Top Issue 1-2024

5 December 2002 Edition

Resize: A A A Print

Bua an Bhéaloideasa

This week, AN DRAOI RUA writes in praise of folklore and its value to us all and he makes reference to contempory projects in South Kerry and in Conamara that bring its importance to life in the 21st century.



Bhí dual riamh ag na Ceiltigh sa bhéaloideas. Tuigtear dúinn gur chreid ár sinsear gurb é an dóigh is éifeachtaí l'eolas a theagasc ná ó bhéal go béal. Níor bhac siad le rudaí a bhreacadh síos ach cuireadh an t-eolas ar fad de ghlanmheabhair. Mhair an bhéaloideas fiú nuair a thosaigh ceird na scríbhneoireachta. Caithfidh a rá fosta go raibh sé i gcónaí mar chuspóir ag údair na lámhscríbhinní Gaeilge go léitear na saothair os ard go poiblí. Is dócha go bhfuil muinín ar leith againn uilig sa bhéaloideas óir tagann sé anuas chugainn ónár muintir féin agus ní staraithe acadúla atá i gceist.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil réimse ábhair fhairsing shaibhir le fáil sna cnuasaigh béaloideasa a bailíodh ar fud na tíre. Ina measc siúd tá eolas le fáil ar dhinnseanchas ceantracha éagsúla ina bhfuil léargas ar leith tugtha ar logainmneacha agus araile. Tugtar spléachadh speisialta dúinn ar an stair áitiúil agus ar an tionchar a bhí ag imeachtaí náisiúnta is idirnáisiúnta ar an phobal máguaird. Lena chois sin, faightear tobar de fhoinsí eolais a chuireann síos ar nósanna is ar phisreoga mhuintir na háite. Cuirimid aithne níos fearr ar ár muintir agus an t-ábhar béaloideasa léite againn. Ní amháin go bhfuil na foinsí staire agus eile thar a bheith tábhachtach dúinn ach bíonn tuiscint ar leith againn ar shaol shóisialta na ndaoine agus na finscéalta, na dánta, na hamhráin, na paidreacha, na ranna focail, na tairgreachtaí agus eile le léamh.

Faraor, is cosúil go bhfuil dearmad déanta ar thábhacht an bhéaloideasa i sochaí an lae inniu. Tuigeann roinnt daoine brí ár saibhris cultúrtha agus iad ag déanamh a ndícheall nach mbeidh sé imithe i léig. Tá scoláirí ag obair go díograiseach ar shaothar bhéaloideasa i rith an ama ach chomh maith leis sin thosaigh cúpla scéim a thugann ábhar misnigh dúinn ar fad.

Bhí tuairisc ar Nuacht TG4 ar na mallaibh ag cur síos ar scéim bhéaloideasa i gCiarraí Theas. Is é Seán Mac an tSíthigh, an t-Oifigeach Oidhreachta sa cheantar atá taobh thiar den scéim áirithe seo. Bailíodh neart ábhair béaloideasa ag bunscoileanna sna tríochaidí ar fud na tíre. Is é atá i gceist ag mhuintir Chiarraí Theas ná an t-ábhar céanna a thabhairt ar ais chuig na bunscoileanna lena thuilleadh staidéir a dhéanamh orthu agus athbheochán a spreagadh sa bhéaloideas. Tá cúig bhunscoil agus breis agus céad daltaí páirteach sa scéim áirithe seo atá lonnaithe roinnt mílte ó Chathair Saidhbhín. Tá Údarás na Gaeltachta agus an Comhairle Oidhreachta ag tacú leis an scéim. Maise, is iad na páistí is sine sna bunscoileanna atá i mbun an taighde agus iad ag plé leis an mhéid a bhailíodh i 1938.

Mar a tharlaíonn sé, tá roinnt de na daoine a bhí páirteach sa scéim 1938 beo go fóill agus tá na daltaí ag dul i dteagmháil leo siúd lena thuilleadh eolais a bhailiú uathu, griangrafanna a ghlacadh agus beathaisnéisí a scríobh fúthu. Cinnte, d'éirigh leo neart eolais a bhailiú agus beathaisnéisí a scríobh i dtaobh leo siúd atá ar shiúl ar shlí na fírinne. D'fhorbair roinnt tograí eile as an bhunobair chomh maith mar tá cuid den ábhar bhéaloideasa ar fáil anois ar shuíomh idirghreasáin i scoil ar leith, tá imleabharthaí idir lámha i gcuid de na bunscoileanna, rinneadh staidéar ar sheanfhoirgnimh na háite agus tá ábhar drámaí cruthaithe agus léirithe sna scoileanna as cuid de na finscéalta a bailíodh.

Mar aon leis sin, bhí agallamh speisiúil ag Pádraig Ó Sabháin, feidhmeannach le Muinteareas, seachtain ó shin ar RnaG. Tá sé féin i gceannas ar togra béaloideasa i gCeantar na n-Oileán i gConamara, Co. na Gaillimhe. Tá an t-uasal Ó Sabháin ag treorú dhéagóirí Chlub Óige na n-Oileán leis an taighde a chur i gcrích. Tá seachtar de na déagóirí féin ag glacadh le freagrachtaí an taighde a chur le chéile ach beidh deis ag na déagóirí ar fad inchur dá gcuid féin a bheith acu sa bhailiúchán.

Is cosúil go bhfuil tús curtha leis an bhailiúchán cheana féin agus tá spéis ar leith léirithe ag muintir na háite ann fosta. Tá stadas speisialta bainte amach ag an togra agus urraíocht faighte ó 'Léargas', eagraíocht náisiúnta a thacaíonn le daoine óga, grúpa atá ag feidhmniú faoi Chlár Óige na hEorpa.

Tá spriocdháta ag Club Óige na n-Oileán leabhar béaloideasa a fhoilsiú i Mí Bealtaine 2003 (seans gur seo an chéad leabhar de shraith). Tá scileanna ríomhaireachta in úsáid acu agus griangrafanna digíteacha a bhailiú de na seanchaithe. Tá sé i gceist acu cláracha d'ardchaighdeán a sholáthar do RnaG agus tuigeann siad go dtiocfadh le neart rudaí eile forbairt as an taighde áirithe seo. Tá plé ann faoi staidéar a dhéanamh ar an mhéid a bailíodh sna tríochaidí go háitiúil, roinnt den ábhar béaloideasa a chur ar fáil ar shuíomh idirghreasáin áitiúil, seanchaithe a chur ar físean le camcorder agus b'fhéidir clár teilifíse a sholáthar ar ball. Le fírinne, thiocfadh le muintir na n-Oileán leanstan ar aghaidh leis an togra go deo.

Molaim na tograí thuasluaite agus guím rath na ndéithe ar an obair rompu. Tugann a leithéid de thograí spreagadh dúinn ar fad a bhfuil suim againn sa bhéaloideas. Tá súil agam go dtugann na samplaí seo misneach de grúpaí éagsúla dul i mbun oibre agus fíor-shaibhreas na hÉireann a bhailiú sula ndéanfar dearmad ar fad ar a thábhacht.


Seanfhocal na Seachtaine


'Deartháir don bhréag an béal bán.'

Is minic a mbíonn an béal bán in úsáid ag polaiteoir ach ní hionann sin is a rá go bhfuil an fhírinne a inse.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland