Top Issue 1-2024

12 December 2002 Edition

Resize: A A A Print

Agóid na Sionainne

AN DRAOI RUA highlights some of the concerns of the anti-war protest at Shannon Airport last Sunday


Bhí breis agus trí chéad duine i láthair ag aerphort na Sionainne Dé Domhnaigh seo chaite. Agóid frith-chogaíochta a bhí ann agus daoine i láthair ó cheantracha éagsúla ar fud na tíre.

Bhí an mórshiúil féin dathúil go leor agus daoine gléasta suas is bhí roinnt ceoil ann chomh maith. Mar agóid frith-chogaíochta, bhí sé breá síochánta.

Bhí an lucht agóide ag léiriú go raibh aerphort na Sionainne in úsáid ag eitleáin cogaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá gan cead ó phobal na hÉireann. Is cosúil go bhfuil cead tugtha do SAM ag rialtas na sé chontae is fiche an t-aerphort a úsáid mar láithreán bhreoslú agus eitleáin chogaíochta ar a mbealach soir.

Tuigtear go raibh aerphort na Sionainne in úsáid ag eitleáin SAM agus iad ar a mbealach le buamaí a chaitheamh anuas ar mhuintir na hAfganastáine anuraidh. Bhí na heitleáin cogaíochta le cloisteáil ag eitilt go callánach os ár gcionn bliain ó shin. Rinneadh iarracht bheag na heachtraí seo a cheilt agus na heitleáin ag tuirlingt san aerphort i rith na hoíche. Tá gach cosúlacht gur tháinig eitleáin le cimí Al-Qaeda isteach chun na Sionainne fosta.

I láthair na huaire, áfach, níl iarracht dá laghad na cúrsaí seo a cheilt ar chor ar bith. Cé go bhfuil fiosrúcháin á dhéanamh ag na Náisiúin Aontaithe san Iaráic, is léir go bhfuil SAM ag ullmhú l'ionsaí ollmhór a dhéanamh ar an tír san athbhliain ar aon nós. Anois, tá na heitleáin cogaíochta ag teacht isteach go haerphort na Sionainne go laethúil agus tá saighdiúirí SAM le feiceáil go hoscailte ag súil thart ar thalamh na hÉireann agus an cuma orthu gur leosan an áit. Ar dhíoladh an t-aerphort i ngan fhios dúinn?

Feictear go bhfuil socraithe déanta ag Dáil Éireann tacú le SAM i bhfeachtas cogaíochta gan a dhath a phlé leis an phobal. Ní amháin nach bhfuil sé pléite leis an phobal ach ní raibh plé ar bith sa Dáil féin ná ní raibh an t-am tugtha do lucht an fhreasúra pointí a ardú, fiú.

Is beag meas atá tugtha do neodracht na tíre. Le fírinne, ní thiocfadh a rá go bhfuil an tír seo neodrach agus tacaíocht tugtha d'eitleáin cogaíochta SAM úsáid a bhaint as aerphort na Sionainne. B'fhéidir go mbeadh cineál neodrachta ann dá mbeadh eitleáin cogaíochta na Iaráice ag teacht isteach ansin freisin. Seá, is ionann neodracht agus tacú le gach uile taobh i bhfeachtas cogaíochta!!??

Is cinnte nach féidir linn muinín a bheith againn i gceannairí na tíre i dtaobh láimhseáil na neodrachta. Seans go gcreideann siad go bhfuil níos mó cumhachta agus a thuilleadh airgid le déanamh as cogaidh. Tá siad sásta a bheith lán-páirteach i bPáirtnéireacht um Síochánta agus baint a bheith leis an Fhórsa Fhreagartha Ghasta. Faraor, tá gealltanais tugtha cheana féin méid áirithe saighdiúirí a chur ar fáil agus na céadta milliúin euro a chaitheamh ar na fórsaí seo. Cad iad na pleananna rúnda atá acu i ndáiríre?


Seanfhocal na Seachtaine


'Cogadh carad caoi namhad.'

Seo seanfhocal a thuigeann na Sasanaigh go rí-mhaith óir is minic a chuir siad a naimhde ag troid lena chéile.


Chomóradh Cilmhichíl

Déanadh comóradh ar na laochra calma cróga a throid i gCilmhichíl ar an 28ú Samhna, 82 bhliain ó shin ar an Domhnach, 1ú Nollag.

Thosaigh an chomóradh le aifreann as gaeilge i gCaisléan Cinneigh áit a bhfuil na triúr óglach a fuair bás I gCilmhichil curtha, Seamus Ó Súilleabháin , Pádraig Déiseach agus Michéal MacCarthaigh. Leag Fionbarra Déiseach nia le Pádraig Déiseach bláth fhleasc agus ansin labhair Séan Ó Céilleachair ag na huaigheanna ansin. Dúirt sé gur raibh orainn fanacht ró fhada chun saoirse iomláin a bhaint amach. Duirt sé go raibh sé de cheart ag gach náisiún iad féin a rialú gan aon cur isteach ó tíortha iasachta agus nach mbeadh sé ró fhada sula a mbainfaimís saoirse iomlán amach.

Níos déanaí ag Cilmhichíl tháinig na sluaite amach in ainneoin na droch aimsire agus é ina ghála mhóir. Dúirt Conchúr Ó Ceallacháin an cathaoirleach go raibh na pairtithe sna 26 chontae ag déanamh an dhochair don próiséas síochána agus ag tabhairt tacaíocht do David Trimble nuair nach bhfuil siad sásta cumhacht a roinnt le Sinn Féin.

Thug an príomh chainteoir Barra McElduff ó Co Thír Eoghan óráid an chroíúil spreagúil agus dearfach agus chuaigh se i bhfeidhm go mór ar an slua. Mhol sé go mór an coiste chomóradh as an obair tabhachtach atá déanta acu thar na blianta agus go mba mhór an onóir dó a bheith ag caint i gCilmhichíl. Dúirt Barra go raibh mórán cosúlachtaí idir an troid I gCorcaigh 80 bhliain ó shin agus i dTíreoghan le 30 bhliain anuas, go raibh an cos ar bolg á imirt ag fórsaí na Breataine ach gur sheas an cos mhuintire sa dá chontae an fód agus throideadar go calma agus go cróga agus is é cruthú de sin agus na híobairtí a rinneadar, ná na hiomaí leacht cuimhneacháin atá scaipithe ar fud Co Thíreoghan. Chuir se i gcuimhne na slua cuid de na laochra a raibh aithne aige orthu óna chontae féin a thug a raibh acu ar son na saoirse.

Más rud é nach bhfuil an fhadhb sna sé chontae socraithe I gceann cúpla bhliain is é rialtas na Breataine an fhadhb is mó a bheidh ann. Ní chóir dúinne a bheith ag leithscéal ar bith do dhuine ar bith as an streacailt ar son na saoirse.

Murach an steacailt sin ní bheadh aon próiséas síochána nó Aontas Aoine an Chéasta. Ní bheadh aon bhaint ag Sinn Féin leis an próiséas muna mbeadh Éire 32-chontae sa chlár. Is é an tionscnamh atá idir láimhe ag Sinn Féin na Éire 32 chontae a bhaint amach sa bhliain 2016 nó níos luaithe a dúirt Barra, tá Sinn Féin chun dul an slí ar fad ach tá bhúr gcabhair ag tastáil agus cuirimís na Sasanaigh amach as Éireann go deo.

LE DONNCHADH Ó SEAGHDHA
SINN FÉIN IARTHAR CHORCAÍ



An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland