Top Issue 1-2024

11 July 2002 Edition

Resize: A A A Print

Longa Núicleacha

Contúirt an Bháis ar Bháid




As a ship carrying nuclear refuse sets off to travel halfway round the globe, AN DRAOI RUA discuss the increased risks of disaster.



Is cosúil go bhfuil contúirtí núicleacha ag méadú in ionad ag laghdú na laethanta seo. Tuigeann an domhan is a mháthair an t-uafás a dtiocfadh a tharlú, dá mbeadh an timpiste is lú i monarchan núicleach. Anois, feictear go bhfuil baol níos mó i gceist agus ábhar núicleacha le taisteal ar fud na cruinne.

Déardaoin 4 Iúil, d'fhág dhá long calafort Takahama i Seapán le dhá mhí a chaitheamh ag taisteal ar an fharraige mhór sula bhainfeadh siad ceann scríbe amach i Sasana. De réir mar a thuigimid, tá 255 cileagram de dramhaíl núicleacha ar bord acu. Tá meascán de phlutóiniam agus d'úráiniam i measc na dramhaíle seo.

Cheannaigh Kansai, comhlacht chumhacht leictreacha i Seapán, an t-ábhar núicleach áirithe seo i 1999 l'úsáid a bhaint as mar bhreosla i monarchán chumhacht núicleacha triaileacha. Tugadh faoi deara, áfach, nach raibh an t-ábhar núicleach ar chaighdeán shásúil dóibh. Ní amháin sin, ach d'admhaigh British Nuclear Fuels ar ball go raibh tuairiscí bréagacha cruthaithe acu i dtaobh chailíocht an mheascáin núicleacha. Fá dheireadh, ghlac British Nuclear Fuels leis go raibh siad freagrach as agus é mar dhualgas orthu an dramhaíl contúirteach a thabhairt ar ais. - Sin an fáth a bhfuil na longa ag taisteal anois leis an lasta uafásach ar bord.

Tá turas rúnda le glacadh ag na longa Briotanacha go gceann ocht seachtaine eile sula sroichfeadh siad Sasana. 'Pintail' an t-ainm atá ar an long atá ag iompar an t-ábhar núicleach. Cinnte, tá neart airm ar bord 'Pintail' agus tá an long míleata eile mar chuideachta aige.( bhuel, is dócha go bhfuil sé tábhachtach dóibh íomhá cosanta a chruthú thart orthu ) Le fírinne, níl mórán sonraí curtha ar fáil go poiblí i dtaobh na himeachtaí seo ar fad.

De réir mar creidimse, glacaim leis gur Sellafield ceann scríbe 'Pintail'. Is cuma liom cad a deir British Nuclear Fuels fá shábháilteacht an turais áirithe seo ach ní thiocfadh liom muinín a chur iontu choíche. Anois, tharla i bhfad barraíocht tubaistí farraige cheana féin ar fud na cruinne agus longa ag scaoileadh ola ar an fharraige mhór. Dona go leor go mbíonn ola á sceitheadh sna farraigí ach ba mhór an tubaiste é dá dtarlódh a dhath don 'Pintail'. B'fhéidir go n-éireoidh leis an babhta seo ach níl a fhios go cinnte nach mbeidh timpiste millteanach ann - am éigin. Nár dúradh linn nach dtiocfadh le Dia féin an Titanic a chur go tóin na farraige.

Níl a fhios againn, i ndáiríre, cad a dhéanfaidh British Nuclear Fuels leis an ábhar núicleach nuair a bhainfidh siad Sellafield amach. B'fhéidir go mbeidh siad in ann an t-ábhar a athchúrsáil agus airm núicleacha a dhéanamh astu fiú.

Mar aon leis sin, deir daoine eile go dtiocfadh l'ionsaí fíochmhara a dhéanamh ar longa ag iompar dramhaíle núicleacha. Is cuma cá mhéad gunnaí a bheadh ar bord acu ach ní bheadh siad riamh cead faoin chéad cinnte gurb fhéidir leo a leithéid d'ionsaí a chosaint.

Fá láthair, tá lucht agóide ar a mbealach ón Astráil agus ón Nua-Shéalainn chuig an Mhuir Tasmáine agus é ar intinn acu líne shiombalach a dhéanamh os comhair na longa contúirteacha. Le fírinne, tá i bhfad níos mó ná líne shiombalach de dhíth le cosc a chur ar longa ag iompar ábhair núicleacha ar fud na cruinne. Ba cheart go mbeadh brú ollmhór idirnáisiúnta curtha ar British Nuclear Fuels le deireadh ar fad a chur le comhlacht contúirteach s'acusan.


Seanfhocal na Seachtaine


'Bíonn an fhírinne searbh agus go háirithe ag lucht a séanta.'

Níl British Nuclear Fuels riamh sásta éisteacht leis an fhírinne in am ar bith ach iad breá sásta bréaga a chumadh leo do deo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland