24 April 2003 Edition

Resize: A A A Print

Críost sa Bhéaloideas

Since the resurrection of Christ is celebrated over the Easter period, AN DRAOI RUA resurrects a few folklore stories about Christ that were once very common in this country.



Tá daoine ann den tuairim go raibh íosa Críost ar cheann de na seanchaithe is fearr a mhair riamh. Ní amháin go raibh a lán scéalta le hinse aige féin ach tá neart scéalta ann ina thaobh chomh maith. Is dócha go bhfuil an méid seo tugtha fá deara ag léitheoirí an Bhíobla ach tá go leor scéalta eile faoi atá le fáil sa bhéaloideas. Faraor, rinneadh cinsireacht ar na scéalta seo agus níor thug eagarthóirí an Bhíoblá cead le hiad a chur i gcló sa leabhar naofa.

Nuair a bhí Muire ag iompar íosa ina broinn, d'iarr sí ar Sheosamh, a fear chéile, úll a phíocadh ó chrann. Ní raibh fonn ar Sheosamh an méid seo a dhéanamh di ach dúirt sé léi gur chóir di ceist a chur ar athair an linbh an t-úll a fháil. Bhí Seosamh den bharúil go raibh dualgas ar athair an linbh aire a thabhairt dá chúram. Ag an phointe sin, shín craobhacha an chrainn síos i dtreo Mhuire sa dóigh is go raibh sí ábalta greim láimhe a chur ar úll. ón lá sin amach, creidtear go mbíonn dúil mhór ag mná atá ag iompar i dtorthaí agus gur cheart an dúil sin a shásamh.

Níl amhras ar bith ann ach go raibh tionchar mhór ag Muire ar a mhac. Deirtear go raibh íosa ag taisteal lena mháthair lá nuair a bhuail siad le fear dall. Bhí trua ag Muire dó agus d'ímpigh sí ar íosa an fear bocht a leigheas. Ní raibh íosa go hiomlán cinnte gur mhaith an rud é radharc na súl a thabhairt don fhear dall toisc go raibh a fhios aige go raibh a bhean chéile i gcuideachta fhir eile go minic. Le fírinne, bhí caidreamh iontach mór aici leis an fhear eile seo.

Ar aon nós, dúirt Muire le íosa go mbeadh an fear dall níos fearr as agus leigheas faighte aige ach mhol sí gur chóir d'íosa leithscéal a thabhairt don bhean ag an am céanna. Chomh luath agus a tugadh radharc na súl don fhear bocht, chonaic sé agus thuig sé an méid a bhí ag tarlú idir a bhean chéile agus an fear eile. Thosaigh argóint mór eatarthu ach b'é an méid a bhí le rá ag a bhean chéile ná muna raibh sí ag luí le fear eile, seans nach mbeadh trua ag íosa dó le leigheas a thabhairt dó agus go mbeadh sé dall go deireadh a shaoil. ón la sin amach, creideadh go raibh sí ar chumas gach bean leithscéal a chumadh ar an toirt.

Tá na scéalta faoin spideog agus faoin asal coitianta go leor in éirinn go fóill ach tá tagairtí suimiúla eile don dúlra agus íosa i gceist. Tá an damhán beannaithe as siocair gur chuidigh sé le Críost nuair a bhí sé ag iarraidh dul i bhfolach. Chuidigh na muca leis sa chleas céanna lá éigin eile agus iad ag caitheamh creafóige thart air. Scríob cearc an creafóg uaidh, áfach. Dá bhrí sin, cuireadh mallacht ar na cearca go mbíodh pianta na breithe le fulaingt acu go laethúil. Lá amhain eile, rinne íosa iarracht foscadh a fháil faoi chrann troime ach dhiúltaigh sí ach bhí foscadh le fáil aige faoin éidhneán. Creidtear gur bheannaigh íosa an t-eidheán dá bharr go mbíodh sé fíorghlas ach fágadh go mbíonn an crann troime ar an chrann deireannach lena mbíonn duilleoga glasa le feiceáil. Dá bhrí sin, is íomaí rud a bhí beannaithe agus mallaithe ag Críost, dar lenár seanchaithe.



Seanfhocal na Seachtaine


'Cuidíonn Dia leis an té a chuidíonn leis féin.'

Caithfidh mé a admháil nach raibh mé riamh cinnte fán bhrí a bhain leis an seanfhocal seo nó cén cineál Críostaíochta a bhí léirithe ann.


Gluais



cinsireacht    censorship

eagarthóirí    editors

craobhacha    branches

torthaí    fruit

leigheas    cure

I gcuideachta    in the company of

leithscéal    excuse

tagairtí suimiúla    interesting references

beannaithe    blessed

mallacht    curse

crann troime    elder tree

éidhneán    ivy

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland