Top Issue 1-2024

31 October 2002 Edition

Resize: A A A Print

Nósanna Tobaic

AN DRAOI RUA discusses some of the customs that centre on one of the nation's worst habits - tobacco


Ar dtús, ba mhaith liom a rá nach bhfuil sé ar intinn agam tobac a mholadh d'éinne mar chaitheamh aimsire. Cibé ar bith, ní l'aghaidh leathanach ar chúrsaí sláinte an sliocht seo agus ní ghá do Ghael leithscéal a ghabháil as ábhar ar bith a phlé. Cé nach bhfuil tobac sa tír ach le cúpla céad bliain, níor ghlac sé i bhfad do mhuintir na tíre an drochnós a chleachtadh.

Nuair a luaitear 'nósanna tobaic' in Éirinn, is é an chéad rud a thagann chun chuimhne ná na tithe faire fadó. Ba ghnách le daoine tobac a chur ar fáil do na cuaiteoirí a bhí ag teacht chuig an teach. Ní thuigim go fóill cad chuige a raibh an oiread sin stadais ag tobac i dtithe faire - b'fhéidir go raibh siad ag iarraidh a bheith níos congaraí don mharbhán agus a bheith ina chuideachta arís ar ball.

Bhíodh frasa ar leith in úsáid a chuir síos ar chúraimí an tí nuair a bhí sochráid ar siúl. Bhíodh na gaolta is na cairde 'ag gearradh tobaic ar son an duine.'

Chreid daoine go raibh droch-ádh i gceist tobac a dhiúltiú do dhuine. Tháinig mé ar an fhrasa thíosluaite in ábhar béaloideasa a bailíodh i gCo. na Gaillimhe sna tríochaidí - beagnach seachtó bliain ó shin.

'Gail tobac ní cóir é shéanadh'. Chomh maith leis sin, ba ghnách leo 'Torm gail' a rá go minic ('Torm gail' in áit 'Tabhair dom gail').

Bhí pisreog eile aisteach i dtaobh tobaic fosta - bhuel is dócha go dtiocfadh a rá go bhfuil gach pisreog aisteach. Bhí droch-ádh i gceist le siúl amach nó isteach i dteach gan ach 'toit amháin' i seilbh duine. Seans gur chreid ár sinsear gur chóir go mbeadh a thuilleadh tobaic ag duine ar eagla go mbíodh duine eile istigh nó amuigh ag súil le 'toit' a bheith acu.

Ní dóigh liom gur féidir smaointiú ar tobac gan machnamh a dhéanamh ar na Meiriceánaigh Dúchasacha. B'iadsan a thosaigh an drochnós seo don chine daonna agus bhí meas speisialta sa tsochaí acu don phíopa go háirithe. Is minic a raibh 'píopa na síochána' le feiceáil sna scannáin ag gabháil thart ó dhuine go duine istigh i bpuball. Is dócha go raibh an tobac le caitheamh agus iad i mbun comhrá lena chéile. Ar ndóigh, is cosúil gur thaisteal an nós céanna chuig uasalaicme Shasana, --- nach maith leis na fir uasal dul chuig leabharlann an tí i ndiaidh bhéile mhór le toiteoga a chaitheamh, brandaí a ól, comhrá a dhéanamh le chéile agus na mná a fhágáil sa chistin.

Caithfidh a rá gur na fir is mó a bhíodh le feiceáil le píopaí agus creidtear gurb iad na mná a thosaigh le toitíní a chaitheamh. Bhuel, má tá ciall ag éinne ní bheadh sé/sí ag caitheamh tobaic ar chor ar bith!


Seanfhocal na Seachtaine


'Ní foláir deachúna na sláinte a dhíol.'

Ar ndóigh, caithfidh muid uilig iarracht a dhéanamh aire a thabhairt dár sláinte.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland