Top Issue 1-2024

23 January 2003 Edition

Resize: A A A Print

Dhá thaobh an Scéil

AN DRAOI RUA debates current attitudes to the rights of walkers in Ireland, with reference to tourists, farmers and British soldiers.





Tá scéalta éagsúla ag na Meiriceánaigh Dúchasacha fá theacht mhuintir na hEorpa chun a dtír. Ina measc siúd, insítear dúinn fán dóigh a ruaigeadh iad ó cheantracha áirithe. Sa bhéaloideas, deirtear gur chuir duine dúchasach ceist ar dhuine de na Fir Bána cad chuige a raibh siad i mbun scrios ar a mhuintir.

"Is linne an talamh seo anois," a dúirt an t-Eorpach.

Le fírinne, ní raibh an Meiriceánach Dúchasach in ann an ráiteas seo a thuigbheáil. I gcultúr s'aigesean, tá sé mar dhualgas ag an chine daonna aire a thabhairt don dúlra agus don domhan ar fad. Is leis an talamh daoine, dar leis. Ní raibh sé ábalta coinceap úinéireachta a thuiscint. B'é an freagra a thug sé ar an fhear bhán:

"Má tá tú ag iarraidh an talamh a sciobadh uainn, an amhlaidh go mbeidh tú ag goideadh an spéir uainn chomh maith?"

In Éirinn, tá dearcadh saoithiúil ag daoine áirithe fán talamh. Deir siad go leosan an tír agus cuireann cuid acu cosc ar chuairteoirí siúl tríd. Ní thuigim seo nuair atá a fhios againn go bhfuil grá iontach ag na turasóirí ar an nadúr agus nach bhfuil de dhíth orthu ach spléachadh a fháil ar áilleacht, ar ainmhíthe, ar éanacha, ar bhláthanna agus ar an réimse leathan de plandaí difiúla na háite. Is beag seans go mbeidh dochar ar bith déanta don timpeallacht de bharr a leithéid.

Faraor, tá cosc curtha ar lucht siúlóide i gceantracha ar leith ar fud na hÉireann. Ní amháin go bhfuil sconsaí crochta le bac a chur ar dhaoine agus go bhfuil comharthaí móra in áiteanna ag fógairt go poiblí go bhfuil cosc ar dhaoine ag siúl, ach cuirtear an ruaig ar chuairteoirí chomh maith. Le déanaí, bhí roinnt cásanna ina raibh ionsaithe fisiciúla déanta ar dhaoine ag siúl.

Is beag 'cead míle fáilte' atá curtha roimh chuid mhór turasóirí de bharr na deacrachtaí seo. Creideann Bord Fáilte gur éirigh leo 146 milliún euro a shaothrú ó lucht siúlóide coimhthíocha i 1999 ach is cosúil go bhfuil athrú ar an phort ó shin. Cé nár mhaith leo a admháil, tá neart litreacha ó thurasóirí faighte ag Bord Fáilte agus iad ag gearán fán easpa 'cead míle fáilte' agus fán chosc a chuireadh orthu ar fud na tíre. Maidir le lucht turasóireachta, tá imní orthu anois nach mbeidh go leor brabúis le déanamh acu as seo amach nuair atá ruaig curtha ar chuairteoirí.

Is é an tuairim atá ag húdaráis (sna sé chontae is fiche go háirithe) nár cheart ceadanna bealaigh a chothú óir b'fhéidir go mbeidh siad ag cur isteach ar úinéirí talaimh. Tharla go ndearnadh ionsaí ar dhuine ag siúl in iarthar Mhaigh Eo ar na mallaibh agus gur ghlacadh an cás chun na cúirte. B'é an bhreithiúnas a thugadh sa deireadh ná gur chóir don chuairteoir meas a bheith aige ar chearta úinéireachta.

Tá KIO, grúpa a bhunaíodh i 1994 (www.keepirelandopen.org), ag iarraidh aird a thabhairt ar na deacrachtaí thuasluaite agus ag déanamh a ndícheall na fadhbanna a leigheas. Molann siad nach bhfuil de dhíth ach cead an bhealaigh a chinntiú ar 7% de thalamh na hÉireann. In áiteacha iargúlta ar leith, creideann siad go dtiocfadh le muintir na tuaithe fostaíocht níos fhearr a chruthú as lucht siúlóide a mhealladh.

Ar an taobh eile den scéal, is cosúil go bhfuil na Sasanaigh sna sé chontae ar a mbealach amach (tuigeann siad nár cuireadh 'céad míle fáilte' ná 'fáilte Uí Cheallaigh' rompu choíche fá dheireadh!). Tuigtear go bhfuil pleananna ag an National Trust breis agus 1,500 acra talaimh sléibhtiúla a cheannach ó Roinn Cosanta Shasana. Sea, bhí na sléibhte thar Bhéal Feirste i seilbh an lucht mhíleata níos mó ná tríocha bliain anois. Seans, áfach, go mbeidh cead ag Gaeil siúl ar an Sliabh Dhubh is ar Sliabh Duibhis roimh i bhfad. Ná coinnigh d'anáil istigh ag fanacht! Is iomaí gealltanais atá briste ag Sasanaigh agus tá £2.5 milliún de dhíth ag an National Trust.

Maidir le cead an bhealaigh, is maith liom cuimhneamh ar an amhrán clúiteach sin 'This Land is Our Land' le Woody Guthrie. Tá véarsa amháin ina chuireann sé síos ar chomhartha ag fógairt nach bhfuil cead roimh éinne siúl ar aghaidh. B'é an rud a rinne sé ná an taobh eile den chomhartha a léamh, leoga, ní raibh cosc ar bith ann!



Seanfhocal na Seachtaine


'Tá siúl daoine ar an áit.'

Thiocfadh ábhar díospóireachta a dhéanamh as an ráiteas thuasluaite.


Slógadh Shinn Féin 2003


Éire sa bhliain 2016 - Gan teorainn agus gan teanga?


21-23 Feabhra


Sliabh Gullion Courtyard,
Ard Mhacha


Dé hAoine:

12-4.30    Cruinniú straitéiseach agus díospóireacht ar dhréachtpholasaí Gaeilge Shinn Féin. Cinntigh le bhur dtoil gur féidir bheith i láthair.

6-7    Clárú Oifigiúil

8    Tús An tSlógaidh

8.30-9.30    Díospóireacht ar Phoilínteacht - Aoí chainteoirí

9.30-11.30    Ceol agus Craic


Dé Sathairn:

10    Taispeántas CLG / Cluiche iomána na n-óg.

11    An Poc Fhada - Comórtas (Fáilte roimh chách bheith páirteach - Tóg bróga troma leat

12n    Oscailt Oifigiúil an Slógaidh Uachtarán Shinn Féin - Gearóid Mac Ádhaimh

2-4    Turas - Cuairt ar sheandálaíocht na h-áite.

5.30-6.30    Dinnéar

7.30-9.30    Mór Dhíospóireacht - Éire sa bhliain 2016 - Gan teorann, gan teanga? Aoí Chainteoirí. Bronnadh Ghradam na Poblachta.

9.30    Céilidhe.


Dé Domhnaigh:

11    Ar Maidin: Comóradh ar Phoblachtánach nó ar mhóreachtra áitiúil.

Deireadh An tSlógaidh.


Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar Lucilita Bhreatnach in Ard Oifig Shinn Féin, nó ríomhphost a chur chuici ag [email protected]

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland