Top Issue 1-2024

20 February 2003 Edition

Resize: A A A Print

Fáilte roimh an Bheatha

With the coming of spring, AN DRAOI RUA has decided to dwell upon some of the customs surrounding the marvels of childbirth



Níl amhras ar bith ann ach go gcuirtear fáilte faoi leith roimh an earrach agus athbheochán an dúlra le feiceáil thart timpeall orainn. Is mó an ceiliúradh atá ann nuair a thagann leanbh úr ar an tsaol. Tuigtear go raibh a lán nósanna ag ár sinsear fadó i dtaobh theacht an bheatha nua agus maireann cuid de na pisreoga seo go fóill.

Ar ndóigh, bhí tábhacht i gcónaí le torthúlacht. Ba ghnách do na mná go háirithe a bheith ag guí ar son beannachtaí na mbandéithe le bheith torthúil. Ina measc siúd, bhí bua na torthúlachta le fáil ón bhandhia Bríd, sin an fáth a bhfuil luachra in úsáid i gcros Bhríde óir bhíodh leaba luachrach ag béithigh ag breith. Lena chois sin, thugadh mná cuairt ar toibreacha beannaithe speisialta nó ar chlocha Shíle na gCíoch a bhí le fáil go forleathan ar fud na tíre tráth.

Bhí nós eile speisialta a cheacht ár sinsear ná gur ghnách le lánúin luí ar dolmain. Creidtear nach raibh cead ag Diarmuid agus Gráinne dhá oíche a chaitheamh san aon áit amháin agus iad ag iarraidh éalú ó Fhionn Mac Cumhaill. Thóg siad dolmain mar leaba dóibh féin i ngach áit ar stop siad thar oíche. Bhí an oiread sin grá idir Dhiarmuid agus Gráinne go bhfaigheann gach lanúin a luíonn ar dholmain bua na torthúlachta uathu.

Mar is eol dúinn, chreid ár sinsear go mór i mallachtaí chomh maith. Dá mbeadh sé i gceist ag namhad torthúlacht a chosc ar lanúin ar leith, cheanglódh sé snaidhm i gciarsúr lá a mbainise. Bhí an tuairim ann nach mbíodh an lanúin ábalta leanbh a bheith acu a fhad is a mhair an snaidhm.

Cinnte, bíonn ar bhean ag iompar a bheith ar an airdeall i dtólamh. Creidtear gur ceart di giorria a sheachaint ar eagla go mbeadh bearna mhíl ag an leanbh. Ní amháin sin ach ba cheart go seachnaítear reilgí fosta óir má thiteann an bhean nó má siúlann sí thar uaigh, seans go mbeidh camreilge ag an leanbh.

Le linn tréimhse na breithe féin, tá rudaí éagsúla ar féidir leis an fhear a dhéanamh le cuidiú leis an bhean i bpian. Agus an bhean i dtinneas clainne, ba cheart don fhear léine dá chuid a thabhairt di nó obair throm éigin a dhéanamh. Thiocfadh cuid de na pianta a aistriú chuig an fhear trí chleachtadh na nósanna seo. Seans go mothaíonn an fear níos fearr as a leithéid a dhéanamh.

Má thagann an leanbh ar an tsaol ag meán oíche, beidh intleacht iontach aige nó b'fhéidir go mbeidh sé ina chumas taibhsí agus síoga a fheiceáil. Má tá cáipín an tsonais ar a chloigeann, beidh rath iontach air i rith a saoil. Deirtear go bhfuil síog beag dalba sa leanbh a thagann amach as an bhroinn le fiacla ach má tá lámha foscailte aige, beidh sé iontach fláithiúil mar dhuine.

Bhí nós eile a chleacht ceoltóirí go háirithe ná gur thug siad gléas ceoil éigin ar an leanbh chomh luath agus a tháinig sé ar an tsaol. Chreid siad go mbeadh bua an cheoil tugtha dó dá bharr. Ar ndóigh is iomaí duine a bhronnann camán ar leanbh sa lá inniu, ag súil go mbeidh bua na hiomána aige. Déanann cleachtadh máistreacht, áfach.


Seanfhocal na Seachtaine


'An uair a scairteann an seanchoileach, foghlaimíonn an t-óg.'

Tá neart rudaí le foghlaim ag an dream óg i gcónaí, idir mhaith agus olc.


Gluais


athbheochán an dúlra    revival of nature

ceiliúradh    celebration

torthúlacht    fertility

beannachtaí na mbandéithe    blessings of the godesses

luachra    rushes

béithigh ag breith    animals giving birth

lanúin    young couple

mallacht    curse

snaidhm i gciarsúr    knot in hankerchief

bearna mhíl    hare-lip

camreilge    club-foot

tinneas clainne    labour pains

cáipín an tsonais    caul-cap

broinn    womb


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland