Top Issue 1-2024

12 September 2002 Edition

Resize: A A A Print

Bua na hIomána

Following Kilkenny's latest All-Ireland hurling triumph, AN DRAOI RUA wriites in praise of hurling and relates some of its folklore


Is dócha gur bhain formhór na tíre ard-sult as cluiche ceannais na hiománaíochta Dé Domhnaigh 8 Meán Fómhair. Is é sin, thaitin sé le gach duine seachas muintir an Chláir, ach guím comhbhrón leo is mé ag dúil go mór l'iad a fheiceáil i gcomórtas arís. Comhghairdeas, ar ndóigh, tuillte go maith ag foireann Chill Cháinnigh, bhí sárchluiche acu gan dabht.

Tuigimid uilig go bhfuil draíocht ar leith ag baint leis an iománaíocht. Tá seanchas agus stair ársa ina taobh mar a chuimnímid sna scéalta seo a leanas:

Ba cheart go mbeadh gach Gael ar an eolas fán Táin Bó Chuailgne agus fá éachtraí Chúchulainn. Cuimhnítear gur Setanta an t-ainm a bhí air agus é óg. Bhí sé faoi chúram Chonchúr Mhic Neasa, Rí Uladh, agus é ag fanacht ag Eamhain Macha ag an am.

Bhain Setanta an-taitneamh as a bheith ag iomáint. Tuigtear as an chur síos ar an chluiche nach raibh cúl in úsáid acu fadó ach poll sa talamh. Dá bhrí sin, tuigimid an gaol idir an iomáint agus an galf. Deirtear gur col ceathrar é an galf ar an iomáint. Is mór an trua, áfach, nach mbíonn a leithéid den chraobh rua le feiceáil i mbun gaiscíochta ar chúrsa gailf sa lá atá inniu ann.

Cibé ar bith, tharla go bhfuair Conchúr Mac Neasa agus roinnt d'uaisle Uladh cuireadh freastal ar fhéasta a bhí éagraithe ag an ghabhann, Culann. Ar fhágáil Eamhain Mhacha, chonaic Conchúr buachaillí ar pháirc imeartha agus iad ag iomáint. Bhí céad go leath buachaillí ar thaobh amháin den pháirc agus gasúr amháin ar an taobh eile. Setanta an gasúr a bhí ann agus é ina sheasamh ansin i gcoinne na foirne eile. D'éirigh le Setanta sliotar s'aigesean a chur isteach i bpoll na foirne eile go minic ach níor éirigh leis an fhoireann eile sliotar ar bith a chur i bpoll Setanta riamh. Bhí sliotar an duine ag an fhoireann eile agus rinne siad ionsaí arís is arís eile ar an pháirc imeartha. Chosain Setanta a pholl go cróga agus theip ar céad go leath sliotar poll s'aigesean a aimsiú in aon am.

I ndiaidh an mhéid seo a fheiceáil, réitigh Conchúr Mac Neasa ceist a chur ar Setanta teacht go dún Culainn leo. Dúirt Setanta leis gurbh fhearr leis an cluiche iomána a chríochnú ar dtús ach go mbeadh sé ina chuideachta ar ball. Lean Conchúr agus na huaisle ar aghaidh leo chuig an fhleá. Bhí rogha gach bí, togha gach dí ar fáil ag an fhéasta agus níorbh fhada go ndearna uaisle Uladh dearmad go raibh Setanta le teacht ina ndiaidh. Chuir Culann a chú fhíochmhar amach leis an dún a chosaint a fhad is go raibh an siamsaíocht ar siúl.

Nuair a bhí Setanta ag teacht a fhad le dún Chulainn, rinne an cú ollmhór ionsaí air. B'é an t-aon cosaint a bhí ag Setanta ná an sliotar a bhí ina lámh. D'éirigh leis an sliotar a chaitheadh síos scornach an chú agus an t-ionathar a bhaint as a thóin. Thit an cú marbh de phreab ar an talamh.

Mhínigh Setanta a chás do Culann nuair a tháinig na huaisle amach. Dúirt Setanta go mbeadh sé sásta dún s'aigesean a chosaint go dtí go mbeadh cú fíochmhar dá leithéid faighte arís aige. Cúchulainn an t-ainm a bhí ar an ghasúr ó shin.

Bhí ardmheas ag na síoga riamh i ngaiscíocht iomána. Creidtear nach raibh na síoga abálta dul i gcomórtas iomána lena chéile gan duine daonna páirteach nó ag féachaint ar an cluiche. Tuigimid gur minic a tógadh imreoirí den scoth chuig suíomhanna rúnda le siamsaíocht a chur ar fáil dóibh. Tháinig síoga leis na daoine daonna a sciobadh ar shiúl leo agus dualgas curtha orthu páirt a ghlacadh i gcluiche iomána. Ar ndóigh, b'iad na laochra iomána is fearr amháin a bhíodh faoi ionsaí na síoga mar seo. Bhí cuid de na laochra seo chomh hiontach sin go dtiocfadh leo na mílte a thaisteal le camán agus sliotar agus nach leagfadh an sliotar an talamh choíche. Ar aon nós, nuair a bhíodh an cluiche iomána thart ag na síoga, bhíodh an t-iománaí le fáil ina leaba féin arís. Is dócha go mbeadh a leithéid de DJ Carey go mór i mbaol as a bheith sciobtha ag síoga oíche amach anseo.

Gach seans gur tharla an cluiche síogach is clúití idir shíoga na Mumhain agus síoga Chonnachta. Bhí imreoirí daonna páirteach sa chluiche seo chomh maith: sin an fáth a bhfuil faisnéis an scéil ar eolas againn inniu. Bhuel, bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí go raibh an lámh in uachtar ag síoga Chonnachta. Ní raibh síoga na Mumhain in ann glacadh leis an scúise ar an pháirc imeartha agus rinne siad ciaróga dóibh féin agus thosaigh siad ag ithe gach rud glas os a gcomhair. Níor chuireadh cosc leis an scrios go dtí go ndearna síoga Connachta colma dóibh féin leis na ciaróga a ithe. Bhuel, rinne na ciaróga neart damáiste i gConamara go háirithe agus cuma carraigeacha ar an cheantar go fóill.



Seanfhocal na Seachtaine


'Téann focal le gaoth ach téann buille le cnámh.'

Bhuel, is dócha go dtuigeann gach imreoir iomána/camógaíochta brí an mhéid thuasluaite go ró-mhaith.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland