Top Issue 1-2024

19 December 2002 Edition

Resize: A A A Print

Ná Déanaimid Dearmad!

D'eagraíodh comórtas ar leith don Nollaig l'aghaidh daoine óga idir Ógras, Glór na nGael agus Cúla 4. Ba ea an rud a bhí le déanamh ag gach páiste le cur isteach ar an chomórtas ná cárta Nollag a chruthú agus dáinín a scríobh leis. Bhí sé mar dhualgas orthu an dáinín a chumadh in ómos do chách faoina ndéantar dearmad um Nollaig.

Creidim gur maith an rud é páistí a chur ag smaointiú fá dhaoine eile i gcruachás, cé go bhfuil siad féin ag dúil go mór le bronntanais áirithe a fháil ó Dhaidí na Nollag. Nach mór an trua nach dtiocfadh lucht an rachmais a chur ag smaointiú fá na hábhair céanna.

Bhí seanfhocal dá chuid féin ag m'athair agus é ag spochadh fá comh-oibrithe dá chuid a bhíodh de shíor ag ithe leis. Déaradh sé ina thaobh:- "Tá sé chomh bománta sin nach dtuigeann sé nuair a atá a sháith aige."

Caithfidh mé a rá go mothaím go bhfuil sin mar atá cuid mhór de mhuintir an Iarthair anois. Is cosúil go bhfuil níos mó airgid caite gach bliain ar earraí na Nollag nach bhfuil de dhíth in aon chor.

Sea, ceannaítear bronntanais l'aghaidh gach duine faoi do chúram, gach duine eile sa teaghlach, ansin do na col ceathracha, do na comharsana is do na cairde ar fad thart timpeall ort agus eagla an craicinn ort go ndéanfar dearmad ar éinne. Cinnte, déantar dearmad fána lán daoine gach uile Nollaig.

Léigh mé teachtaireacht ó John O'Shea, Phríomhfheidhmeannach GOAL le déanaí agus é ag cur síos ar bhunriachtanais agus ar bhunchearta an duine i. bia, uisce, foscadh, cóir leighis agus bun-oideachas.

Níl sé deacair smaointiú fán mhéid daoine faoina ndéantar dearmad um Nollaig in Éirinn fiú gan trácht ar mhuintir an Tríú Domhan. Tá neart daoine dífhostaithe, gan dídean agus gan na bunchearta thuasluaite inár measc.

Ansin, is cosúil go leanann polasaithe an rialtais leis an Nollaig a ghoideadh ón phobal is laige sa tsochaí. Is in olcas atá an scéal ag dul le breathnú ar an cháinaisnéis deireannach ó Charlie McCreevy sna sé chontae is fiche. Tá ciorraithe móra i ndán do na seirbhísí sláinte is don chóras oideachais agus is cinnte go mbeidh cruachás na mbocht ag éirí níos measa.

Bhí moladh spéisiúil ag Alex Maskey, Ard-Mhéara Bhéal Feirste, cóisir na Nollag do bhaill tofa na cathrach a chur ar ceal agus an t-airgead a úsáid le cóisir a reachtáil ar mhaithe le pobal na cathrach gan dídean.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil neart daoine faoi bhrú an t-am seo den bhliain agus iad ag déanamh a seacht ndícheall na hearraí ar fad a cheannach sa dóigh is go mbeidh 'Nollaig Shona' acu. Faraor, is iomaí duine a bhfuil i bhfiacha bainc go dtí Mí an Mheithimh dá bharr.

Dá mbeadh saibhreas na cruinne roinnte mar ba chóir is dócha go mbainfeadh muid uilig ard-sult as an tséasúr. Cuimhnítear go bhfuil níos mó airgid caite ar airm núicleacha in aon lá amháin sna Stáit Aontaithe is a chothódh pobal an tríú domhan ar feadh bliana. San am céanna caitear i bhfad barraíocht airgid ar truflais na Nollag nach bhfuil riachtanach ar chor ar bith.

Bheadh sé iontach dá dtiocfadh le daoine atá ag iarraidh airgead a chaitheamh um Nollag, dearmad a dhéanamh fá bhronntanais ar bith a cheannach agus an t-airgead a chur chuig an dream carthannachta is fearr leo. Cuirfeadh a leithéid deireadh le brú na siopadóireachta ar a laghad!


Beannachtaí na féile daoibh!


Seanfhocal na Seachtaine



'Tá sé chomh bománta sin nach dtuigeann sé nuair atá a sháith aige!'


Tá súil agam go mbeidh Nollaig Shona ag chách ach an tuiscint acu nuair atá a mbolga lán!


An Draoi Rua





An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland