Top Issue 1-2024

27 June 2002 Edition

Resize: A A A Print

Níl 2 Nice 2

There's no need for us to vote again on Nice, says AN DRAOI RUA, but if we are forced into another poll, we'll have to vote 'no' for a second time


Tá bliain caite anois ó dhiúltaigh muintir na 26 Chontae glacadh le conradh Nice. Le fírinne, is beag aird a thug Teach Laighean ar an phobal faoina chúram agus ní raibh rialtas Bertie sásta leis an daonlathas léirithe. Glacadh le toradh an reifrinn ar ghinmhilleadh ach níor ghlacadh choíche le toradh an reifrinn ar Nice.

Tá cleasaíocht millteanach ar siúl ó bhí an chéad reifreann ar Nice. Dúirt polaiteirí an eite dheas nár thuig muintir na hÉeacute;ireann cad é go díreach a bhí sa chonradh agus mhaslaigh siad daoine a bhí in éadan an chonartha ag rá go raibh siad aineolach. Rinneadh iarracht daoine a mhealladh le vóta a chaitheamh ar son Nice a rá go raibh deontasaí móra ag teacht dá bharr. Caithfidh a rá nach ndearnadh mórán iarrachta cúrsaí a mhíniú don phobal in am ar bith. Is é mo thuairim féin go raibh muintir na tíre níos tuisceanaí ná mar a chreid na polaiteoirí nuair a dhiúltaigh siad glacadh leis an mhéid a bhí sa chonradh.

Níl meas madaidh ag rialtas Theach Laighin ar ghuth na ndaoine agus é beartaithe acu an cheist ceannann céanna a chur roimh mhuintir na 26 chontae arís. De réir mar a thuigimid, beidh an dara reifreann ar an cheist seo i mí Dheireadh Fómhair nó i mí na Samhna. B'fhéidir go bhfuil cás dlí ann faoin bhunreacht nach féidir an ceist céanna a chur os comhair an phobail?

Cé gur dhiúltaigh Teach Laighean éisteacht le guth an phobail ar chonradh Nice, leanadh leis an chleasaíocht ó shin. Cuireadh Fóram ar bun le gabháil ar chamchuairt ar fud na tíre agus rinneadh a lán raic is rúille búille fá fhorógra dearbhaithe neodrachta a bhí le cruthú. Nuair a bhí Bertie i Sevilla sa Spáinn ag chruinniú mullaigh de cheannairí aontas na hEorpa seachtain ó shin, d'éirigh leis an forógra neodrachta seo a fháil. Tá gliceas i gceist anseo agus na polaiteoirí ag iarraidh dallamullóg a chur ar phobal na 26 chontae: ní fiú páipéar leithris an forógra neodrachta, níl seasamh dlíthiúil dá laghad aige agus caithfear a leithéid sa bhruscar chomh luath is atá reifreann thart.

Mar aon leis an cheist neodrachta, is é an contúirt is mó a bhaineann le conradh Nice ná go dtabharfaidh sé an cumhacht ar fad don ocht tír is mó san Eoraip. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an tOllamh Anthony Coughlan ina thaobh:

"Is é an chúis go dteastaíonn ó na tíortha móra go mbeadh Nice dearbhaithe ná go dtabharfadh sin an chumhacht dóibh na socraithe a dhéanamh sa chaoi is go mbeadh níos mó smachta acu ar an Aontas amach anseo agus ní chun ár leasa nó chun leas éinne a bheadh sé seo."

Le fírinne, níl na polaiteoirí sásta na gnéithe éagsúla a scrúdú go beacht ar son an phobail. Is cosúil go mbeidh feachtas ar son Nice lán de chleasaíocht, de bhagairtí, de rabhaidh agus d'ionsaithe ar dhaoine atá i gcoinne an chonartha.

Tá sé feicthe againn cheana féin. Dúirt Bertie i Sevilla gur 'disaster' don Eoraip dá mba rud é gur ndiúltódh pobal na 26 chontae glacadh le conradh Nice don dara uair. Lena chois sin, chuir sé 'scaremongers and whingers' ar dhuine ar bith a bhí l'argóint a dhéanamh i gcoinne Nice. Tuigimid, áfach, gurb eisean agus a lucht leanúna atá ag déanamh a ndícheall daoine a scanradh agus san am céanna ag seachaint croí na faidhbe a phlé.



Seanfhocal na Seachtaine


'Fearr dá shúil ná súil amháin'

Níl amhras ar bith ann ná gur chóir súil géar a chaitheamh ar chonradh Nice agus ar an mhéid atá le rá ag a lucht tacaíochta atá ag iarraidh an rud a bhrú orainn.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland