Top Issue 1-2024

28 November 2002 Edition

Resize: A A A Print

This little piggy...

Scéalta na Muca




This week, AN DRAOI RUA takes the opportunity to relate some of the folklore and superstitions concerning the wild boar and pigs in general.


Bhí an torc riamh mar íomhá láidreachta i gcultúr na gCeiltigh ach cuireadh spéis ar leith ann i rith an gheimhridh. Is dócha go raibh a cuid feola thar a bheith tábhachtach le linn na míonna fuara.

Mar chomhartha ar chrógacht an toirc, bhíodh pictiúr de le feiceáil go minic ar chlogaid na gáiscígh agus iad i mbun troda. Chreid ár sinsear gur thug an torc tacaíocht dóibh i gcath. Chomh maith leis sin, bhí siad den bharúil go raibh tionchar éigin ag an torc le domhan na mairbh agus go raibh misneach speisialta ann nuair a bhíodh dearcáin ite aige. Ar ndóigh, ba mhinic a bhíodh Fionn Mac Cumhaill is na Fianna amuigh ag seilg agus iad sa tóir ar torc fosta.

Cuimhnítear go raibh áit ar leith ag an mhuc i mbeagnach gach aon teach go dtí le déanaí le fírinne. Bhíodh muc á choinneáil ag daoine le ramhrú sa dóigh is go mbíodh go leor feola acu. Seans maith gur mhothaigh na páistí go háirithe go raibh sé mar chuid den teaghlach go dtí go raibh sé le marú. Cinnte, thuig Flann O Brien tábhacht na muca sa teach agus é ag cur síos ar an dóigh ar éirigh le teaghlaigh deontais Gaeltachta a fháil as gach muc ag a raibh Gaeilge bhlasta bhinn.

Bhí pisreog ann gur cheart an muc a mharú le linn don ghealach a bheith ag líonadh óir bhí an tuairim ann go raibh an muc ag éirí níos raimhre sa tréimhse seo. Lá Bealtaine, ba ghnách muc a thiomáint isteach sa teach ar maidin agus an tuiscint ann go mbíodh ádh mór ar an teaghlach sin le linn an tsamhraidh. Leoga, chreideann daoine go fóill go bhfuil sé i gcumas na muca réamhfhaisnéis na haimsire a thabhairt agus é ábalta an ghaoth a fheiceáil, fiú.

Ní maith l'éinne a bheith curtha i gcomparáid le muc óir is masla millteanach a leithéid. Tá scéal béaloideasa a chuireann síos ar an dóigh a ndeachaigh bean bocht chuig teach mór áirithe ag iarraidh déirce di féin agus a clann. Ní raibh bean an tí ar dhóigh ar bith tuisceanach dá cas agus cé gur bean saibhir a bhí inti, dhiúltaigh sí pingin rua a thabhairt don bhean bhocht. Mhaslaigh an bhean saibhir agus í ag cur na cuairteoirí i gcomparáid le cráin mhuice lena cuid bainbh. D'fhág an bhean bhocht is a páistí gan a dhath a fháil ach an masla. Tharla go raibh an bean saibhir ag iompar clainne ag an am agus rugadh mac di tamall ina dhiaidh. Bhí an gasúr sláintiúil go leor ach bhí cloigeann muice aige.

Tá scéalta suimiúla taobh thiar de 'Dhíog na Muice Duibhe' a ritheann ó na Doirse taobh amuigh d'Iúr Chinn Trá i gCo. an Dúin a fhad le Béal Átha Seanaidh i dTír Chonaill. Tá scéal suimiúil a théann siar chuig tréimhse ina raibh daoine in ann sé chéadfaí a úsáid agus go raibh siad ábalta a gcorpanna a chur i gcruthanna ainmhíthe de réir mar ba mhian leo. Bhí go maith go dtí gur bhain máistir scoile mí-úsáid as an ábaltacht seo agus é mar mhadadh mhór fhíochmhar ag scanrú a chuid daltaí. Nuair a chuala na tuismitheoirí faoin mhéid a bhí déanta aige dá bpáistí réitigh siad ruaig a chur ar an mháistir scoile. Ansin, nuair a tháinig na tuismitheoirí ina dhiaidh, chuir an máistir scoile cruth mhuice dhuibhe air féin agus réab sé an talamh trasna na tíre nuair a bhí na tuismitheoirí ag cur an ruaig air. Fágadh 'Díog na Muice Duibhe' mar thoradh ar an seilg seo.

Tá scéal eile faoi 'Díog na Muice Duibhe' ná gur tógadh é ag an Chraobh Rua le linn do Chonchúr Mac Neasa a bheith i réim i gCúige Uladh le cosc a chur ar na tána.

Deirtear go raibh tairngreacht ag Colmcille i dtaobh 'Díog na Muice Duibhe' chomh maith. De réir mar a thuigimid, bhí dualgasaí éagsúla le comhlíonadh ag Gaeil sula mbeadh saoirse agus síocháin iomlán in Éirinn. Creidtear go bhfuil an chuid is mó de na dualgasaí áirithe seo curtha i gcrích cheana féin agus nach bhfuil ach an t-aon tasc amháin le comhlíonadh anois. Faraor, is é an tasc is deacra atá fágtha ag Gaeil ná an bua a bhaint amach ar an 'mhuc dhubh'. Nach iontach an rud é, áfach, go bhfuil 'Díog na Muice Duibhe' measartha congárach do theorann na sé chontae? Rud eile, nach 'muc' an leasainm a bhíonn ar dhuine de na péas ar fud na cruinne agus nach minic a chuirtear 'muc dubh' ar dhuine acu ó thuaidh?


Seanfhocal na Seachtaine


'Tháinig muc ar gach mala aige chuige.'

Is dócha go gcuirfidh an seanfhocal seo grainc ar neart léitheoirí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland