Current An Phoblacht website An Phoblacht archives 1997 - 2010
Ireland's Biggest Selling Political Weekly

Recent Editions

26 January, 2006

Feature

Athbhreithniú ar mhúineadh na Gaeilge

BY Cathal O Murchu

Tá formhór daoine, gan amhras, ar son athbhreithniú a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge, idir iad siúd atá tiomnaithe do leas an teanga agus iad siúd atá frith-Ghaelach. Tuigtear go coitianta nach bhfuil ag éirí leis an nGaeilge a athbheochan sa chóras oideachais sa chaoi a fheidhmíonn sé i láthair na huaire. Ó a bunaíodh an Stát ó Dheas, thug an Stát úd dualgas air féin - mar cheann de phríomh-éileamh Réabhlóid na hÉireann - an Ghaeilge a athbheochan agus is tríd an gcóras oideachais a bheadh sé seo le comhlíonadh. Ní raibh aon pholasaí teanga ag aon rialtas ó 1922 go dtí an lá atá inniu ann agus is mar gheall air sin a ndeachaigh athbheochan na Gaeilge i léig maidir leis an Stát. De réir a chéile, tháinig tuilleadh galldú ar an gcóras oideachais tar éis na caogadaí sa chaoi go rachaidh caighdeán agus teagasc na Gaeilge i léig. Ag an am céanna, tháinig meath agus cualú ar an-chuid ceantracha Gaeltachta agus níos mó ná leath dóibh caillte ó 1922.

Dá bhfágtaí don Stát an Ghaeilge a athbheochan agus a shlánú, níl aon amhras ann ach go mbeadh an Ghaeilge imithe ar shlí a fírinne. Is iad na gaelscoileanna agus eagraíochtaí Gaeilge neamhspleách atá freagrach d'aon fhás agus bhorradh a tháinig ar an teanga ó shin agus ba mhinic dóibh a bheith i gcoimhlint leis an Stát úd. Tóg na gaelscoileanna mar shampla. Ba mhinic don Roinn Oideachais dul i gcoinne agus an méid bacanna a féidir leo a chur i gcoinne bunú gaelscoileanna áirithe, in ainneoin an éilimh mhóir a bhí ann ó thuismitheoirí an phobail do na gaelscoileanna.

Maidir leis an siollabas Gaeilge, ba é an Roinn Oideachas a bhí (agus atá) freagrach as ucht dearadh an tsiollabais agus ba mhinic daoine thar na blianta ag gearán faoi sa chaoi nach raibh sé cuí d'fhoghlaim an teanga i gceart. Bhí an iomarca béim ar an ardlitríocht seachas foghlaim conas caint, comhrá agus comhthuiscint. Bhí neart gearán, freisin, faoi mhúinteoirí nach raibh sách oilte an Ghaeilge a mhúineadh agus cuid acu gan cumas labhartha fiú! Ach go bunúsach, bhain an fhadhb leis an gcóras i gcoitinne ar chaith leis an teanga ar nós ba chuma leo. Ní raibh an córas úd, nó an Stát é féin, dáiríre faoi mhúineadh na teanga nó faoi athbheochan ach an oiread.

Tá daoine fós ann i measc lucht rialaithe an Stáit a theastaíonn uathu an teanga náisiúnta a ruaigeadh agus iad sách gníomhach chuige seo. Is uathu siúd a thagann an moladh ó Fhine Gael chun nach mbeidh an Ghaeilge éigeantach do leibhéal na hardteistiméireachta agus iad ag rá nár cheart Gaeilge a bhrú ar dhaoine. Ar ndóigh níl aon fhadhb acu Béarla a bheith brúite ar dhaoine sa sochaí i gcoitinne nó Béarla agus Mata a bheith éigeantach san Ardteist. Baineann an moladh seo, mar a bhaineann an lucht rialaithe céanna a thacaíonn leis, le frith-náisiúnachas, le frith-Ghaelachas agus biogóideachas.

Gluais Focal

athbhreithniú review

tiomnaithe committed

príomhéileamh principle demands

Réabhlóid na hÉireann the Irish Revolution

comhlíonadh fulfill

i gcoimhlint in conflict with

borradh boost

ruaigeadh banish

Gaeilge éigeantach compulsory Irish

biogóideachas bigotry

Articles may not be reproduced without the consent of An Phoblacht. For further information, please contact

Return to Top

    ©Copyright 2012 An Phoblacht    Privacy Policy