Top Issue 1-2024

1 August 2002 Edition

Resize: A A A Print

Éire Bocht

Following the UN Report on Human Development, the DRAOI RUA has a few comments about the disgraceful standing of Ireland as the second most unequal society in the world



Le fírinne, níor chuir an tuairisc ó na Náisiúin Aontaithe ar bhochtanas ar fud na cruinne mórán iontais orm. Deirtear linn go bhfuil lucht an rachmais ag éirí níos saibhre de réir mar atá cúrsaí ag dul in olcas do thíortha an tríú domhain.

In Éirinn, tá muintir na tíre ag éisteacht leis an bhréag leanúnach ar feadh na mblianta faoin dul chun cinn atá déanta ag an Tíogar Cheilteach. Dúradh linn arís is arís eile go raibheamar ar mhuin na muice agus nach gá d'éinne a bheith buartha. Bhí an bhréag inse chomh minic sin gur chreid formhór an phobail an méid a bhí le cloisteáil acu fá shaibhreas na tíre.

Caithfidh a admháil gur náireach iad na staitisticí a d'eisigh na Náisiúin Aontaithe i dtaobh na hÉireann. Insítear dúinn go bhfuil Éire ar an cheathrú tír is saibhre sa domhan. San am céanna, áfach, is í Éire an dara tír is measa ó thaobh an bhochtanais de. De réir an staidéir, tá sochaí thar a bheith míchothrom againn in Éirinn. Tuigtear go bhfuil an 10% is saibhre in Éirinn aon déag huaire níos fearr as ná an 10% is boichte sa tír. Mar aon leis sin, tuigtear go bhfuil 15.3% de dhaonra na tíre ag maireachtáil ar an ghannchuid is go bhfuil 23% de phobal na tíre neamhliteartha.

Caithfidh a admháil go bhfuil na fíricí seo go huafásach. Níorbh é nach bhfuil na hachmhainní ag an rialtas dul i ngleic le fadhb an bhochtanais in Éirinn ach gurbh fhearr leo neamhaird a thabhairt don fhadhb agus ligint don dream is saibhre a thuilleadh saibhris a bhailiú.

Thug an tAire Tom Kitt leithscéal ón rialtas ag rá nach bhfuil cúrsaí chomh holc agus atá léirithe sa tuairisc agus é den tuairim go bhfuil na staitisticí as dáta toisc gur chuireadh le chéile formhór na bhfigiúirí i 1998. Ar an drochuair, gach seans go mbeadh na staitisticí i bhfad níos measa i mbliana as siocair go bhfuil éiginnteacht suntasach i dtaobh cúrsaí eacnamaíochta sa tír anois agus druideadh go leor monarchana le tamall anuas.

Dúirt eagarfhocal an 'Irish Times' 24 Iúil go gcuireann an rialtas béim ar fhorbairt eacnamaíochta le dul i ngleic leis an bhochtanas. Ní leor sin a dhéanamh ar ndóigh.

Is cosúil nach bhfuil an rialtas seo sásta a admháil go bhfuil fíor-deacrachtaí ann. Leanfaidh siad ar aghaidh leis na polasaithe atá acu cé go bhfuil roinnt mhaith de phobal na tíre i gcruachás. Beidh lucht an rachmais ag éirí níos saibhre agus monarchana ilnáisiúnta ag sciobadh maoin na hÉireann leo. San am céanna, tugfar neamhaird do fhadhbanna práinneacha na mbocht agus líon na ndaoine gan dídean ag méadú, fadhbanna drugaí ag éirí níos measa, deacrachtaí millteanacha sna hotharlanna agus an córas oideachais i ndrochstaid ar fad.

Is é mo thuairim gur chóir na staitisticí thuasluaite a chur i gcomparáid leis an tuairisc i dtaobh méadú sna cásanna cóiriúla in Éirinn. De réir mar a thuigtear, tá méadú de 20% i gcóiriúlacht sa tír. Is cinnte go bhfuil dlúthbhaint ag an bhochtanas leis an chóiriúlacht. Ba chóir go mbeadh fíor-iarrachtaí a dhéanamh sochaí cothrom a chruthú in Éirinn ach is cosúil gurb é an freagra a bheas ag an rialtas ar na fadhbanna seo ná a thuilleadh gardaí a fhostú.

In ionad don rialtas a bheith ag cumadh leithscéalta éagsúla fán mhéid a tuairiscíodh sa staidéar seo ó na Náisiúin Aontaithe, ba cheart go n-aithneodh siad go bhfuil práinn le dul i ngleic le fadhb an bhochtanais is go mbeadh spreagadh acu a seacht ndícheall a dhéanamh iad a leigheas. Mo bhrón, ach ní dóigh liom gur mhaith le lucht rachmais ón rialtas a gcuid a roinnt ná cothrom na féinne a thabhairt do chách.


Seanfhocal na Seachtaine


'Ní leor do dhuine bhocht a dhícheall a dhéanamh.'

Is fíor an méid thuasluaite óir is minic a chuireann lucht an rachmais an locht ar dhaoine i gcruachás ag rá go bhfuil siad féin ciontach as a bhfadhbanna féin a chruthú.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland