach ar mo lána agus níl me ag
ligint dó agus scaoileadh mé é le piléir muna bhogann sé- mothaím mar
Michael Douglas sa scannán 'Falling Down'.
Tá sé ar an fón póca agus ag léamh iris faoi arasáin ar an Costa Del Sol; ní
boda mhór thú go dtí go bhfuil infheistíocht agat thar lear agus cosúil leis
na tiarnaí talúin anseo fadó níl mórán seans go gcaithfidh tú aon ám ansin
roimh do seascaidí ach ar a laghad is fiú an brú mar ní bheidh na páistí in
ann teach a cheannach nuair a fhásann siad suas - tá sé €700,000 I gcomhair
teach trí sheomra in aice Páirc an Fhionnuisce anois agus beidh sé sna
milliúin I gceann deich bliain eile.
Mhol an dochtúir dó éirí as na toitíní de bharr an brú ar a chroí agus tá
cúrsa eagraithe ag an jab i gcomhair strus; agus tá sé ag tabhairt a bhean
chéile go dtí feirm sláinte faoin tuath ar feadh oíche- €280 an duine i
gcomhair dhá shlisín cucumberíní sna súile!
Tá sé fós ag cur báistí.
Tá mé beagnach uair a chloig sa trácht anois agus ag teacht go dtí an dara
timpeallán- tiománaithe ag troid fa choinne an lána is fearr agus leoraí mór
in aice liom lán le bia sláintiúil i gcomhair McDonalds- tá cuma ar an
tiománaí go bhfuil leath an leoraí ithe aige chean féin agus é ag cur téacs
chuig a 'fancy woman' ar deisceart na cathrach.
Tá mé faoi bhrú anois- ta cruinniú agam ag leath I ndiaidh a h-ocht agus
ceann eile ag a deich agus caithfidh m'alt bheith istigh roimh inné agus an
eagarthóir bocht faoi bhrú.
Agus tá ocras orm...agus níl se a hocht a chlog go fóill.
Ta daoine faoin tuath ag an ám seo agus iad fós ina luí, nó ag siúl thart ag
amharc ar na beithígh, nó ag siúl cois trá, nó ag tiomaint go dtí Centra ar
tarracóir I gcomhair Breakfast roll.
Chas mé le fear le deanaí agus é ag tiomaint Honda 50 thart a h-oileán gan
aráchas, gan timpeallán nó BMW's ag cur isteach air agus é ar chúrsa FáS- ag
foghlaim cniottáil a deir se liom agus miongáire air.
B'fheidir gur choir do chomhairleoirí Shinn Féin feachats a thosnú muintir
na cathrach a athlonnú go dtí Inis Oírr agus cosc a chur ar mobiles agus
BMW's.
Nach iontach saol an Tíogar Ceilteach- anois cá bhfuil mo Frappacinno?!
Foclóir
Ionad Siopadóireachta Shopping Centre
foighde patience
fiach debt
buartha worried
Árachas insurance
Athlonnú re-locate
Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact