Top Issue 1-2024

16 June 2011

Resize: A A A Print

Bas mall pianmhar d’Údarás na Gaeltachta

CÉ GUR CUIREADH fáilte roimh an fhógra a rinne an tAire Stáit Dinny McGinley go gcoinneofar an Údarás na Gaeltachta agus go mbeidh cead acu Príomhfheidhmeannach a cheapadh, tá sé an-cháinteach nach ndearnadh fógra go mbeidh soláthar cuí dhá chur ar fáil dóibh le fostaíocht a chaomhnú gan trácht ar phoist nua a chruthú, mar a moladh i dtuarascáil Indecon.
B’shin an teachtaireacht ó Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh. Dúirt sé:
“Níl an Rialtas seo ach ag leanúint leis an bpolasaí a bhí ag an gceann a chuaigh rompu bás, mall pianmhar a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta muna gcuireann siad buiséad feiliúnach ar fáil dóibh lena gcuid oibre a dhéanamh.
“Thosaigh meath Údarás na Gaeltachta roinnt blianta siar, i lár an ‘boom’ nuair a thosaigh an tiar Aire Ó Cuív ag laghdú buiséad an Údaráis go mór, gach bliain.
“Níor tháinig siad as ariamh agus is léir anois go bhfuil Fine Gael agus an Lucht Oibre ag leanúint den chleachtas sin gan an maoiniú atá molta a thabhairt don eagraíocht lena gcuid dualgais a chomhlíonadh. Níl aon mhaith cumhachtaí gan buiséad.”
Bhí imní ar an Seanadóir chomh maith nach mbeidh deis feasta ag pobal na Gaeltachta daoine a roghnú le seasamh ar a son ar Bhord an Údaráis:
“Beidh an Bord anois ainmnithe ag na hÚdaráis Áitiúla agus ag an Rialtas gan glór ar bith a thabhairt don chosmhuintir.
“Gheall Fine Gael agus an Lucht Oibre roimh an olltoghchán nach mbeidís ag dul don ‘cronyism’ ach is léir leis an gcinneadh seo go bhfuil siad chomh dona leis an Rialtas a chuaigh rompu agus iad ag baint cumhacht as lámha na gnáth dhaoine ar son leas na bpáirtithe móra polaitíochta agus is droch rud é sin.
“D’fhéadfadh an toghchán a bheith rite an t-am céanna le toghchán nó reifreann éigin eile agus ní bheadh gá dul i gcostas ró-mhór leis. Níl anseo ach leithscéal ag an Aire Stáit agus ba chóir don phobal a míshástacht a léiriú dó.”
D’fháiltigh Guth na Gaeltachta go mbeidh “lánchúraimí fiontraíochta á bhfágáil faoi stiúir Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Is aitheantas é seo gur bunchloch aon phleanála teanga sa Ghaeltacht nó fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta chun go mbeidh siad ábalta fanacht sa bhaile agus a gclann a thógáil le Gaeilge.” Ar an taobh eile den scéal, áfach, níl aon chinnteacht faoi leibhéal an mhaoinithe a chuirfear ar fáil leis an ról a dhéanamh go héifeachtach nó a thugann tuairimí mhuintir na Gaeltachta fa’ dheara.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland