Top Issue 1-2024

16 January 2003 Edition

Resize: A A A Print

Robert Emmet agus 1803

AN DRAOI RUA this week reflects upon Robert Emmet as we enter the year marking the 200th anniversary of his rising and execution by the British




Is dócha go mbeidh comóraidh éagsúla ar siúl i mbliana i gcuimhne ar Robert Emmet agus dhá chéad bliain anois caite ó chuireadh chun báis é. Dá bhrí sin, is fiú go mór athbhreithniú a dhéanamh ar chúlra a scéil agus ar na himeachtaí a thit amach i 1803.

Rugadh Robert Emmet i mBaile Átha Cliath i 1778. Ba de lucht meánaicme Protastúnach é agus dochtúir ab ea a athair. Toghadh Thomas Addis Emmet, a dheartháir, mar rúnaí ar Chumann na hÉireannaigh Aontaithe agus bhí páirt lárnach aige san éirí amach i 1798. Is cosúil nach raibh baint ag Robert leis na hÉireannaigh Aontaithe le linn an éirí amach 1798 ach bhí ar Thomas Addis éalú chun na Fraince ina dhiaidh.

D'fhreastal Robert ar Choláiste na Tríonóide le staidéar a dhéanamh ar mhatamaitic agus ar eolaíocht. Bhí sé i measc 19 mac léinn a ruaigeadh as an choláiste i ndiaidh cuairt ón Lord Chancellor Fitzgibbon i 1798. Caithfidh nár réitigh a chuid tuairimí poblachtánacha leis na húdaráis. Chaith sé tamall i mbun gnó ach ansin chuaigh sé féin chun na Fraince, áit ar chaith sé tréimhse lena dheartháir.

Tuigtear go raibh pleananna pléite san Fhranc i dtaobh éirí amach eile agus creidtear gur bhuail Robert Emmet le Napoleon fiú sular fhill sé ar Éirinn san fhómhair 1802.

Bhí diansmacht millteanach curtha i bhfeidhm leis an Acht Aontaithe. Cuireadh méid uafásach daoine chun báis i bpriosún agus maraíodh neart daoine eile ar fud na tíre. Bhris na Sasanaigh conradh leis na cimí agus leanadh leis an scrios.

Dá bhrí sin, ba chosúil go raibh a lán tacaíochta ag Robert Emmet l'éirí amach eile a eagrú. San fhómhair 1802;

1.Bhí tacaíocht cinntithe óna seanchairde a bhí sna Éireannaigh Aontaithe i 19 chontae.

2.Bhí gealltanas dearfach faighte aige ó na Francaigh teacht i gcabhair ag rá go gcuirfear arm ollmhór go hÉirinn.

3.Bhí na cumainn réabhlóideacha in Alban agus i Sasana ag comhoibriú leis.

4.Bhí tacaíocht ó roinnt d'uasalaicme na hÉireann airgead agus cibé tacaíocht eile a dtiocfadh leo a sholáthar.

Tuigtear go bhfuair athair Robert Emmet bás ag deireadh na bliana 1802. Bhain sé úsáid as £3000 a d'fhág a athair dó le dhá mhonarchán airm a bhunadh ar son an éirí amach. Ansin, bhí pleascán i gceann de na tithe seo i Sráid Phádraig, Baile Átha Cliath 16 Iúil 1802, rud a chuir a chuid pleananna trína chéile.

Chreid Robert Emmet go raibh a fhios ag na Sasanaigh anois fán éirí amach agus go mbeadh sé ró-mhall fanacht go dtí go dtiocfadh na Francaigh. Shocraigh sé ansin ar an Satharn 23 Iúil 1803 l'aghaidh an éirí amach. Cé gur thángthas ar an réiteach seo tobann go leor, tugadh le fios d'Emmet go mbeadh éirithe amach ar fud na tíre dá dtiocfadh muintir Bhaile Átha Cliath amach. Scaipeadh an focal teacht le chéile idir 6.00 agus 9.00 i.n. ar an lá.

Ba chosúil gur thit gach rud as ord 23 Iúil féin. Níor tháinig muintir Chill Mantáin isteach agus iad den bharúil go raibh siad le bheith ann ar an Domhnach. Tháinig fir as Cill Dara ach d'fhág siad ar a cúig a chlog ag smaointiú nach raibh a dhath ag tarlú. Chonacthas nach raibh go leor gunnaí ná airm ar fáil do dhaoine eile agus cé go raibh daoine ag teacht le chéile, scaipeadh an focal ina measc go raibh an éirí amach curtha ar ceal go dtí an Céadaoin dár gcionn.

Ag a naoi a chlog 23 Iúil 1803, in ionad dhá mhíle duine a bheith bailithe ag Emmet, ní raibh ach ochtú leis. Bhí sé ar intinn ag Emmet ionsaí a dhéanamh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, ar 'Pigeon House Fort' agus ar na Barraicí ag Island Bridge.

Bhí Emmet gléasta in éide airm ghinearál úr, culaith glas is ór, háta le cleití agus claíomh ina lámh. Thug sé an t-ordú a mbealach a dhéanamh i dtreo an Chaisleáin. Is cosúil nach raibh smacht aige ar an t-ochtú fear faoina chúram fiú óir creidtear nár thug sé ordú ionsaithe a dhéanamh ar chóistí ar an bhealach. Maraíodh Lord Kilwarden agus ag an phointe seo, d'ealaigh Emmet agus cibé duine a bhí fágtha leis i ngach treo.

Gabhadh Emmet taobh istigh de mhí agus cuireadh cás ina choinne 19 Meán Fómhair. Chrochadh é 20 Meán Fómhair, dícheannadh é agus ghearradh a chosa is a lámha dó. Ní fios cá bhfuil sé curtha.

Cuireadh 21 dá chomrádaithe chun báis idir 1 agus 26 Meán Fómhair 1803.

Chaith Anne Devlin, bean a' tí Emmet, dhá bhliain go leath i bpríosiún Kilmainham. Choinníodh i mbraighdeanas aonair go formhór ach níor scaoil sí le rún ar bith ina choinne choíche. Ní raibh sí ach bliain is fiche d'aois nuair a ghabhadh í ach bhí cuma seanmhná uirthi i ndiaidh na drochíde is an céasadh a tugadh di.

Le fírinne, ní thuigim cad chuige ar lean Robert Emmet leis an éirí amach 23 Iúil 1803. Is cosúil go raibh dearcadh románsúil ídéalach de shaghas éigin aige, rud nach dtig liom a mheas ná breithiúnas a dhéanamh faoi. B'fhearr i bhfad an focal deiridh a fhágáil aige féin:

"Let no man write my epitaph; for as no man who knows my motives dares not vindicate them, let no prejudice or ignorance asperse them... When my country takes her place among the nations of the earth, then, and not till then, let my epitaph be written."


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland