Top Issue 1-2024

25 July 2002 Edition

Resize: A A A Print

Déaglán na Madaidh

This week, AN DRAOI RUA relates some of the folklore associated with Saint Déaglán/Declan and reveals why he is seen as the patron saint of dogs.



Tarlaíonn sé go dtiteann Lá Fhéile Dhéagláin ag an am seo den bhliain ar 24 Iúil. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil béaloideas iontach taobh thiar de na naoimh Éireannacha uilig agus ní eisceacht ar bith Deaglán den riail seo. Is dócha go raibh dualgas ar gach naomh a bheith chomh fíochmhar leis na laochra ba mhó sa tír le dul i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann.

Deirtear nach raibh nimhneas ar bith ná pianta dá laghad le mothú ag a mháthair nuair a rugadh Déaglán. Lena chois sin, thit a chloigeann agus bhuail sé carraig de thaisme díreach agus é ag teacht chun saoil. Rinneadh poll sa charraig de bharr seo agus úsáidtear an t-uisce fearthainne ón pholl le neart galair a leigheas go dtí an lá inniu.

Nuair a bhí Deaglán fásta suas, tháinig seachtar a fhad chuige ag inse dó go bhfuair siad teachtaireacht ó Dhia é a leanstan. Dúirt siad leis chomh maith, go bhfaca gach duine acu liathróid tine ollmhór sa spéir nuair a saolaíodh é agus go raibh siad ag fanacht go raibh sé in aois fir.

Chuaigh Deaglán lena lucht tacaíochta chun na Róimhe. Tharla go raibh siad ar an bhóthar lá agus bhuail siad le Naomh Pádraig. Chaith Deaglán tamall mhaith i mbun comhrá le Pádraig agus ba chairde móra iad ón lá sin amach - ní raibh Pádraig in Éirinn fiú ag an am seo. Cibé ar bith, rinneadh easpag de Dhéaglán sa Róimh.

Caithfidh a rá, áfach, go gcuimhnítear air mar phatrún na madaidh in Éirinn thar aon rud eile. Tuigtear go raibh sé faoi gheasa gan feoil madaidh a ithe choíche (mar a bhí Cúchulainn). Bhí an méid seo ar eolas ag Dearcán, fear saibhir a bhí ag iarraidh droch-chlú a tharraingt ar Dhéaglán sa cheantar. Thug Dearcán cuireadh do Dhéaglán teacht ar cuairt chuige l'aghaidh a chuid dinnéir oíche amháin. Thug sé feoil madaidh do Dhéaglán ag inse dó gur caoireoil a bhí ann. Sular ith sé a dhath, d'aithin Déaglán go raibh feoil madaidh ar a phláta os a chomhair. Choisric sé a phláta, d'imigh feoil an mhadaidh ar ais i dtreo na cistine, rinneadh madadh iomlán athuair dó, thosaigh sé ag rith is ag bocléimniú thart go dtí gur rith sé amach as teach ag tafann leis.


Seanfhocal na Seachtaine

'Níor ith na madraí allta a chéile riamh.'

Téann an seanfhocail seo díreach mar mhalairt ar an fhrása i mBéarla 'dog eat dog'. Mo bharúil, is é an seanfhocail thuasluaite atá fíor.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland