Top Issue 1-2024

16 June 2011

Resize: A A A Print

Naomh do na meáin – namhad don neamhspleachas

Garret FitzGerald agus Margaret Thatcher ag síniú Comhaontú Hillsborough 1985

LE MÁIRTÍN Mac EOIN

DE MORTUIS nil nisi bonum.  Ná habair droch rud ar bith faoin marbh, mar a déarfadh sa Laidin.  Ach is deacair cloí leis sin nuair a bhíonn an domhan dhá bhá faoi ómós do Gharret FitzGerald.  Mura ndearnadh naomh ar fad de rinneadh duine beannaithe dhe.
Léirigh scríobhneóir amháin san Irish Times, nach raibh ach míorúilt ag teastáil, agus thagair sé don mhíorúilt úd nuair a cheallaigh AIB fiacha FitzGerald os cionn £200,000.  Agus cé rinne an gar sin dó?  Ach a shean-chara, Peter Sutherland, a cheap FitzGerald mar Ard-Aighne agus ina dhiaidh sin mar Choimisinéar san Aontas Eorpach.
Ar ndóigh níor hiarradh aon fhábhar is níor tugadh aon cheann, ach dá mba rud é go mbeadh  a leithéid déanta abair ag Charlie Haughey is ar éigean go bpléifeadh an tIrish Times aon rud eile.
Ach sé an líne is mó a chuir ar buille mé ná an tseafóid sin go raibh FitzGerald ar údair phróiseas na síochána.
Rinne FitzGerald a seacht ndícheall ag iarraidh Sinn Féin a scriosadh nó a lagú.  Níor lean sé leis an Anglo-Iirish agreement fiú ach ar an údar go mbainfeadh sé – bhí súil aige– an gal as bád na bPoblachtánach.
Ar ndóigh theip ar an iarracht sin sa deire, ach níor athraigh FitzGerald a dhearcadhsa faoin tsíochain riamh.  Ní hé síocháin le cothrom na Féinne a bhí uaidh ach socrú idir meán aicme Chaitliceach an Deiscirt agus meánaicme Phrotastúnach an Tuaiscirt.
Sampla eile den nimh sin ar ndóigh ná an seasamh a ghlac sé san toghcháin Eorpacha deireannacha.  Ma bhí rogha le déanamh - agus bhí - idir Mary Lou McDonald de chuid Shinn Féin agus Joe Higgins ón bPáirtí Sóisialach, thuig an Gearailteach ar an toirt gurb é Sinn Féin an namhad na dhainsearaí do lucht na pribhléide is do lucht an tsaibhris in Éirinn.
Ní hé gur theastaigh Joe Higgins uaidh ach an oiread ar ndóigh. Ach ba mhó an fuath a bhí aige don Phoblachtánachas.
Agus níor leirigh aon scéal an fuath sin níos mó ná an Eoraip.  Mar chaith an Gearailteach a shaol ag iarraidh an Eoraip a chur chun cinn agus neamhspleáchas na hÉireann a chur ar ceal d’fhonn eoraip aontaithe a fheiceáil.
Feiceann muid anois cén tairbhe duinn an Eoraip aontaithe sin dúinn agus muide céasta ag fiacha curtha orainn ag an Eoraip.
Agus cén leigheas a bhí ag an nGearailteach ansin: leigheas ar bith ach cloí leis an socrú teipthe a chuir sa bhfaopach muid. D’fhan se go hiomlán dílis don Eoraip.  Tá go maith mar b’shin a chreid sé, ach cén fath nach raibh aon phlé sna meáin faoina nithe sin.  Cén fáth go ndearnadh naomh de nuair ba urlabhraí an rachmais nua-aimseartha i gcónaí é?
Cén fáth gur labhraíodh faoi mar ailitire na sochána  nuair a bhí sé díograiseach in aghaidh na síochána a baineadh amach.
Ní ar an nGearailteach atá an milleán faoi seo, ach ar na meáin nach dteastaíonn uatha aon phlé ionraic a dhéanamh faoi roghanna polaitiula anois, san aimsir chaite agus sa todhchaí.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland