Top Issue 1-2024

10 October 2002 Edition

Resize: A A A Print

Gobán Saor

This week, AN DRAOI RUA relates some of the stories about the most famous craftsman of Irish legend, the greatest smith and builder that ever lived (the Taoiseach should have given him the contract for the Bertie Bowl).

Is é a bhí ins sa Gobán Saor ná tógálaí den scoth a mhair i bhfinscéalta an phobail. Rinneadh tagairt do Dhia fiú, i bhfilíocht an 9ú aois mar 'Gobán' as an sár-obair a bhí déanta agus an domhan á chruthú aige.

Tá coimhlint sna scéalta béaloideasa idir an phágántacht agus an Chríostaíocht. Creidtear gur dia ceilteach a bhí ann a raibh clú agus cáil air mar an t-aon fíor gabhann is tógálaí a mhair choíche. Bhí sé ina chumas taoide na farraige a choinneáil ar shiúl, rud a rinne sé i dTráigh Thuirbhe i mBaile Átha Cliath nuair a chaith sé tua i gcoinne na mara.

Mhair an t-achrann idir an Ghobán Saor agus na manaigh. Bhí mainistir áirithe á thógáil aige ach sula raibh sé críochnaithe, roghnaigh na manaigh gan an oiread sin tuarastail a thabhairt dó. Bhí an Gobán Saor ar bharr túir agus an nuacht seo a chloisteáil aige agus thosaigh sé ag caitheamh clocha an túir anuas go talamh go dtí gur réitigh na manaigh an íocaíocht iomlán a thabhairt dó. In eachtra eile, bhí an Gobán Saor curtha faoi gheasa ag an mhanach Ában sa dóigh is go raibh sé dall. Tháinig radharc na súl ar ais chuige chomh luath agus a bhí mainistir tógtha d'Ában aige. I dTiobráid Árainn bhí an Gobán Saor ag obair le scaifte eile ach níor tugadh cuireadh dó dinnéar a ithe leo ach dúradh leis cat le dá ruball a chruthú a fhad is a bhí gach duine eile ag ithe a gcuid. Tháinig siad amach agus bhí cat le dá ruball gearrtha ar chloch aige ach bhí sé féin imithe. I gceantracha eile, dúradh go raibh lámha an Gobán Saor beannaithe ag na manaigh agus gur sin an fáth a raibh bua na tógála aige.

Tá scéal clúiteach faoin Ghobán Saor fán dóigh a raibh sé féin agus a mhac ag obair do rí cumhachtach i dtír san Oirthear agus caisleán iontach á thógáil acu. Nuair a chonaic an rí go raibh an caisleán beagnach réidh, thuig sé nach raibh a leithéid le fáil in aon áit eile ar chlár na cruinne. Cheap an rí ansin gur chóir dó an Gobán Saor agus a mhac a mharú sa dóigh is nach mbeadh siad ábálta caisleán dá leithéid a thógáil do rí ar bith eile. Mhothaigh an Gobán Saor go raibh cleasaíocht de shaghas éigin ar siúl ag an rí. Bhí sé beagnach críochnaithe ag an am agus dúirt sé nach mbeadh sé ábalta an giota deireannach a chríochnú go dtí go mbeadh an uirlis 'cam is díreach' aige. Níor thug an rí cead don Ghobán pilleadh ar Éire ach chuir sé a mhac ríoga féin ar ais leis an uirlis a fháil ó bhean chéile an Ghobáin. Thaisteal mac an rí go hÉirinn agus d'aimsigh sé bean an Ghobán. D'iarr sé uirthi an t-uirlis 'cam is díreach' a thabhairt dó. Bhí tuiscint rúnda ag an bhean sa teachtaireacht seo go raibh trioblóid ann. Threoraigh sí an mac ríoga chuig cófra agus chuir sí faoi ghlas istigh nuair a bhí sé ag cuartú ann. Nuair a thuig Rí an Oirthir go raibh a mhac féin gafa, ní raibh an dara rogha aige ach scaoileadh leis an Ghobán Saor agus a mhac.

Deirtear gurb é an Gobán Saor a chruthaigh an dorú pluma sa dóigh is go mbeadh líne díreach ag tógálaithe. Lena chois sin, bhí sé ina chumas tairní a chur i ndíon tí agus é ina sheasamh ar talamh. Chaitheadh sé an tairne san aer agus an casúr ina dhiaidh, bhuaileadh an casúr an tairne isteach sa díon agus thiteadh an casúr anuas chuig a lámh.

B'é an Gobán Saor a chruthaigh an dóigh le 'bóthar a ghearradh' chomh maith, ach sin scéal eile.



Seanfhocal na Seachtaine


'Tá trí leagan ar gach amhrán agus dá leagan déag ar gach scéal.'

Ní amháin go bhfuil an mhéid thuaslauite fíor ach is iomaí leagan atá ann don seanfhocal céanna.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland