Top Issue 1-2024

17 October 2002 Edition

Resize: A A A Print

Bille Teanga na Nollag?

The 2002 Fianna Fáil election manifesto promised that the Bill of Rights for the Irish language would be passed. It is not, however, on the agenda of discussion for this Dáil session. Another election promise broken? Don't be surprised, says AN DRAOI RUA.




Cinnte, ní chuireann sé iontas orainn nuair a thuigimid go mbíonn polaiteoirí de shíor ag inse bréaga dúinn. Is iomaí geallúintí a thógtar dúinn le linn toghacháin agus níorbh fhada go mbíonn a mhalairt de scéal le cloisteáil agus comháireamh déanta ar na vótaí.

Leoga, chuir neart de bhunadh na sé chontae is fiche muinín i Charlie McCreevy agus é ag cur in iúl go raibh eacnamaíocht na tíre ar mhuin na muice. Tá sé tagtha chun solais go raibh cleasaíocht ar siúl ó mhí Eanáir 2002 agus pleananna reitithe ag an am ciorraithe forleathan a thabhairt i bhfeidhm. Níl ann ach an tús a deirtear linn.

De réir 'Forógra Toghchánaíochta Fianna Fáil 2002-2007', deir an páirtí céanna "Achtóimid Bille na dTeangacha Oifigiúla(Comhionannas) i 2002."

Is cuimhin linn gur foilsíodh dréacht den bhille Teanga díreach roimh an olltoghchán sna sé chontae is fiche ach dúradh ag an am nach raibh go leor ama ann leis an Acht a chur tríd an Dáil. Gheall Fianna Fáil do na Gaeil go mbeadh an Bille Teanga acu roimh Nollaig dá mbeadh muinín acu vóta a chaitheamh ar a son. Is cosúil gur chuir go leor muinín i bhFianna Fáil.

Is cuimhin linn an tAire Éamonn Ó Cuív ag tabhairt geallúintí go mbeadh an bille teanga reachtaithe roimh Nollaig. Bhí an mhéid seo le cloisteáil go soiléir uaidh in óráid uaidh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mí Aibreáin 2002.

Caithfidh a admháil, áfach, nach raibh sé ráite ag an Aire Ó Cuív cén Nollaig a bhí i gceist aige.(cé go bhfuil an bhliain 2002 le léamh ins san Fhorógra Toghchánaíochta). Nó b'fhéidir go gcreideann an t-Aire Ó Cuív go bhfuil sé féin chomh cumhachtach anois is atá Daidí na Nollag féin. Muna dtig leis na Gaeil muinín a bheith acu in Éamonn Ó Cuív agus gach focal a thagann óna bhéal a chreidbheáil, seans nach mbeidh sé sásta an bille teanga a thabhairt mar bhronntanas Nollag dóibh.

Tuigtear anois nach bhfuil an Bille Teanga ar clár reachtaíochta an rialtas don séisiún seo roimh Nollaig. Bhí an clár de 15 billí foilsithe an seachtain seo chaite.

Ar ndóigh, tá na leithscéalta á chumadh i rith an ama. Deir urlabhraí thar ceann an rialtais go bhfuil coistí nua le togadh le plé a dhéanamh ar na billí nár achtaíodh roimh bhriseadh na Dála i mí Bealtaine. Deirtear go mbeidh na coistí seo tofa chomh luath agus go mbeidh ceist an bhille le plé acu 'sar i bhfad'. Maise, deir an tAire Ó Cuív go mbeidh a oifig ag díriú go huile is go iomlán ar achtú an bhille don chuid eile den bhliain. - - Ní hionann sin is a rá go mbeidh an Bille Teanga i bhfeidhm roimh Nollaig.



Seanfhocal na Seachtaine


'Déanann gach moch a ghnó.'

Is dócha go bhfuil polaiteoirí níos tugtha do rudaí a chur ar an mhéar fhada ná iad a chur i gcrích go luath.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland