Top Issue 1-2024

6 February 2003 Edition

Resize: A A A Print

An Lámh in Uachtar!

This week, AN DRAOI RUA delves back through folklore to come up with stories in which the great and mighty fall. From this week on, he will also provide a short gluais, explaining the more difficult words and terms, to aid those of us whose command of our native tongue is not what it should be



Go minic, feicimid go mbíonn an lámh in uachtar ag na Gaeil ar a naimhde ollchumhachta i scéalta béaloideasa - rud a thugann ábhar dóchais dúinn.

Tháinig fathach ollmhór as Alban sa tóir ar Fhionn Mac Cumhaill lá sa tsaol agus bhí an t-ádh ar Fhionn go raibh a bhean ann le comhairle a thabhairt dó. Dúirt a bhean leis gur cheart dó áit an linbh a ghlacadh sa chliabhán. Nuair a tháinig an fáthach, baineadh geit as leanbh chomh mór le Fionn a fheiceáil ina luí ag sú ar a ordóg. Ansin, nuair a rinne sé iarracht boiseog a thabhairt don 'leanbh', rug Fionn greim ar a mhéar lena fhiacla, agus bhain sé an mhéar den lámh.

Mhol bean Fhinn go raibh sé in am súgartha don 'leanbh' agus d'iarr sí ar an fhathach roinnt cluichí a imirt leis. Bhí cúpla comórtais eadarthu le clocha. Ar dtús, bhí siad ag iarraidh fáil amach cé acu a dtiocfadh an cloch is faide a chaitheamh. D'éirigh le Fionn sa chomórtas seo toisc gur chaith sé éan i nganfhios don fhathach. Ansin, bhí an bheirt acu ag brú clocha ina ndoirne. Thug bean Fhinn liathróid cáise dó. Níor chreid an fathach láidreacht an linbh nuair a chonaic smionagar déanta den chloch bhréagach agus uisce ag teacht as.

Ghlaoigh an bhean ar an bheirt teacht isteach agus í ag rá go raibh sé in am don 'leanbh' smailc bhia a bheith aige. Thug sí ceithre bhuilín aráin an duine dóibh. D'ith Fionn a chuid go furasta mar bhí arán deas úr aige. Bhí arán crua le clocha déanta go speisialta don fhathach. Bhris an fathach roinnt fiacla ag iarraidh a chuid féin a ithe agus níor éirigh leis ach leathbhuilín a ithe san iomlán.

Dúirt bean Fhinn ansin go raibh obair tí le déanamh aici sula dtiocfadh Fionn Mac Cumhaill abhaile. Ag an phointe seo, sheas an fathach in airde ag rá go raibh deifir air pilleadh ar Alban. Bhí sé den bharúil go raibh an 'leanbh' chomh láidir sin nach raibh sé ag iarraidh bualadh le Fionn Mac Cumhaill féin.

Is cosúil nár réitigh lucht an údaráis leis na Gaeil riamh agus is cinnte gur thaitin leo scéalta greannmhara a inse ina dtaobh.

Bhí maor thiarna talaimh ag dul amach ar shiúlóid le cíos a bhailiú nuair a bhuail sé leis an dhiabhal. Chuir siad aithne ar a chéile agus thug an maor cuireadh don dhiabhal cuideachta a choinneáil leis ar feadh tamaillín.

Ar a mbealach, chonaic siad feirmeoir ag obair le muca. Bhí muc ar leith ag tabhairt neart trioblóide dó, agus chuala siad é ag scairteadh "Go Ifreann leat!" D'iarr an maor ar an dhiabhal an muc a thabhairt go ifreann leis ach dhiúltaigh sé agus é ag rá nach raibh croí an fheirmeora sa mhéid a bhí le rá aige.

Ansin, chonaic siad máthair ag tabhairt íde béil dá leanbh agus í ag rá: "An diabhal ort, a ghasúirín!" Arís, d'iarr an maor ar an dhiabhal an raibh sé ag dul an buachaill óg a thabhairt leis ach dúirt an diabhal nach raibh croí na máthar sa mhéid a bhí le rá aici.

Lean an maor is an diabhal ar a mbealach go dtí go raibh sé in am don mhaor an cíos a bhailiú ag an chéad teach. Tháinig bean an tí amach ag béiceáil agus í ag cur mallacht ar an mhaor: "Go mbeire an diabhal leis thú!" Díreach ansin, rug an diabhal ar an mhaor lena thabhairt go hIfreann leis. Thosaigh an maor ag gearán, ag rá gurbh fhéidir nach raibh a croí sa mhéid a bhí le rá aici, ach bhí.

I gceantar eile, bhí a fhios ag muintir na háite go raibh amadán an bhaile i gcónaí ag inse scéalta do na péas. Mharaigh roinnt daoine maor an tiarna talaimh agus adhlacadh é i bpáirc cóngarach go leor don áit ina raibh an amadán ina chónaí. Nuair a d'imigh an t-amadán leis an nuacht seo a scaoileadh leis na péas, chuireadh corp gabhair in áit a raibh chorp an mhaoir curtha. Ansin, nuair a tháinig lucht an údaráis ar an ghabhar san uaigh, bhí iontas ar an amadán agus é ag fógairt nár thug sé fá deara adharca ar chloigeann an mhaoir cheana. Ar ndóigh, níor bhac na péas le scéalta an amadáin as sin amach.


Seanfhocal na Seachtaine


'Duine a bhaint dá phrapaireacht .'

Is dócha gur maith linn uilig béim síos a thabhairt do dhuine anois is arís, go háirithe nuair atá sé tuillte aige.



Gluais


ollchumhachta    very powerful

Fathach    giant

cliabhán    cradle

boiseog    pat (on head)

am súgartha    playtime

ganfhios    in secret

doirne    fists

smionagar    in fragments

smailc    snack

maor thiarna talaimh    landlords' agent

diabhal    devil

adhlacadh    was buried

nuacht a scaoileadh    spread news

gabhar    goat

adharca    horns

prapaireacht    uppishness

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland