Top Issue 1-2024

18 July 2002 Edition

Resize: A A A Print

Bran: Dia, Rí, Taistealaí agus Madadh

AN DRAOI RUA relates a few stories told about 'Bran', a Celtic god, a King, a traveller and a dog.


Le fírinne, nuair a chluinim an t-ainm 'Bran', smaointím ar dtús fán mhadadh shíogach a bhí ag Fionn Mac Cumhaill fadó. B'iontach an madadh é gan amhras agus is iomaí madadh in Éirinn ar a dtugtar an t-ainm céanna air go fóill.

Creidtear, áfach, go raibh cumhacht ar leith ag an dia 'Bran' le linn an tréimhse seo den bhliain chomh maith agus cumhacht na gréine ag dul i laige díreach i ndiaidh grianstad an tsamhraidh. Is é an gheimhreadh tréimhse 'Bran' i ndáiríre ach cuimhnítear air i mí Iúil chomh maith.

Tharla go raibh rí sa Bhreatain Bheag darbh ainm 'Bran' fosta. Sula bhfuair sé bás, d'ordaigh sé dá lucht leanúna a chloigeann a bhaint dó agus é a chur i Londain. Insíodh dóibh a chloigeann a chur faoin fhód sa dóigh is go mbíodh a aghaidh ag breathnú i dtreo na Fraince. Dúradh nach raibh aicíd in ann teacht chun na Breataine a fhad is gur fhan a chloigeann sa chré. Mar a tharlaíonn sé, deirtear gur tógadh Túr Londain ar bharr na háite ina raibh cloigeann Brain curtha. Is é an bhrí atá leis an fhocail 'Bran' i mBreatnais ná 'préachán' nó 'fiach dubh'. Bíonn na préacháin is na fiacha dubha thart fá Túr Londain go fóill. Tá traidisiún láidir ag na Sasanaigh a deir go dtitfidh cumhacht Londain is Sasana ar fad má imíonn na préacháin is na fiacha dubha ón túr. Mar sin, gearrtar na sciatháin de na héanacha sa dóigh is nach dtig leo éalú.- Ní bheadh a fhios agat, b'fhéidir go siúlfaidh siad amach lá éigin!

Tá scéal iontach a thagann aníos chugainn darbh ainm 'Imram Brain'. Bhí 'Bran' amuigh ag siúl lá amháin nuair a chuireadh faoi gheasa na síoga le ceol draíochta agus thit ina chodladh. Bhí craobh airgid de chrann úill agus í faoi bhláth taobh leis nuair a mhúscail sé. Faoin am a thóg sé an craobh airgid ar ais chuig a dhún, bhí ceol le cloisteáil ón chraobh féin agus ansin bhí bean sí le feiceáil fosta. Chan sí amhráin ina raibh caoga véarsa agus í ag cur síos ar domhain eile osréalach(Eamhain), ag mealladh Brain agus a chairde turas a dhéanamh chuige. Chomh luath agus a bhí an t-amhrán ráite, d'imigh an bhean sí agus an chraobh draíochta as radharc.

Bhí 'Bran' faoi gheasa agus réitigh sé seachtar is fiche a thabhairt leis thar an fharraige mhór i dtreo luí na gréine. I ndiaidh dhá lá ag taisteal, bhuail siad le dia na farraige, Manannán, ag marcaíocht ina charbhad ar na tonnta. Thug sé treoracha do Bhran go hEamhain agus é ag inse dó go raibh sé féin ar a bhealach ar ais go hÉirinn. Tamall ina dhiaidh, bhí 'Oileán an Áthais' le feiceáil acu. Chonaic siad go raibh muintir an oileáin ag gáire gan stad, gan fáth. Chuaigh duine den chriú i dtír ansin agus thosaigh sé féin ag gáire láithreach agus ní raibh siad ábalta é a mhealladh ar ais chucu.

Lean 'Bran' ar aghaidh go dtí gur shroich siad 'Oileán na mBan'. Bhí rogha de gach sórt agus siamsaíocht iontach curtha ar fáil do na fir ar an oileán draíochta seo ar feadh bliana. Cé nach raibh ach bliain amháin caite acu ar an oileán, bhí na céadta bliain caite in Éirinn.

Bhí cumha ar duine den chriú, Neachtan, pilleadh abhaile agus a mhuintir a fheiceáil arís in Éirinn. Dúradh le Bran agus a lucht leanúna go raibh siad anois faoi gheasa agus nach mbeadh sé ina gcumas cos a leagadh ar thalamh na hÉireann arís go deo. Bhain siad cósta Dhún na nGall amach agus labhair siad le muintir na háite ag 'Sruith Bhrain'. Níor aithin an lucht áitiúil duine ar bith acu ach dúirt siad gur chuala siad trácht ar 'Imram Brain' sa bhéaloideas. Bhí Neachtan chomh tógtha sin go ndearna sé neamhaird den gheasa a bhí orthu agus snámh sé i dtír. Rinneadh deamhan deataigh dó chomh luath agus a leag sé cos ar thalamh na hÉireann (mar a tharla d'Oisín i ndiaidh pilleadh ó Thír na nÓg).

Réitigh 'Bran' na heachtraí ar fad a inse don phobal a bhí bailithe ansin ar an chósta. Lena chois sin, creidtear gur scríobh sé cuntas in ogham agus é sa bhád go fóill (níl barúil dá laghad agam cá fhad a ghlacfadh sé le úrscéal a bhreacadh síos ar adhmad nó ar charraigeacha!?). Cibé ar bith, agus a scéal inse agus scríofa ag Bran, d'fhág sé féin agus a lucht leanúna slán le muintir na hÉireann is níor chuala éinne trácht air arís go deo.


Seanfhocal na Seachtaine


'Is milis an rud an t-anam.'

Is cuma más anam nó ainm atá i gceist, is iontach an rud é go deo!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland