Top Issue 1-2024

16 June 2011

Resize: A A A Print

Plé réalaíoch faoi Sinn Féin agus an Ghaeilge

D’FHREASTAL breis agus seasca duine ar chomhdháil Ghaeilge Sinn Féin a bhí ar siúl i gClub na Múinteoirí ar an Satharn 21 Bealtaine. Ocáid bliantiúl atá i gceist, ann a mbuaileann Gaeilgeoirí an pháirtí le chéile chun an Ghaeilge a phlé.
Bhí Gearóid Ó hEaghra i mbun cathaoirleacht ar an gcéad chuid den chruinniú agus an doiciméid stráitéiseach don Ghaeilge de Shinn Féin. Tá an doiciméid seo bunaithe ar na rúin faoin nGaeilge a bhí glactha le fiche blain anuas ag an Ardfheis i gcuid mhór réimsí agus ina measc oideachas, an Ghaeltacht, na meán cumarsáide agus gaelú an pháirtí. Mar a mhínigh an cathaoirleach, cé go bhfuil dea mhéin don Ghaeilge agus gur rithtear rúin uaillmhianach ag an Ardfheis gach bliain, ní fheictear go bhfuil an tiomántas ann chun na rúin a chur i bhfeidhm.
Bhí plé bríomhar ar an doiciméid agus bhí neart ceisteanna agus moltaí ann. Agus an t-aireacht glactha ag Sinn Féin ar Roinn Chultúir, Ealaíne agus Fóillíochta ó thuaidh bhí an dóchas ann go mbeadh acht Gaeilge ann go luath. Tugadh le fios go mbeadh deacrachtaí ann fós an t-acht a thabhairt i gcríoch toisc an ballraíocht uile pháirtí a bhí ag an Roinn ach go raibh dianoibre á dhéanamh ar an gceist.
Mhínigh Caitríona Ruane nach raibh ach búiséad beag ag DCAL agus go raibh níos mó deiseanna freastal ar phobal na Gaeilge tríd an Roinn Oideachais le clubanna óige agus an ghaelscolaíocht a chuir chun cinn.
Bhí ana chuid le rá ag an slua faoi ghaelú an pháirtí. Arís is arís eile tugadh samplaí den neamhaird a thugtar don Ghaeilge ar ábhar bolscaireachta sna toghcháin, postaeir agus ar shuíomh idirlíon Shinn Féin.
Cé go raibh Gaeilgeoirí de shíor ag gearán faoin easpa Ghaeilge a bhí in usáid ag na gComhairlí Contae ó theas ní raibh an fón á fhreagairt againn fein i nGaeilge agus is annamh go raibh teacht ar sheirbhís trí Ghaeilge inár oifigí ceantracha. Ba léir afách go raibh níos mó Gaeilge a chloisteáil i dTeach Laighin ó gach páirtí toisc na hiarrachtaí a bhí á dhéanamh ag ár dteachtaí ann an Ghaeilge a labhairt. Ar ndóigh tugadh ardmholadh do Bhairbre de Brún a bhí i láthair as ucht an méid a dhéanann sí don Ghaeilge san Eoraip. Moladh go mbeadh fáinní ar fáil ag an Ardfheis agus go mbeadh said á chaitheamh ag na Gaeilgeoirí ar fad i dtreo daoine a spreagadh chun Gaeilge a labhairt agus bolscaireacht a thabhairt don teanga.

Tar éis an lóin bhí páineal ann chun mórcheisteanna an Ghaeilge a chíoradh. Thug Marcas Mac Ruairí léirmheas ar Fhoras na Gaeilge. Mhínigh sé go raibh an chuid is mó de bhúiseád an Fhorais a chaitheamh ar thurastal a bhain le mór eagraíochtaí na Gaeilge agus an chuid is mó dóibh bunaithe i mBaile Átha Cliath. Bhí athbhreithniú á dhéanamh ar na heagraíochtaí sin i láthair na huaire i dtreo cinntiú go raibh an búiseád á chaitheamh sa chaoi is tairbheach don Ghaeilge.
Rinne Trevor ó Clochartaigh cur síos ar chursaí Gaeltachta. Mhínigh sé go raibh cuid mhór de mhuintir na Gaeltachta ag braith ar íocaíocht ón stat i bhfoirm turastal do phostanna mar mhúinteoirí, banaltraí srl nó i bhfoirm íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Bhí géarghá fostaíocht a chruthú i dtreo daoine san aoisghrúpa 20-50 a choinneáil ann. Ar an drochuair bhí an claonadh ann Béarla a labhairt do phaistí óga sa teach toisc nach raibh seirbhísí trí Ghaeilge ar nós ospideál, téiripe cainte srl ann agus bhí tuismitheoirí buartha go mbeidh a bpáistí thíos leis agus an Ghaeilge amhain á labhairt acu agus iad ana óg.
Chíoraigh Tomás Ó Searcaigh ceist na Gaeilge ag an dara léibheál. Chuir sé i gcuimhne don slua go raibh ana chuid Gaeilgeoirí ag foghlaim a gcuid Gaeilge taobh amuigh den chóras gaelscolaíochta agus go raibh moladh ag dul go Comhar na Múinteoirí Ghaelge agus na múinteoirí meánscoile a bhí ag saothar go crua. Faraoir bhí teip ar formhór na ndaltaí Gaeilge a labhairt tar éis dóibh na blianta á chaitheamh ag foghlaim an teanga.
Mhol sé go láidir cur chuige Conradh na Gaeilge go mbeadh dhá shiollabas agus dhá scrudú ann don Ghaeilge ag an Ardteist ag braith ar abáltacht an dalta. Agus 40% de na marcanna san ardteist ar Ghaeilge labartha anois, bhí le feiceáil an ndéanfadh sé seo difríocht suantasach do chumas labartha daltaí ardteiste.
Ag deireadh na comhdhála thug Gearóid Mac Adhaimh oráid misniúl. Labhair sé faoin toradh a bhí le feiceáil ar na iarrachtaí a bhí á dhéanamh chun an Ghaeilge a choinneáil beo. Mhol sé go mbeadh atmaisféar fáilteach agus tuisceanach ann do fhoghlmeoirí. Mar chríoch bhronn sé cóip de dhán Roibeard Ó Seachnasaigh, ‘Rithim an Ama’ atá aistrithe le déanaí ag an bhfile cáilúla Gabriel Rosenstock ar ionadaí Ghaeltacht Ceanada a bhí i láthair.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland