Top Issue 1-2024

3 October 2002 Edition

Resize: A A A Print

Seachtain Athchúrsála!

This being National Recycling Week, AN DRAOI RUA highlights one story of how to deal with rubbish


Seans maith nach bhfuil sé tugtha fá deara ag an oiread sin daoine ach is iad na dátaí atá leagtha síos mar 'seachtain athchúrsála' ná 30 Meán Fómhair go dtí 7 Deireadh Fómhair. Tá feachtas náisiúnta in ainm is a bheith ag dul ar aghaidh le muintir na hÉireann a spreagadh a gcuid bruscair a athchúrsáil agus a láimhseáil i gceart.

Is cosúil nár mhaith leis an rialtas seo a dhath ar bith a dhéanamh i dtaobh fadhbanna dramhaíola ach láithreáin ollmhóra a fhorbairt agus loiscneoirí a lonnadh l'ábhair éagsúla a dhó. Creideann siad gurb é seo an rogha is saoire dóibh, rud nach dtuigim. Shílfeá go mbeadh sé níos ciallmhaire scéimeanna agus monarchána athchúrsála a bhunadh le fostaíocht a chruthú.

Ní amháin nach bhfuil na féidireachtaí curtha ar fáil do phobal na tíre dramhaíl a láimhseáil mar ba chóir ach tá méadú mór tagtha ar an chaiteachas a bhaineann le bruscar. Ar an drochuair, b'fhearr le roinnt daoine táillí bailithe a sheachaint agus caitear cuid mhór bruscair ar thaobh an bhóthair, i bportaigh is déantar suíomhanna dramhaíola neamhoifigiúla ar fud na tíre.

Cé go bhfuil cuma ar an rialtas go bhfuil siad ró-leisciúil pleananna deafacha a chothú, is léir go bhfuil cuid mhaith den pobal den bharúil gur cheart dramhaíl a athchúrsáil, a scaradh agus aoileach a dhéanamh.

Tá sampla maith tugtha ag muintir Chinn Mhara i gCo na Gaillimhe ar an mhéid a dtiocfadh le pobal na tíre a dhéanamh dá mbeadh an toil cheart agus an tacaíocht ann. Tá scéim athchúrsála tosaithe acu ina bailítear ábharacha éagsúla l'athchúrsáil in ionad iad a bheith curtha chuig láithreáin dramhaíola.

Bhí cruinniú póiblí ag mhuintir Chinn Mhara le gairid agus socraíodh tús a chur leis an scéim gan mhoill. Baileofar ábharacha l'athchúrsáil uair amháin sa mhí.

Beidh muintir na háite in ann cairtchlár, nuachtáin, irisí, plaisteach agus cannaí a chur i málaí daite agus tógfar na málaí ó na tithe cónaithe. Creidtear go mbeidh fás is forbairt ar an seirbhís seo sa cheantar chomh luath agus a scaipfear an scéal.

Is comhlacht príobháideach atá taobh thiar den scéim ach is léir go bhfuil siad ag freastal ar éileamh nach dtugann an rialtas aird air. Cosnaíonn na málaí 1.27 euro ach tá siad saor i gcomparáid leis na málaí a cuirtear chuig na láithreán dramhaíola ag cúig euro. Le fírinne, is mór an trua é go gcaithfidh brath ar chomhlacht phríobháideach in áit don rialtas freagracht a ghlacadh ar an fhadhb.

Aisteach go leor, áfach, ní féidir an t-ábhar a athchúrsáil in Éirinn ar chor ar bith ach cuirtear gach rud i longa go Sasana l'athchúrsáil. Cad a dhéanfaimid feasta gan Sasanaigh! [Is cosúil go bhfuil an leigheas céanna ag Éireannaigh ar athchúrsáil is atá acu ar ginmhilleadh.]

Cibé ar bith, is dócha go dtig le gach duine foghlaim ón mhéid atá tosaithe ag muintir Chinn Mhara. B'fhéidir go mbeidh scéimeanna den saghas céanna le bunadh i ngach baile beag agus mór ar fud na tíre. Is dócha go dtiocfadh le daoine iad féin aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dramhaíola, go háirithe nuair nach dtugann an rialtas aird ar bith di.


Seanfhocal na Seachtaine


'Ní neart go cur le chéile'

Is féidir le daoine a lán rudaí a dhéanamh agus a leigheas, fiú deacrachtaí dramhaíola... má tá an toil cheart ann.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland